Romhánach 15
15
Caibidil XV
Ni fuláir don laídir a necreidimh, an anbfann do neartughadh, mar dhearnadh le Criosd.
1Ata dfiachaibh orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin. 2Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum follamnuighe. 3Oír ní hí a thoil féin do rinne Críosd; achd, do réir mar atá sgríobhtha, Do luidh imdheargadh na druinge do imdhearg thusa oramsa. 4Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr. 5Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: 6Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
7Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé. 8Agus a deirim go raibh Iósa Críosd na mhinistir an timchillghearrtha ar son fírinne Dé, chum geallamhnach na naithreach do dhainniughadh: 9Agus ionnus go molfadh na cineadhacha Día ar son a throcaire; do réir mar atá sgríobhtha, Ar a nadhbharsa aidmheocha mé thú a measg na Gcineadhach, agus do dhéuna mé ceól dod ainm. 10Agus a deir sé a rís, Déunaidh gáirdeachus, a Chineadhacha, maille ré na phobal. 11Agus a rís, Molaidh an Tighearna a uile Chineadhacha, agus a phuibleacha uile, molaidh é. 12Agus a ris a deir Esaías, Biáidh fréamh Iesse ann, agus an tí éireochas chum na Ccineadhach do sdiúradh; cuirfid na Cineadhacha a ndóthchas ann. 13Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
14Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg. 15Gidheadh fós, a bhráithreacha, do sgríobh mé chugaibh a gcáil maille ré ghé dhánachda, mar do bhéinn dá bhur gcur a gcuimhne, trés an mgrás tugadh dhamh ó Dhía, 16Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh. 17Uime sin atá adhbhar gáirdeachais agam a Niósa Críosd sna neithíbh úd ata a ttáobh Dé. 18Oír ní bhía mé daná ar éainni do labhairt nar oibridh Críosd thríom, chum úmhlachda na Gcineadhach, a mbréithir agus a ngníomh, 19Maille ré cúmhachd chómharthadh agus mhíorbhuileadh, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur chóimhlíon mé soisgéil Chríosd, ó Ierusalem, agus na timcheall go soithe Illiricum. 20Agus mar sin do choimhéignidh mé mé féin chum an tsoisgéil do sheanmórughadh, ní sa nionad ionar hainmnigheadh Críosd, deagla mobair do thogbháil damh ar fhunndameint dhuine eile: 21Achd do réir mar atá sgriobhtha, Do chifid, an dream nach bhfuáir a thuarasgbháil é: agus an drong nach ccúalaídh tuigfid síad.
22Ar a nadhbharsin fós do cuireadh toirmeasg oram go minic fá theachd chugaibhse. 23Achd a nois ó nach bhfuil ionad ní sá mhó agam sna críochuibhse, agus ro fhonn oram ré mórán bliadhann teachd chugaibhse. 24An ran thríallfus mé don Sbáinn, tiocfadh mé chugaibh: óir atá súil agum ré sibhse dfaicsin ag gabhail seacha dhíbh, agus sibhse do theachd riom dom sheóladh don nionad sin, achd go raibh mé saitheach a gcáíl da bhur gcuideachdasa. 25Achd a noise atáim ag dul go Híarusalém do dhéanamh miniosdrálachda do na náomhaibh. 26Oir do bhádar luchd Mhacedónia agus Achaia fonnmhar ar chómhruinn do dhéanamh ris na náomhaibh bochd atá a Niarusalém. 27Oir bá rothoil ríu é; agus atáid siádsan na bhféitheamhnuibh aca. Oír má roinneadh ris na Cineadhachaibh a neithe sbioradáltasan, atá dfiachaibh orrthasan mar an gcéudna miniosdrálachd do dhéanamh dhóibhsion sna neithibh bheanus ris an gcolainn. 28Uime sin ar na chríochnughadh so dhamh, agus ar gcur shéila dhamh ar an toradhsa dhóibh, géubhaidh mé ré bhur dtáobhsa don Sbainn. 29Agus as deimhin leam, ar dteachd dhamh chugaibhse, go dtiocfaidh mé maille ré beannachdadh líonmharshoisgéil Chriosd.
30Agus íarruim dathchuinghe oraibh, a dhearbhraithreacha, tré ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar son ghrádha na Spioraide, bhur ndithcheall do dhéunamh, ma ráon riom a nurnaighibh chum Dé ar mo shon; 31Chum mo sháortha ón druing atá easúmhal a dtír Iúdaighe; agus chum go mbíadh mo sheirbhís taitneamhach ag na náoimh a Níarusalém; 32Ionnus go madh héidir leam teachd chugaibhse maille ré gáirdeachus do thoil Dé, agus furtachd dfagháil dhamh má ráon ribh. 33Agus Día na siothchána maille ribh uile. Amen.
Currently Selected:
Romhánach 15: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)