YouVersion Logo
Search Icon

Romhánach 16

16
Caibidil XVI
Tar éis fáiltiughadh do mhóran, 17 chuir Pól na bfaireach íad a ttáobh dháoine connsbóideach, contrarrdha.
1Achd táobham ribh Phébe ar ndeirbhshíur, noch as searbhfhoghantuidhe don neagluis atá a Gcenchreá: 2Do chum go ngabha sibh ría sa Dtighearna, mar as cubhaidh do náomhaibh, agus cúngnamh ría an gach adhbhar iona mbía bhur riachdanus uirthe: oír tug sí áoidheachd do mhorán, agus dámhsa féin mar an gcéudna.
3Fáiltighidh do Phriscilla agus do Acuila mo luchd cúnganta a Níosa Críosd: 4(Noch do chuir a muinéul féin sios ar son manmasa: dá nach misi amháin do bheir buidheachus, achd fós eagluiseacha na Gineadhach go hiomlán). 5Agus do neagluis atá iona dtigh. Fáiltighidh do Epénetus as ionmhuin liomsa, agar ab é céudthoradh na Hachaíá a Gcríosd. 6Fáiltighidh do Mhuire, noch do rinne sáothar mhór ar dtimcheillne. 7Fáiltighidh do Andronicus agus Iúnia, mo dháoine gáoil, agus mo chumpána príosúin, noch atá oirdheirc eidir na habstalaibh, noch fós do bhí a Gcríosd rómhamsa. 8Fáiltighidh do Amplias mo dhíoghraiseach sa Dtíghearna. 9Fáiltighidh do Urbánus, ar bhfear cabhartha a Gcríosd, agus do Stachis mo dhearbhrathair ionmhuin. 10Fáiltighidh do Apelles noch atá dearbhtha a Ccríosd. Fáiltighaidh do luchd éntighe Aristoboluis. 11Fáiltighidh do Heródion mo bhrathair. Fáiltighidh do luch éntighe Narcissuis, noch atá sa Dtighearna. 12Fáiltighidh do Thriphéna agus do Thriphósa, mná sháothruigheas sa Dtighearna. Fáiltighidh do Phersis ionmhuin, noch do rinne móran sáothair sa Dtighearna. 13Fáiltighidh do Ruphus duine toghtha sa Dtighearna, agus da mhathair agus do mháthairse. 14Fáiltighidh do Asincritus, Phlegon, Hermas, Phatrobas, Hermes, agus do na dearbhraithribh atá na bhfarradh. 15Fáiltighidh do Philológus, agus do Iulias, do Nereas, agus dá dheirbhshiáir, agus do Olimpas, agus do na náomhuibh uile na bhfarradh. 16Beannaighe féin dá chéile maille ré póig náomhtha. Cuirid eagluiseacha Chríosd beatha agus sláinte chugaibh.
17Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad. 18Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré cluain croidhthe na ndáoine neamhurchóideach. 19Oir ráinic tuarasgbháil bhur númhlachdsa na huile dháoine. Ar a nadhbharsin atá gáirdeachas orum bhur dtáobhsa: gidheadh is mían riom bheith dháoibh eagnuighe a dtáoibh na maitheasa, agus neamhurchoideach a dtaobh a nuilc. 20Agus bruithfidh Día na síothchána Sátan fáoi bhur gcosaibh go haithghoird.
Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh. Amén.
21Cuiridh Timotéus mo chompánach, agus Lúcius, agus Iáson, agus Sosipater, mo dháoine gáoil, beatha agus sláinte chugaibh. 22Cuirimsi Tertius, noch do sgríobh an eipistilse, beatha agus sláinte chugaibh sa Dtighearna. 23Cuiridh Gaius mósdóir féin, agus na heagluisi uile, beatha agus sláinte chugaibh. Cuiridh Erastus procadóir na caithreach beatha agus sláinte chugaibh, agus an dearbhrathair Quartus. 24Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.
25Agus a nois don té lér féidir sibh do dhaingniughadh do réir mo shoisgeilsi, agus sheanmóra Iósa Críosd, do réir fhoillsighe na seicréide, noch do congmhadh go folaigheach ó thús an domhain, 26Achd a nois atá ar na nochdadh, agus ar na fhoillsiughadh do na huile chineadhachaibh, tré sgríoptúraibh na bhfáidheagh, do réir aithne Dé bhiothbhúain, chum úmhlachda an chreideimh: 27Don náoin Día éagnaidhe amháin, glóir go síorruidhe tré Iósa Críosd. Amén.

Currently Selected:

Romhánach 16: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in