YouVersion Logo
Search Icon

Romhánach 14

14
Caibidil XIV
Gan oilbheim thabhairt don aithearrach, ni neithibh, eidir-mheadhonach.
1Gabhaidh chugaibh an tí atá éagcruáidh sa gcreideamh, achd ní chum ímreasan diosbóireachda. 2Creididh neach gur féidir gach uile bhíadh díthe: agus ithidh neach eile, bhíos éugcruáidh, luibheanna. 3Ná tugadh an té itheas tárcuisne ar an tí nach itheann; agus ná beireadh an tí nach itheann breath ar an tí itheas: oír do ghabh Día leis. 4Cía thusa bheireas breith ar shearbhfhoghtuidhe dhuine eile? As dá Tighearna féin sheasus nó thuiteas sé. Agus coingéubhthar súas é: oír is éidir lé Día a chongmháil na sheasamh. 5Bí cion ag neach ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neach eile ar gach lá mar a chéile. Bíodh gach éunduine laindearbhtha ann a inntinn féin. 6An tí chongmhas an lá, as don Tighearna chongmhas sé é; agus an tí nach ccongmhann an lá, as don Tighearna nach ccongmhann sé é. An té itheas, as don Tighearna itheas sé óir beiridh sé buidheachus ré Día; agus an té nách itheann, as don Tighearna nach ithean sé, agus beiridh a bhuidhe ré Día. 7Oír ní dhó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do gheibh éunduine aguinn bás. 8Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn. 9Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. 10Ach créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhratháir? Óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithreach bhreitheamhnuis Chríosd. 11Oír atá sgríobhtha, Mairimse, a deir an Tighearna, agus sléachdfuidh gach uile ghlún damh, agus do dhéana gach uile theangaidh admháil do Dhía. 12Ar a nadhbharsin do bhéura gach áon dínn cunntus ar a shon féin do Dhía.
13Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair. 14Atá a fhios agum, agus is dearbh leam tré san Dtighearna Iósa, nach bhfuil éainni neamhghlan úadha féin: achd on tí mheasas éinni do bheith neamhghlan, atá sé dhó sin neamhghlan. 15Gidheadh dá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní shiubhlann tú a nois do réir ghrádha. Ná cuir ammúgha réd bhiádh, an té agá bhfuáir Chríosd bás ar a shon. 16Ar a nadhbharsin na tugaidh fá deara bhur maith do mhaslughadh: 17Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh. 18Oír gidh bé ar bith do ní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhsi atá gean ag Día air, agus is dearbhtha re dáoinibh é. 19Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile. 20Ná cuir amúgha obair Dé ar son bidh. Go deimhin atá a nuile bhiadh glan; achd teid a ndochar don tí itheas maille ré hoilbhéim. 21As indéunta gan feóil dithe, ná fíon dibhe, na éainni tré bhfuighe do dhearbhráthair tuisleadh, nó oilbhéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáidh é. 22Ata creideamh agadsa, bíodh sé agad leachd féin a bhfíadhnuise Dé. As beannaighe an ti nach damnuigheann é féin fá an ní ré dtig sé. 23Achd an tí ar a mbí amhrus dá nithidh sé atá se damanta, do bhrígh nach ó chreideamh itheas se: óir gach ní nach bhfuil ó chreideamh is peacadh é.

Currently Selected:

Romhánach 14: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in