YouVersion Logo
Search Icon

Nehemia 2

2
Caibidil II.
Taínic Nehemiah, 8 lé litreachaibh Artacsercses an rígh, 11 go Ierusalem.
1Agus tárla a mí Nisan, annsa bhfithchiodmhadh bliadhaín do Artacsercses an rígh go raibh fíon da lathair: agus do thóg misi an fíon, agus thug mé don rígh é. A nois ní bhínnsi roimhésin dubhach iona fhiadhnuisi.
2Uime sin a dubhairt an rígh riom, Créd as a bhfuil do ghnúis duilbhir, ó nach bhfuil tú tinn? ní héinní so acht doilghios croidhe. Annsin do bhí ro eagla orum,
3Agus a dubhairt mé ris an rígh, Go mairidh an rígh go bráth: cred as nach bíadh mo ghnúis dubhach, a nuáir go bhfuil an chathair, áit adhlaicthe maithreadh, fásfholumh, agus a geatadha loisge le teine?
4Annsin a dubhairt an rígh riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruidh? mar sin do ghuidh misi chum Dé neimhe.
5Agus a dubhairt mé ris an rígh, Más toil ris an rígh, agus má fuair do sherbhíseach fabhar ad radharc, go madh toil leachd misi do chur go Iúdah, go cathruigh adhlaicte maithreadh, iondus go ccuirte mé súas í.
6Agus a dubhairt an rígh riom, (an bhainríoghain fós na suidhe láimh ris), Créd é fad na haimsire bhías do thurus? agus cá huáir fhillfios tú? Marsin bá toil ris an rígh, mo chur ar siubhal; agus do rinne mé uáir chinnte ris.
7Agus ós a chíonn sin fós a dubhairt mé ris an rígh, Más toil ris an rígh é, tugthar litreacha dhamhsa chum na núachtarán táobh thall dabhuinn, misi do chur slán thairis nó go ndeachaidh mé go Iúdah;
8Agus litir go Asaph coimhéaduigh foraóise an rígh, chor go ttiubhradh sé adhmad damh dá ndéana mé postadha do gheatadhuibh an pháláis noch bheanus ris an ttigh, agus do bhalla na caithreach, agus don tigh iona racha mé a steach. Agus daontuigh an rígh dhamh, do réir láimhe mhaithe De orum.
9¶ Annsin tháinic mé gus na húachtaránuibh táobh thall dabhuinn, agus thug mé litreacha an rígh dhóibh. (Anois do chuir an rígh caiptíne don tsluágh agus marcshlúagh liom.)
10A nuáir do chúaluidh Sanballat an Horoníteach sin, agus Tobiah an searbhfhoghantuigh Ammoniteach, do ghoill sé orra go hiomarcach, go ttiucfadh duine díarruidh maitheasa chloinne Israel.
11Mar sin tháinic misi go Hierusalem, agus do bhí mé annsin trí lá.
12¶ Agus déirigh mé san noidhche, mé féin agus beagán daóine liom; agus níor innis mé déanduine cred do chuir Día ann mo chroidhe do dhéanamh ann Ierusalem: ní mó do bhí ainmhidh ar bith am fhochair, acht an tainmhidh do bhí dom iomchar.
13Agus do chúaidh mé amach san noidhche ag geata an ghleanna, eadhon as coinne thobair an draguin, agus láimh ris an bport aoiligh, agus do mheas mé balladha Ierusalem, noch do bhriseadh síos, agus a geatadha do bhí ar na losgadh re teine.
14Annsin do chúaidh mé romham go geata an tobair, agus go lochán an rígh: acht ní raibh slighe ar bith ag an mbeitheach do bhí fúm a rachadh sé thairis.
15Annsin do chuáidh mé súas annsa noidhche láimh ris an tsruthán, agus do mheas mé an balla, agus dfill mé tar mais, agus do chuáidh mé a steach a ngeata an ghleanna, agus marsin dfill mé.
16Agus ní raibh a fhios ag na húachtaránuibh cáit a ndeacha mé, nó cred do rinne mé, ní mó dinnis mé é fós do na Iúduighibh, nó do na sagartuíbh, nó do na huáislibh, nó do na ríaghlathóirighibh, nó don chuid oile do bhí ag obair.
17¶ Ann sin a dubhairt mé ríu, Do chithí a naindesi iona bhfuilmíd, mar atá Ierusalem na fásach, agus a geatadha loisge re teine: tigidh, cuiriom súas balla Ierusalem, go nach bíam níos mó fá mhíomhodh.
18Annsin dfoillsigh mé dhóibh láimh mo Dhé noch do bhí líom go maith; agus bríathra an rígh mar an ccéadná, mar do labhair sé riom. Agus a dubhradarsan, Eirghiom agus deanam a nobair súas. Marsin do neartnigheadar a lámha chum na hoibre maithesi.
19Acht a núair do chúaluidh Sanballat an Horoniteach, agus Tobiah an serbhfhoghantuigh, Ammoniteach, agus Gessem an Tarábianach, sin, do gháireadar go tarcuisneach fúinn, agus thugadar neimhchion oruinn, agus a dubhradar, Cred é an ní si do nithi? an rachfuidh a gceannairc a naghaidh an rígh?
20Annsin do fhreagair misi íad, agus a dubhairt mé ríu, Cuirfe Día neimhe, air ar naghaidh sinn; uimesin sinne a sherbhísigh éireochum, agus do dhéanam obair: acht ní bhfuil roinn, nó ceart, nó chimhniughadh aguibhsi ann Ierusalem.

Currently Selected:

Nehemia 2: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in