Nehemia 3
3
Caibidil III.
Do chuireadar súas Geatadha agus balladha na caithreach.
1An sin déirigh Eliasib an tárdsagart súas gon a dhearbhráithribh na sagairt, agus do chuireadar geata na ccáorach súas; do náomhuigheadar é, agus do chuireadar comhladha ris; ó thor Meah air fad go tor Hananeel, do náomhuigheadar é.
2Agus a ngar dó sin do rinneadar muinntir Iericho obair. Agus láimh ríu sin do rinne Saccur mhac Imri obair.
3Acht do chuireadar mic Hassenaah geata a neisc súas, noch do shuithigh a shaltacha fos, agus do chuireadar súas a dhoirse, a ghlais, agus a bharradha.
4Agus láimh riu sin do leasuigh Merimot mhac Uriah, mhic Cos. Agus láimh riú sin do leasuigh Messullam mhac Bherechiah mhic Messesabeel. Agus láimh ríu sin doibrigh Sadoc mhac Baana.
5Agus láimh ríu sin do leasuigheadar na Tecoitigh; acht níor chuireadar a nuáisle a muinéil fa obair an TIGHEARNA.
6Tuilleamh oile, do leasuigh Iehoiada mhac Paseah, agus Messullam mhac Besodeiah an seingheata; do chuireadar a shaltacha na súidhe, agus do chuireadar súas a dhoirsi, a ghlais, agus a bharradha.
7Agus na dhiáighsin do leasuidh Melatiah an Gibeoniteach, agus Iadon an Meronotiteach, muinntir Ghibeon, agus Mhispah, go cathaóir ríoghdha a núachdaráin don taóibhsi do nabhuinn.
8Láimh ris sin do leasuígh Ussiel mhac Harhaiah, do na céarduibh óir. Láimh ris sin mar an gcéadna do leasuigh Hananiah mac aóin do na poteacairibh, agus do dhaingnigheadar Ierusalem go nuige an balla leathan.
9Agus láimh ris sin do leasuigh Rephaiah mhac Hur, úachtarán leithe Ierusalem.
10Agus láimh ríu sin do leasuidh Iedaiah mhac Harumaph, eadhon thall as coinne a thighe féin. Agus láimh ris sin do leasuigh Hattus mhac Hassabniah.
11Do leasuigh Malchiiah mhac Harim, agus Hassub mhac Pahat‐Moab an píosa oile, agus tor na forn.
12Agus láimh ris sin do leasuigh Sallum, mhac Halohes, úachtarán leith choda Dierusalem, é féin, agus a ingheana.
13Do leasuigh Hanum, agus áitreabhnigh Shanoa geata an ghleanna; do chuireadar súas é, agus do shuigheadar súas a dhoirsi, a ghlais, agus a bharradha, agus míle cubhad air an mballa go nuige geata a naóiligh.
14Acht sé Malchiah mhac Réchab úachdarán coda do Bhet‐haccerem, do chuir geata a naóiligh súas, do rinne sé é, agus do chuir sé a dhoirsi súas, agus a ghlais, agus a bharradha.
15Acht sé Sallum mhac Col‐hoseh, úachdaran coda do Mhispah, do rinne geata an tobuir; do thóg sé é, agus do chuir díon air, agus do chuir a dhoirse súas, a ghlais, agus a bharrada, agus balla locháin Shiloah láimh re gáirdín an rígh, agus go nuige na staighreacha théid síos ó chathruigh Dháibhi.
16Ná dhiaigh sin Nehemiah mhac Asbuc, úachdarán leathchoda do Bhetsur, do leasuigh sé go nuige a náit thall as coinne thúama Dháibhi, agus go nuige an lochán do rinneadh, agus go tigh an chumhachduigh.
17Na dhiáigh sin do leasuigheadar na Lebhítígh, Rehum mhac Bani. Na dhiáigh sin do leasuigh Hassabiah, úachtarán leathchoda do Cheilah, ann a chuid féin.
18Na dhiáigh sin do leasuigheadar a ndearbhráithe, Babhai mhac Henadad úachdarán leathchoda Ceilah.
19Agus láimh ris do leasuigh Eser mhac Iessua, úachdarán Mispa, píosa oile thall as coinne dhula súas go tigh na narm ar chasadh an bhalla,
20Na dhiáigh sin do chúir Baruch mhac Sabbai an chuid oíle súas go dithchiollach, ó chasadh an bhalla go dorus thighe Eliassib an tárdshagart.
21Na dhiáigh sin do rinne Merimot mhac Uriiah mhic Cos píosa oile, ó dhorus thighe Eliassib air fad go héadan thighe Eliassib.
22Agus na dhiáigh sin do leasuigheadar na sagairt, muinntir an réitigh.
23Ná dhiáigh sin do leasuigh Beniamin agus Hassúb thall as coinne a ttighe féin. Na dhiáigh sin do leasuigh Asariah mhac Maaseiah mhic Ananiah láimh re na thigh féin.
24Na dhiáigh sin do leasuigh Binnui mhac Henadad píosa oile, ó thigh Asariah go casadh an bhalla, eadhon go nuige an ccoirnéul.
25 Do leasuigh Palal mhac Usai, thall as coinne chasta an bhalla, agus an tuir atá amach as coinne thighe áird an rígh, do bhí láimh ré cúirt an phríósúin. Na dhiáighsin doibrigh Pedaiah mhac Paros.
26Tuilleamh fós do áitreabhadar na Netinimigh ann Ophel, go nuige a náit thall as coinne gheata an nuisge leath shoir, agus an tuir théid amach.
27Na dhiáigh sin do leasuigheadar na Tecoitigh píosa oile, thall as coinne an tuir mhóir atá amuigh, eadhon go nuige balla Ophel.
28Do chuireadar na sagairt súas ó thimchioll gheata na neach, gach éanduine as coinne a thigh féin.
29Na dhiaighsin do chuir Sadoc mhac Immer as coinne a thighe féin súas. Na dhiáigh sin do leasuigh Semaiah mhac Secaniah, coimhéaduigh an gheata shoir.
30Na dhiáighsin do leasuigh Hananiah mac Shelemiah, agus Hanun an seiseadh mac do Shalaph, píosa oile. Na dhiáighsin do leasuigh Messullam mhac Berechiah thall as coinne a sheomra.
31Na dhiáighsin do leasuigh Malchiah mac an chéarda óir, go nuige áit na Netinimeach, agus na cceannuigheadh, thall as coinne an gheata Miphcad, agus go dul súas an choirnéil.
32Agus eidir dhul súas an choirnéil go geata na ccáorach do chuireadar na céarda óir agus na ceannuighthe súas é.
Currently Selected:
Nehemia 3: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)