YouVersion Logo
Search Icon

Nehemia 1

1
Caibidil I.
Trosgadh, 5 agus urnaigh Nehemiah a leith Ierusalem.
1Briathra Nehemiah mhac Hachaliah. Agus tárla a mí chislen, annsa bhfithchiodmhadh bliadhain, mar do bhí mé a bpálas Shúsan,
2Go ttáinic Hánani, áon dom dhearbhraithribh, é féin, agus daóine áirigh do Iúdah; agus dfíafruigh misi dhíobh do thaoibh na Níuduigheadh do chuáidh as, noch do fágbhadh do na daóirsineachaibh, agus a ttaobh Ierusalem.
3Agus a dubhradar riom, An fuighioll do fágbhadh do na braighdibh anusin ansa bprobhins atáid a mbuáidhreadh mhór agus a míochlú: do briseadh sios balladha Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeadh a geatadh le teine.
4Agus tárla, an tan do chúala misi na bríathraso, gur shuigh mé síos, agus gur ghuil mé, agus go ndéarna me doilghios laéthe áirigh, agus gur throisg mé, agus gur ghuidh mé a bhfiadhnuise Dé neimhe,
5¶ Agus a dubhairt mé, larruim dathchuinge ort, a THIGHEARNA Día neimhe, an Día mór úathbhásach, choimheadus cunnradh agus trócaire don mhéid ghrádhuighéas é, agus choimhéadas a aitheanta:
6Biodh do chlúas a nois fuireachuir, agus do shúile foscuilte, lé ccluinfe tú urnaigh do sherbhísigh, noch do ním a nois ad fhiaghnuisi, do ló agus doidhche, ar son chloinne Israel do sherbhísigh, agus ag admháil peacaidh chloinne Israel, noch do pheacuigheamar ad aghaidh: misi ar aon agus tigh mathar do pheacuigheamar.
7Do rinneamar go ro thruáillighthe ad aghaidhsi, agus níor choimhéadamar na haitheanta, náid na reachda, náid na breitheamhnuis, do aithin tú dot sherbhíseach Máoise.
8Guidhim thú, cuimhnigh, an focal do aithin tú dot sherbhíseach Maóise, gha rádh, Má chiontuidhe, sgaóilfe misi amach sibh ar feadh na ccríoch:
9Acht má fhilltighe chugam, agus maitheanta do choimhéad, agus a ndéanamh: dá mbeadh go tteilgfidhe amach cuid aguibh gus an ccuid is sía uáibh do neamh, gidheadh do bhéara misi as sin íad, agus crumneocha mé íad don náit do thogh mé do chur manma ann.
10Anois is íadso do sherbhísigh agus do phobal, noch do sháor tú le do chumhachd mhóir, agus le do láimh láidir.
11O a THIGHEARNA, guidhim thú, bíodh do chlúas a nois aireach do ghuidhe do sherohisigh, agus do ghuidhe do sherbhíseach ar a bhfuil fonn eagla hanma do bheith orra: agus soirbhigh dot sherbhiseach a niugh, iarruim dathchuinghe ort, agus déonuidh trócaire dhó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an rígh.

Currently Selected:

Nehemia 1: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in