Nehemia 10
10
Caibidil X.
Anmanna na ndaoine do dhaingnidh cunnradh re Día. 29 Brigh an chunnraidh.
1Anois dob íadso an dream do chuir an séula, Nehemiah an Tirsata, mac Hachaliah, agus Sidciiah,
2Seraiah, Asariah, Ieremiah,
3Passur, Amariah, Malchiiah,
4Hattus, Sebaniah, Malluch,
5Harim, Merimot, Obadiah,
6Daniel, Gínneton, Baruch,
7Mesullam, Abiiah, Míiamin,
8Maasiah, Bílgai, Semaiah: dob iadso na sagairt.
9Agus na Lebhítigh: aráon Iessua mhac Asaniah, Binnui do chloínn Henadad, Cadmiel;
10Agus a mbráithre, Sebaniah, Hodiah, Celita, Pelaiah, Hanan,
11Mícha, Rehob, Hassabiah,
12Saccur, Serebiah, Sebaniah,
13Hodiiah, Bani, Beninu,
14Roighne an phobail; Paros, Pahatmoab, Elam, Sattu, Bani,
15Bunni, Asgad, Bebai,
16Adoniiah, Bigbhai, Adin,
17Ater, Hisciiah, Assur,
18Hodiiah, Hassum, Besai,
19Hariph, Anatot, Nebai,
20Magpias, Mesullam, Hesir,
21Mesesabeel, Sadoc, Iadduá,
22Pelatiah, Hanan, Anaiah,
23Hosea, Hananiah, Hasub,
24Hallohes, Pileha, Sobec,
25Rehum, Hasabnah, Maaseiah;
26Agus Ahiiah, Hanan, Anan,
27Malluch, Harim, Baanah.
28¶ Agus an chuid oile don phobal, na sagairt, na Lebhítigh, na doirseóirigh, an lucht ceóil, na Netinimigh, agus a nuile dhuine dar dhealuidh íad féin as muinntir na ttiórtha chum dlighe Dé, a mná, a mic, agus a ningheana, gach áon ar bhfagháil éoluis, agus tuigsiona;
29Do cheangladar ré na ndearbhráithribh, a ndaóme uáisle, agus do chuadar fa mhallughadh, agus fa mhionnuibh, siubhal a ndlighéadh De, noch thug Maóise searbhfhoghantuigh De úadh, agus do choimhéud agus do dhéanamh a nuile aitheanta an TIGHEARNA ar Ttighearna, agus a bhreitheamhnusa, agus a reachta;
30Agus nach ttiubhraimís ar ningheana do dhaóinibh na tíre, agus nach ttiubhraidís a ningheanasan dar macaibh:
31Agus má bheirid muinntir na tíre léo earradh nó bíadh ar bith ansa tsabbóid dá reic, nach cceinneochaimaisne é annsa tsabboid, nó san ló naomhtha: agus go léigfimis an seachdmhadh bfiadhan dínn, agus coímhéigniughadh gach uile fhíach.
32Do rinneamar mar an ccéadna órduighthe dhúinn féin, an treas cuid do shecel do chur dfíachaibh oruínn féin gacha blíadhna chum serbhíse thighe ar Ndé;
33Chum a naráin taisbéanta, agus chum na hofrála gnáthuigh bídh, agus chum na hofrála gnáthuigh loisge, na sabbóideadh, na ngealach nuádh, agus chum na bhféastadh cinnte, agus chum na neitheann naomhtha, agus chum na nofráladh peacuídh do dhéanamh síothchána ar son Israel, agus chum uile oibre thighe ar Ndé.
34Agus do theilgiomar crannchar a méasg na sagart, agus na Lebhiteach, agus an phobail, a ttáobh na hofrála connaigh, dá tabhairt go tigh ar Ndé, do réir thightheadh ar naithreadh, a nam cínnte ó bhlíadhuin go blíadhuin, do loscadh ar altóir an TTIGHEARNA ar Ndía, mar atá sé scríobhtha san dligheadh:
35Agus do thabhairt céadthoruidh ar bhfearuinn, agus céadtoruidh uile thoruidh na nuile chrann, ó bhliadhuin go bliadhuin, chum tighe an TIGHEARNA:
36Mar an ccéadna cédghin ar mac, agus ar náirnéise, (mar atá scríobhtha san dligheadh), agus primidil ar nealbhadha agus ar ttréad, do thabhairt go tigh ar Ndé, chum na sagart do ni miniostralacht a ttigh ar Ndé:
37Agus go ttiubhraimís primidil ar ttaóis, agus ar nofrála, agus toradh a nuile shórt crann, dfíon agus dola, chum na sagart, go séomradhuibh thighe ar Ndé; agus deachmhadha ar bhfearuinn do na Lebhitibh, chor go bhfuighedís na Lebhitigh sin deachmhadha ann uíle chaithreachuibh ar ttreabhtha.
38Agus biáidh an sagart mac Aaroin maille ris na Lebhítibh, a núair ghlacfuid na Lebhítigh deachmhadha: agus do bhéuruid na Lébhítigh deachmhadh na ndeachmhadha súas go tighe ar Ndéne; do na séomradhuibh, go tigh an stóruis.
39Oír béaruid clann Israel agus clann Lebhi ofráil a narbha, a nfiona nuáidh, agus na hola, do na séomradhuibh, mar a bhfuilid soithighe na sanctóra, agus na sagairt mhiniostralus, agus na doirseóirigh, agus an luchd ceóil: agus ní thréigfemne tigh ar Ndé.
Currently Selected:
Nehemia 10: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)