YouVersion Logo
Search Icon

Nehemia 9

9
Caibidil IX.
Na Hiúduighe na neisiomlar aithreachuis.
1Anois annsa cheathramhadh lá fhithchiod don mhí do chruinnigheadar clann Israel do throscadh, maille re saicéaduighibh, agus cré orra.
2Agus do dhealuidh sliochd Israel íad féin ó gach uile choimhíghtheach, agus do sheasadar agus do admhadar a bpeacuigh, agus cionta a naithreach.
3Agus do sheasadar súas iona náit, agus do léigheadar a leabhar dlighe a TTIGHEARNA Día an ceathramhadh cuid don ló; agus an ceathramhadh cuid oile ag admháil, agus do adhradar a TTIGHEARNA Día.
4¶ Annsin do sheasadar súas ar staidhreadhuibh, na Lebhiteach, Iessua, agus Báni, Cadmiel, Sebahiah, Bunni, Serebiah, Báni, agus Chenani, agus do éigheadar do ghuth árd ar a TTIGHEARNA a Ndía.
5Annsin a dubhradar na Lebhitigh, Iessua, agus Cadmíel, Báni, Hasabniah, Serebiah, Hodiiah, Sebaniah, agus Petahiah, Seasuidh súas agus beannuigh bhur TIGHEARNA Día a sáoghal na saoghal: agus go madh beannuigh hainm glórmhar, noch atá ár nárdughadh ós cionn gach uile bheannuighthe agus mholta.
6Tusa, eadhon tusa amháin, as TIGHEARNA ann; is tú do rinne neamh, flaitheas na bhflaitheas, maille re na slúagh uile, an talumh, agus na huile neithebhfuil ann, na fairgeaghdha agus a nuile ní dá bhfuil ionta, agus cumhduighidh tusa íad uile, agus adhruidh sluagh nimhe thu.
7 Is tú an TIGHEARNA Día, noch do thogh Abram, agus thug amach é as Ur na Ccaildeánach, agus thug Abraham dainm air;
8Agus fúair tú a chroidhe fírinneach ad fhiaghnuise, agus do rinne tú cunnradh ris, dúithche na Ccanaaniteach, agus na Hittiteach, agus na Namoriteach, agus na Bperisiteach, agus na Iebusiteach, agus na Girgasiteach, do thabhairt dá shíol, agus do chomhuill tú do bhríathra; óir atá tú fíréanta:
9Agus do chonnairc tú pían ar naithreadh san Négipt, agus do chúala tú a néigheamh ag an muir Ruáidh;
10Agus do thaisbéin tú comharthadha agus ionganta air Pharao, agus air a mhuinntir uile, agus ar dhaóinibh a thíre uile: óir do bhí a fhíos agad go ndéarnadar go húaibhreach na naghuidh. Fúair tú marsin amm dhuit féin, mar atá a níugh.
11Agus do roinn tú a nfairge rompa, iondus go ndeachadar tré mheadhon na fairge air thalamh tirim; agus gur theilg tú luchd a bhfoileanmhana annsna haigéanuibh, amhuil chloich annsna huisgeadhuibh neartmhara.
12Tuilleamh oile do thréoruigh tú íad san ló le piléur néullamhuil; agus annsa noidhche le piléur teineadh, do thabhairt soluis dóibh annsa tslighe iona rachaidís.
13Tháinic tú a núas mar an gcéadna ar slíabh Sínai, agus do labhair tú ríu ó neamh, agus thug tú breitheamhnuis cheartha dhóibh, agus dligheadh fire, reachta agus aitheanta maithe:
14Agus dfoillsigh tú dhóibh do shábbóid náomhtha, agus dfúagair tú dhóibh aitheanta, reachda, agus dlighthe, lé láimh Mhaoise do sherbhísigh:
15Agus thug tú dhóibh arán ó neamh iona nocarus, agus thug tú uisge amach chuca as an ccarruic chum a ttarta, agus do gheall tú dhóibh go rachaidís a steach a seilbh na tíre noch do mhionnuigh tú do bhéarthá dhóibh.
16Acht do rinneadar féin agus ar naithrene go hanuáibhreach, agus do chrúadhuigheadar a muinéil, agus níor umhluigheadar dot aitheantuibhse,
17Agus do dhíultadar umhlughadh, agus ní rabhadar cuimhneach ar na hionghantuibh do rinne tusa na measc; acht do chruáidheadar a muinéil, agus iona cceannairc do órduigheadar caiptín chum iompógh dá ndaóirsine féin: acht is Día thusa réigh chum maithmheachuis, grásamhuil agus trócaireach, mall chum feirge, agus lán do chinéul, agus níor thréig tú íad.
18A nuáir fós, do rinneadar láogh leaghtha dhóibh féin, agus a dubhradar, Isé so do Dhía thug amach thú as an Négipt, agus doibrigheadar mórán brostuighthe;
19Thairis sin tusa an hiomad trócuire níor thréig tú íad ansa bhfásach: níor dhealuigh piléur an neóill ríu do ló, dha ttréorughadh annsa tslighe; nó piléur na teineadh san noidhche, do thaisbeanadh soluis dóibh, agus na sligheadh ionar chóir dhóibh dul.
20Thug tú mar an ccéadna do spiorad maith chum a tteagaisc, agus níor chonnuimh tú do mhanna ó na mbéul, agus thug tú uisge dhóibh chum a ttarta.
21Do chothuigh tú fós ceathrachad blíadhuin íad annsa bhfásach, iondus nach raibh eínní deasbhuidh orra; níor chríon a néadach, agus níor atadar a ccosa.
22Tuilleamh fós thug tú rioghachta agus cineadhacha dhoibh, agus do roinn tú íad a ccoirnéuluibh: marsin do shealbhuigheadar tír Shihon, agus dúithche rígh Hesbon, agus dúithche Og rígh Basan.
23Do fhoirlíon tú a cclann mar an ccéadna amhuil réultanna a naiéir, agus thug tú don tír íad, a ttaobh a ttug tú gealladh dhá naithribh, go rachaidís a steach dá sealbhughadh.
24Mar sin do chúadar an chlann a steach agus do shealbhuigheadar an dúithche, agus do chlaóidh tusa dhóibh áitreabhuigh na tíre, na Canaanitigh, agus thug tú iona lámhuibh íad, maille re na ríghthibh, agus re dáoinibh na tíre, go ndéindis ríu mar do thoigeóraidis féin.
25Agus do ghabhadar caithreacha daingne, agus dúithche mhéith, agus do shealbhuigheadar tighthe lán don nuile mhaóin, toibreacha tochuilte, fíneamhnacha, agus lubhghoirt ola, agus croinn thoruidh go lór: iondus gur itheadar, agus gur líonadh íad, agus gur fhásadar méith, agus gur shólásuigheadar íad féin ann do mhaitheas mórsa.
26Thairis sin do bhádar easúmhal, agus do chathuigheadar ad haghaidhsi, agus do theilgiodar do dhligheadh táobh shíar dá ndruim, agus do mharbhadar thfáighe noch do níodh fiadhnuise na naghaidh dá bfilleadh chugadsa, agus do oibrigheadar glúasachta móra.
27Uime sin do sheachuid tusa íad a láimh a námhad, noch do ghortuigh íad: agus a naimsir a naindeisi, a nuáir do éigheadar ortsa, do chúala tú ó fhlaitheas íad; agus do réir iomaid do thrócaire thug tú luchd cabhartha dhóibh, noch do sháor íad as láimh a námhad.
28Acht tar éis socamhuil dfagháil dóibh, do rinneadar a rís olc ad fhiadhnúisi: uimesin dfág tú a láimh a námhad íad, íondus go raibh úachdaranachd aca orra: ar a shonso a nuáir do fhilleadar, agus déigheadar ortsa, do chúala tú ó neamh íad; agus do sháor tú mórán duáiribh iád do réir do thrócaire;
29Agus do nítheá fiadhnuisi na naghaidh, iondus go bhféadfa a ttabhairt a ris fad dhligheadh: do rinneadar fós go huáibhreach, agus níor éisteadar red aitheantuibhse, acht do pheacuidheadúr a naghaidh do bhreitheamhnusa, (noch má ní duine, mairfidh sé ionta;) agus do tharruingeadar chuca a nguaille, agus do cruáidhigheadar a muinéil, agus nior bháill leo éisdeachd.
30Gidheadh diomchuir tusa léo ar feadh móráin blíadhan, agus dfiadhnuigh tú na naghaidh led spiorad ann thfáighibh: achd nior éisteadar: uimesin thug tú íad a láimh mhuinntire na duithche.
31Thairis sin ar son do thrócaire móire níor dhíthlaithrigh tú thríd a mach íad, níor thréig tú íad; óir is Día grasamhuil trócaireach thú.
32Anois ar a nadhbharsin ó ar Ndíane, an Día mór cumhachtach, agus úathbhásach, noch choimhlíonus cunnradh agus trócaire, na mímheastar ad lathair an buáidhreadh, noch tháinic oruinne, air ar ríoghuibh, air ar bprionnsadhuibh, agus air ar sagartuibh, agus air ar bhfáighibh, agus air ar naithribh, agus ar do phobal uile, ó aimsir rígh na Hassíria gus a niugh.
33Acht cheana atá tusa ceart ann gach ní dá ttáinic oruinn; óir do rinne tú cóir, agus do rinneamairne go ciontach:
34Agus níor chongmhadar ar ríghthe, nó ar bprionnsadha, ar sagairt, nó ar naithre, do dhligheadh, agus níor umhluigheadar dot haitheantuibh nó dot fhiaghnuisighibh, ler fhiaghnuidh tú na naghaidh.
35Oír ní dhéarnadar foghnamh dhuit ann a rioghacht, agus ar son do mhaitheasa móire thug tú dhóibh, agus a nfearuinn fhairsing mhéith do chuir tú as a ccuinne, níor fhilleadar ó na ndrochoibreachaibh.
36Féuch, atámaóid ar serbhíseachaibh a niugh, agus an fearann thug tú dar naithribh dithe a thoruidh, agus a mhaitheasa, féuch, atá maóidne ar serbhíseachaibh ann:
37Agus is mór an tarbha do bheir sé do na ríoghuibh noch do chuir tú ós ar ccionn ar son ar bpeacuidh: atá fós tighearnus aca ós cionn ar ccorp, agus ós cíonn ar náirnéise, air a ttoil féin, agus atámaóidne a namhghar mhór.
38Agus da bhrígh so uile do nímid cunnradh daingean, agus scríobhtham é; agus cuirfid ar bprionnsadha, ar Lebhítigh, agus ar sagart séula air.

Currently Selected:

Nehemia 9: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in