Nehemia 11
11
Caibidil XI.
Luchd áitiughadh Ierusalem. 20 Agus ná tíre uile.
1Agus do chomhnuigheadar úachtaráin an phobail ann Ierusalem: do chaith an chuid oile fós don phobal crannchair, do thabhairt duine as deithneamhar do chomhnuigh ann Ierusalem an chathair náomhtha, agus náoi gcuid a ccaithreachaibh oile.
2Agus do bheannuigh an pobal na daóine uíle, do thairg íad feín go humhal do chomhnuighe ann Ierusalem.
3¶ Anois is íadso rogha an phroibhinsi do rinne comhnuidh ann Ierusalem: acht a ccaithreachaibh Iudah do rinne gach áon comhnuigh iona sheilbh féin ann a ccaithreachaibh, eadhon Israel, na sagairt, agus na Lebhítigh, agus na Netinimigh, agus clann shearbhfhoghantadh Sholuimh.
4Agus do chomhnuigheadar drong áirigh do chloinn Iúdah ann Iérusalem, agus do chloinn Bheniamin. Do chloinn Iúdah; Ataiah mhac Ussiah, mhic Sechariah, mhic Amariah, mhic Sephatiah, mhic Mahalaleel, do chloinn Peres;
5Agus Maaseiah mhac Baruch, mhic Col‐hoseh, mhic Hasaiah, mhic Adaiah, mhic Ioiarib, mhic Sechariah, mhic Siloní.
6Mic Pheres uile noch do chomhnuidh ann Ierusalem do bhádar ceithre chead trí fithchid agus ochtar do dhaoinibh gaisgeamhla.
7Agus is íadso mic Bheniamin; Sallu mhac Messulam, mhic Ioed, mhic Pedaiah, mhic Colaiah, mhic Maaseiah, mhic Itiel, mhic Iesaiah.
8Agus na dhiaighsin Gabai, Sallai, naoi ccéad fithche agus ochtar.
9Agus dob é Ioel mhac Sichri do bhí ós a ccionn: agus bá hé Iudah mhac Sénua an dara ós cionn na caithreach.
10Do na sagartuibh: Iedaiah mhac Ioarib, Iachin.
11Seraiah mhac Hilciah, mhic Messullam, mhic Sadoc, mhic Meraiot, mhic Ahitub, dob úachtarán ar thigh Dé.
12Agus a ndearb ráithre noch do rinne obair an tighe do budh ocht ccéad fithche agus días íad: agus Adaiah mhac Ieroham, mhic Pelaliah, mhic Amsi, mhic Sechariah, mhic Passur, mhic Malchiah.
13Agus a dhearbhráithre, rogha na naithreadh, dhá chéud ceathrachad agus días: agus Amasai mhac Asareel, mhic Ahasai, mhic Messillemot, mhic Immer,
14Agus a ndearbhráithre, daoine árrachta a ccródhacht, céud fithche agus ochtar: agus budh é Sabdiel do bhí ós a ccionn, mac aóin do na daóinibh móra.
15Mar an ccéadna do na Lebhitibh: Semaiah mhac Hassub, mhic Asricam, mhic Hassabiah, mhic Bunni;
16Agus Sabbetai agus Iosabad, do thogha na Lebhíteach do bhí ós cionn ghnothuigheadh fhoiriomlach thíghe Dé.
17Agus Mattaniah mhac Micha, mhic Sabdi, mhic Asaph, príomhdhuine do thosughadh bheirthe buidheachuis a nguidhe: agus Bacbuciah an dara a measc a dhearbhráithreach, agus Abda mhac Sammuah, mhic Galal, mhic Iedutun.
18Na Lebhitígh uile annsá chathruigh náomhtha do bhádar dhá chéad ceithre fithchid agus ceathrar.
19Mar an ccéadna fós na doirseóirigh, Accub, Talmon, agus a ndearbhráithre noch choimhéad na geatadha, do bhádar céad seachtmhoghad agus días.
20¶ Agus an chuid óile do Israel, do na sagartuibh, agus do na Lebhítibh, do bhádar a ccaithreachaibh Iúdah uile, gach aon iona oighreacht féin.
21Acht do áitigheadar na Metinimigh ann Ophel: agus Siha, agus Gíspah do bhí ós cionn na Netinimeach.
22Agus ós cionn na Lebhíteach ann Ierusalem do bhí Ussiah mhac Bani, mhic Hassabiah, mhic Mattaniah, mhic Micha. Do mhacaibh Asaph, an lucht ceóil do bhí ós cionn ghnothuigheadh thighe Dé.
23Oír do bhí aithne an rígh dhá ttaobh, go mbeith cuid ronna áirigh re haghuidh an lucht ceóil, gach aonlá.
24Agus Petahiah mhac Messesabeel, do chlannuibh Serah mhic Iúdah, do bhí sé re láimh an rígh ann sa nuile chúis a ttaobh an phobail.
25Agus ar son na mbailteadh, gon a machairighibh, do chomhnuidh cuid do chloinn Iúdah ann Ciriat‐arba, agus iona bailtibh, agus ann Dibon, agus iona bailtibh, agus ann Iecabseel, agus iona bailtibh,
26Agus ann Iessua, agus ann Moladah, agus ann Betphelet,
27Agus ann Hasar‐Saul, agus ann Beerseba, agus iona bailtibh,
28Agus ann Siglag, agus ann Meconah, agus iona bailtibh,
29Agus ann En‐rimmon, agus ann Sareáh, agus ann Iarmut,
30Sanoah, Adullam, agus iona mbailtibh, a Lachis, agus iona machairibh sin, ann Asecah, agus iona baíltibh. Agus do áitigheadar ó Bheerseba go gleann Hinnom.
31Clann Bheniamin mar an ccéadna ó Gheba, do áitigheadar a Michmas, agus Aiiah, agus Betel, agus iona mbailtibh,
32 Agus ann Anatot, Nob, Ananiah,
33Hasor, Ramah, Gittaim,
34Hadid, Seboim, Neballat,
35Lod, agus Ono, gleann na bhfear ceirde.
36Agus do bhí roinn do na Lebhítibh ann Iúdah, agus ann Beniamin.
Currently Selected:
Nehemia 11: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)