Esra 10
10
Caibidil X.
A nseilbh aithreachus, 6 (tar eis iartas Esra) 12 do chuireadar úatha na mná choigcrighe.
1Anois an tan do ghuidh Esra, agus a núair do admhuimh sé, ag gul agus da theilgion féin ar lár a bhfiaghnuise thighe Dé, do chruinnigh chuige as Israel coimhthionól romhór fear agus ban agus leanabh: óir do chaóidheadar an pobal go ro ghéar.
2Agus do fhreagair Sechaniah mhac Iehiel, áon do mhacaibh Elam, agus a dubhairt re Hesra, Do chiontuigheamar a naghaidh ar Ndé, agus thugamar mná coigcríchthe do dhaoinibh na talmhan: gidheadh fós atá a nois dóigh ann Israel a ttaóibh an neithesi.
3Anois ar a nadhbharsin déanam cunnradh re ar Ndía, na mná uile agus an mhéid do rugadar, do chuir uáinn do réir chomhairle mo thighearna, agus na méide chriothnuighios re haithne ar Ndé, agus déantar é do réir an dlighe.
4Eirigh; óir beanaidh dhuitsi an chúisesi: bíaidh sinne ar áon leachd: bíodh meisnéach mhaith agad, agus déan.
5Annsin déirigh Esra, agus thug mionna ar na hárdshagartuibh, agus ar na Lebhítibh, agus ar Israel uile, go ndéanaidís do réir a nfocailsi. Agus thugadar a mionna ris sin.
6¶ Annsin déirigh Esra súas ó lathair thighe Dé, agus do chuáidh sé go séomra Iohanan mhic Eliasib: agus a núair tháinic sé annsin, níor ith sé aran, agus níor ibh sé uisge: óir do chaói sé ar son sháruighthe na druinge noch rugadh ar siubhal.
7Agus thugadar fúagra ar feadh Iúdah agus Ierusalem do chloinn na daóirsine uile, íad féin do chruinniughadh a ccionn a chéile a Nierusalem;
8Agus gidh bé nach ttiucfadh fá cheann thrí lá do réir chomhairle na bprionsadh agus na sinnsior, go ttoigfidh a mhaóin uile, agus go ndeileochuidh é féin as comchruinniughadh na druinge rugadh ar siubhal.
9¶ Annsin do chruinnigheadar fir Bheniamin agus Iúdah íad féin a ccionn a chéile go Hierusalem táobh a stigh do thrí lá. Do bí sin an náoimhadh mí, agus an fithchead lá don mhí; agus do shuigh an pobal úile a sráid thighe Dé, ar crith ar son na cúisesi, agus na fearthanna mhóire.
10Agus do sheas Esra an sagart suás, agus a dubhairt riú, Do pheacuigheabhair, agus thugabhair mna coimhightheacha, do mhéudughadh peacuidh Israel.
11Anois ar a nadhbharsin déanuidh faóisidin don TIGHEARNA Día bhur naithreadh, agus déanuidh a thoil: agus dealuighidh sibh féin ré muinntir na tíresi, agus ó na mhnáibh coimhightheacha.
12Ann sin do fhreagair an comhchruinniughadh uile, agus a dubhradar do ghuth árd, Mar a dubhairt tusa, is marsin do dhéanaimne.
13Acht is iomdha na daóine, agus is aimsir rodhoineanta í, agus ní fhéudmaoid seasamh amuigh, ní mó is obair láe no dhá lá so: óir is iomdha dhínn do chiontuigh san níse.
14Seasaidis anois ar núachdaráin an chomhchruinnigh uile, agus tigeadh gacha a ttug mná coimhightheacha dar ccathruigh a naimsir chinte, agus sinnsir gach aon chaithreach maille ríu, agus a mbreitheamhuin, nó go bhfilltear dibhfeirg Dé fán ccás so uáinn.
15Do cuireadh Ionatan mhac Asahel agus Iahasiah mhac Ticbhah amháin timchioll na cúisesi: agus Messullam agus Sabbetai an Lebhíteach ag cungnamh dhóibh.
16Agus do rinneadar clann na daóirsine sin. Agus Esra an sagart, maille re cuid áirigh do thogha na naithreadh, do réir thighe a naithreadh, agus do dealuigheadh uile íad, tre na nanmanna, agus do shuigheadar ar an ccéad la don deachmhadh mí, do spíonadh na cúise.
17Agus do críochnuigheadar re gach áonduine da ttug mná coimhightheacha fan ccéad lá don chéaidmhí.
18¶ Agus do fríth a measg mhac na sagart thug mná coimhightheacha: eadhon, do mhacaibh Iessua mhic Iosadac, agus dá dhearbhráithribh; Maaseiah, agus Elieser, agus Iarib, agus Gedaliah.
19Agus thugadar a lámha go ccuirfidís a mná úatha; agus íar mbeith ciontach, dofráladar reithe don tréud ar son a bpeacuidh.
20Agus do mhacaibh Immer; Hanáni, agus Sebadiah.
21Agus do mhacaibh Haarim; Maaseíah, Ehiah, agus Semaiah, agus Iehiél, agus Ussiah.
22Agus do mhacaibh Passur; Elioenai, Maaseiah, Ismael, Netaneel, Iosabad, agus Elasah.
23Mar an ccéadna do na Lebhítibh; Iosabad, agus Semei, agus Celaiah (sé sin féin Celita), Petahia, Iúdah, agus Elieser.
24Do na cantairighibh mar ann ccéadna; Eliasib: agus do na doirseóirighibh; Sallum, agus Telem, agus Uri.
25Tuilleamh fós Disrael: do mhacaibh Pares; Ramiah, agus Iesiah, agus Malchiah, agus Miamin, agus Eliasar, agus Malchiiah, agus Benaiah.
26Agus do mhacaibh Elam; Mattaniah, agus Sechariah, agus Iehiel, agus Abdi, agus Ieremot, agus Eliah.
27Agus do mhacaibh Sattu; Elioenai, Eliassib, Mattaniah, agus Ieremot, agus Sabad, agus Asisa.
28Do mhacaibh Bebai fós; Iehohanan, Hananiah, Sabbai, agus Atlai.
29Agus do mhacaibh Báni; Mesullam, Malluch, agus Adaiah, Iassub, agus Seal, agus Ramot.
30Do mhacaibh Pahat‐moab; Adna, agus Chelal, Benaiah, Maaseiah, Mattaniah, Besaleel, agus Binnui, agus Manasseh.
31Agus do mhacaibh Hárim; Elieser, Issiiah, Malchiah, Semaiah, Simeon.
32Beniamin, Malluch, Semariah.
33Do mhacuibh Hassum; Mattenai, Mattatah, Sabad, Eliphelet, Ieremai, Manasseh, agus Símei.
34Do mhacuibh Báni; Maadai, Amram, agus Uel,
35Benaiah, Bedeiah, Chelluh,
36Bhaniah, Merímot, Eliassib,
37Mattaniah, Mattenai, agus Iaasau,
38Agus Bani, agus Binnui, Simei.
39Agus Selemiah, agus Natán, agus Adaiah.
40Machnadebai, Sassai, Sarai,
41Asareel, agus Selemiah, agus Semariah.
42Sallum, Amariah, agus Ioseph.
43Do mhacaibh Nebo; Iéhiel, Mattitiah, Sábad, Sébina, Iadau, agus Ioel, Benaiah.
44Thugadar so uile mná coimhíghtheacha: agus do bhí mná ag cuid dhíobh le a raibh clann aca.
Currently Selected:
Esra 10: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)