Job 6
6
Caibidil VI.
Iob, ag aithris a amhghar, 12 agus a neímhchionta; 14 tug se fa deara ar a charuid a eaccaóine.
1Acht do fhreagair Iob, agus a dubhairt,
2Uch gan mo dhoilghios ar na chomhthromadh thríd amach, agus mo thruáighmhéile ar na chur a meadhuibh a néinfheachd!
3Oír a nois budh truime é ná gaineamh na fáirge: uimesin atáid mo bhríathra ar na slugadh súas.
4Oír atáid soighde a nuile‐chumhachduigh ionnam a stigh, ibhigh a nimhsin mo spiorad súas: cuirid criothnuighthe Dé íad féin a nórdughadh am aghuidh.
5A ndéan an tassal fíadhain seitreach a nuáir bhíos féur aige? nó an ngéimionn an damh ós ccionn a bhídh?
6An féidir an ní neamhbhlasta dithe gan salann? nó an bhfuil blas ar bith a ngealáu na huighe?
7Na neithe rer dhiúilt manum buáin atáid mar mo bhíadh dóbhrónach.
8Uch nach bhfaghuim mathchuinge; agus go ndéonuigheadh Día dhamh an ní lé a bhfuil mo shúil!
9Eadhon go madh toil lé Día mó bhásughadh; go sgaóileadh sé a lámh, agus mísi do ghearradh amach!
10Ann sin do gheabhuinn cabhair; fós, iseadh do chruáidheochuin mé féin a ndóbrón: ná coigleadh sé; óir níor chéil mé bríathra an Naóin Náomhtha.
11Cred é mo neart, as a mbiath dóthchus agum? agus cred é mo chríoch dheighionach, as a bhfaideochuinn mo bheatha?
12A né mo neart neart na ccloch? na an bhfuil mfeóil do phrás?
13Nach bhfuil mo chabhair ionnam? agus an bhfuil meagna ar na bhreith uáim go hiomlán?
14Don tí ar a mbí buáidhreadh do budh cóir da charuid a éaccaóine; acht tréigidh sé eagla a Nuile‐chumhachduigh.
15Do fríth mo dhearbhráithre go fealltach orum mar shruth, agus mar thuile srotha téighid thort;
16Noch atá dorcha do bhrígh na hoidhre, agus ann a bhfuil an sneachda a bhfolach:
17Gidh bé uáir fhásaid síad te, tiaghuid as: a nuáir bhíd té, mughaidhthear as a nait íad.
18Do hiompoigheadh casáin a sligheadh do leathtaoibh; tiaghuid a neimhní, agus éuguid.
19Dféuchadar coimhthionól Thema, do fheitheadar cuideachduigh Shéba orra.
20Do scannruigheadh íad do bhrígh go rabhadar dothchusach; thangadar don náitsin, agus do bhí náire orra.
21Oír anois ní héainni sibh; do chítí mo theilgion síos, agus atá eagla oruibh.
22A ndubhairt misi, Tabhruidh chugam? nó, Tugaidh luáidheachd ar mo shon dá bhur maoin?
23Nó, Saoruidh me o láimh na namhad? nó, Fúascluidh mé ó láimh an chumhachtuigh.
24Múinigh mé, agus coinneochuigh mé mo theanga na tochd: agus tabhruigh orum a thuigsin cáit a ndéarna mé seachrán.
25Cred é neartmhuire na mbríathar cceart! acht cred an ní imdheargus bhur naighnios?
26An saóiltí bríathra diomaithbhier, agus glórtha an té atá a néadothchus, noch atá mar ghaóith?
27Iseadh, tuitidhe air an ndíleachta, agus tochaltaoi log dá bhur ccaruid.
28Anois uímesin bíthí bhur ttochd, féuchuidh orumsa; óir is follus dibh má ním bréug.
29Fillidh, íarruím dathchuinge oruibh, ná bíodh sé na éaicceart; iseadh, fillidh a rís, a sí mfíréantachd atá ann.
30A bhfuil éaigceart ann mo theanguidh? nach aithnighionn mo charbad neithe domblasta?
Currently Selected:
Job 6: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)