Job 5
5
Caibidil V.
Gu smachtuighthear daoine maithe agus saithe.
1Goir a nois, matá duine ar bith fhreigeorus thú; agus cía aca do na náomhuibh chum a bhfillfe tú?
2Oír marbhuidh a nfearg an duine amadánta, agus marbhuidh an fuath an duine éaittréorach.
3Do chonnairc mé an téaigcríonnach ag glacadh fréimhe: ach ar ball do mhalluigh mé a aitreabh.
4Atáid a chlann a bhfad ó dhaingion, agus atáid brúite san gheata, ní mó atá aóinneach dá ttárthail.
5Oír ithionn an tocrach a fhoghmhar súas, noch bheanas sé as na droighnibh, agus sluigidh an sladmhoir súas a mhaoin.
6Matá nach ttig aindeisi amach as an luaithreadh, agus nach bhfásann búaidhreadh as an ttalumh;
7Acht cheana rugadh an duine chum buaidheartha, mar éirghid na drithleanna súas.
8Do ghuidhfinn chum Dé, agus is a leith Dé do chuirfinn mo chúis:
9Noch do ní neithe móra dóspíonta; neithe iongantacha gan áireamh:
10Noch do bhéir fearthuinn air an ttalamh, agus chuirios uisgeadha air na machairighibh:
11Do chur na druinge bhíos ísiol súas go hárd; chor go náirdeochthaoi an drung chumhthach a ndaingion.
12Toirmiosguidh sé tionnscanta na meabhlach, iondus nach bhféuduid a lámha a ttíonscanta do choimhlíonadh.
13Gabhuidh sé na heagnuidhe iona ngliocasuibh féin: agus beirthior combairle an deithneasuidh ré fánuidh.
14Teagmhuidh an dorchadas ríu a naimsir an laói, agus do níd sméarthachd san meadhon laé amhuil ann sa noidhche.
15Acht do ní dídean don bhocht air an ccloidheamh, ó na mbeul, agus ó láimh na ccumhachdach.
16Mairsin atá dóigh ag an mbocht, agus stopuidh an téaicceart a béul.
17Féuch, is beannuighe an té smachtuigheas Día; uimesin na tárcuisnighsi smachtughadh a Nuile‐chumhachtuigh.
18Oír gortuighidh sé, agus ceangluidh súas: loitigh sé, agus do níd a lámha féin slán.
19Sáorfa sé thú a sé buaidhearthaibh: fós, a seachd ní bheanfa éanolc riot.
20A ngorta fuáisgéola sé thú ó bhás: agus a ccogadh ó chumhachdaibh an chloidhimh.
21Foileochthar thú ó sciúrsa na teangtha: ní mó bhías eagla an scriosta ort a nuáir thiucfas sé.
22Fá scrios agus fá ghorta do dhéuna tú gáire: ni mó bhías eagla bheathach na talmhan ort.
23Oír biáidh tú a síothcháin re clochaibh an mhachaire: agus béid beathuigh an mhachaire síothach riot.
24Agus aitheonuidh tú go mbiáidh do thabernacuil a síothcháin; agus rachuidh tú dféuchuin do bhunaid, agus ní dhéana tú peacadh.
25Aitheonuidh tú mar an ccéadna go mbíaidh do shíol mór, agus shliochd mar fhéur na talmhan.
26Tiucfuidh tú chum huáighe a naóis iomláin, amhuil thig síog arbha a steach a nam iomchubhaidh.
27Féuch so, do spíonamar é, is marso atá; éist é, agus bíodh a fhios agad ar mhaith riot féin.
Currently Selected:
Job 5: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)