YouVersion Logo
Search Icon

Job 7

7
Caibidil VII.
Gú bhfuil anacar réidh do gach dhuine. 20 Ach do léig Iób a ghearán ré Día.
1Nach bhfuil aimsir chinnte ag an nduine air an ttalumh? nach bhfuilid a láethe fós cosmhuil re láethibh fhir túarustuil?
2Amhuil íarrus serbhíseach go díthchíollach an scáile, agus mar bhíos súil an nfir túarustail re lúach a sháothair:
3Is marsin do rinneadh misi do shealbhughadh míos díomhaóinis, agus atáid oidhcheadha tuirseacha ar na ccinneadh dhamh.
4A nuáir luighim síos, a deirim, Cé huáir éireochus mé, agus imtheochus a noidhche? agus bím lán diomluitibh a nonn agus a nall go soillsiughadh an laói.
5Atá mo chorp ar na éadughadh le peistibh agus le spairtibh luaithrigh, atá mo chroiceann briste, agus ar mbréunadh.
6Is luáithe mo laethe ná spól figheadóra, agus atáid caite gan dóthchus.
7O cuimhnigh nach bhfuil ann mo bheatha acht gaoth: ní fhaicfidh mo shúil maith ni sa mhó.
8Ní fhaicfidh súil an té do chonnairc misi ní sa mhó mé: atáid do shúilese orum, agus ní bhfuilim ann.
9 Mar imthighios an néull agus leaghas seachad: is marsin atá an té théid sios do núaigh ni thiucfa sé a níos ní sa mhó.
10Ní fhillfidh sé ní sa mhó chum a thighe, ní aithéonuidh a áit é ní sa mhó.
11Uime sin ní choisgfidh mé mó bhéul; laibhéoruidh mé a namhghar mo spioraide; gearanfa mé a searbhus manma.
12An fairge mé, nó an míol mór mé, as a ccuireann tú faire am thimchioll?
13A nuáir a deirim, Combfhuirteochuidh mo leaba mé, do bhéara mo chúil secamhal dom ghearán;
14Annsin eagluighidh tusa mé tré aislingthibh, agus criothnuighídh tú mé le fisibh:
15Iondus go ttoghann manum tachtadh, agus bás tar mo bheatha.
16Fúathuighim é; níor bháill liom marthuinn a ccomhnuidhe: léig dhámh féin; óir is diomhaóineas mo láethibh.
17Cred é an duine, as a ndéantá a mhéudughadh? agus as a ccuirfeá do chroidhe air?
18Agus as a ttiucfa dá fhéuchuin gach aon mhaidin, agus go ndeirbheochthá é gach áou mhóiment?
19Cá fad bhías tú gan dealughadh riom, nó nach léigfidh tú dhamh go sluige mé síos mo sheile?
20Do pheacidh mé; cred do dhéana mé riot, ó a dhidionóir na ndaóine? cred fár shuighidh tú misi mar chomhartha ad aghaidh, iondus go bhfuilim am mhuiridhin dhamh féin?
21Agus cred fá nach maitheann tú mo pheacadh, agus méaicceart do chur ar ccúl? óir coideoluidh mé a nois annsa luáithreadh; agus íarrfa tusa mé ar maidin, acht ní bhía mé.

Currently Selected:

Job 7: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in