YouVersion Logo
Search Icon

Job 4

4
Caibidil IV.
Do agair Eliphas, míofhoighid ar Iób, 7 agus peacadh fuathmhur.
1Ansin do fhreagair Eliphas an Temaníteach, agus a dubhairt,
2 chuirmíd romhuinn comhradh do dhéanamh riot, an mbiaidh doilghios ort? acht cía fheadus é féin do chongmháil ó labhairt?
3Féuch, do theagaisg tú féin mórán, agus do neartuigh tú na lamha laga.
4Do chongmhadar do bhríathra súas an té do bhí ag tuitim, agus do neartuigh tú na glúine fanna.
5Acht a nois tháinic sé ort féin agus do theid tú a nanbhfainne; do bhean sé riot, agus ata tú buaidheartha.
6Nach í so heagla, do dhóthchus, do dhóigh, agus fíréuntachd do shlightheach?
7Cuimhnigh, íarruim dathchuinge ort, eía sgriosadh a ríamh, ar mbeith neamhchíonntach? nó cáit ar gearradh a mach an fíréun?
8Do réir mar do chonnairc misi, an drong threabhus éaicceart, agus chuirios olc, beanaid an ní céadna.
9Le sideadh Dé imthighid síad, agus le hanáil a pholláireadh marbhthar íad.
10Núaill an leomhuin, agus guth an leomhuin dhiscir, agus fíacla an leomhan óg, bristear íad.
11Téid an seinleomhan a mugha do dhíth creiche, agus a táid cuiléin an leomhuin churata sgartha ó cheile.
12Anois tugadh ní go foluightheach chugamsa, agus do ghabh mo chlúas beagan de.
13A smuaintighthibh ó fhisibh na hoidhche, a nuáir thuitios codhladh trom ar dhaóinibh,
14Tháinic eagla orum, agus crith, noch do chuir mo chnámha uile ar crith.
15Anusin do ghabh spiorad thorum ar maghuidh; do sheas grúag mo chuirp súas:
16Dfan sé na sheasamh, achd níor bhféidir liomsa a fhoirm daithniughadh: do bhí íomháigh as coinne mo shúl, do bhí tochd ann, agus do chúala mé guth gha rádh,
17An mbía duine marbhthach ní as ceirte ná Día? an mbiáidh duine ní as fíorghlaine ná a chruthuigheóir?
18Féuch, ní chuireann sé táobha ar bith iona sheirbhiseachuibh; agus cuiridh sé léimhe a leith a aingiol:
19Cá mhéad ní sa lúgha annsa droing áitreabhas a ttighthibh críadh, agá bhfuil a mbunáit annsa luaithreadh, noch bhrúightear roimhe an míol críon?
20Atáid ar na scrios ó mhaidin go nóin: agus imthighid go bráth gan neach dá ccronughadh.
21Nach imthigheann seachad an toirdhearcus atá ionnta? éaguid, fós gan eagna.

Currently Selected:

Job 4: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in