Job 32
32
Caibidil XXXII.
Aithfir ghéur Elihu do Iób agus da thriúr carad.
1Marsin dó choisceadar an tríur so do fhreagra Iób, do bhrígh go raibh sé ionnruic iona shúilibh féin.
2Ann sin do hadhnadh fearg Elihu mhic Barachel an Busiteach, do chineul Ram: a naghaidh Iób do hadhnadh a fhearg, do bhrígh gur fhíréunuigh sé é féin tar Dhía.
3Mar an ccéadna a naghaidh a thríar carad do hadnadh a fhearg, do bhrígh nach bhfúaradar freagra air bith, agus thairis sin gur dhamnuigheadar Iób.
4Anois do bhí Elihu ag feithiomh nó go labhradh Iób, do bhrígh gur shine íadsan ná é.
5A nuáir do chonnairc Elihu nach raibh freagra ar bith a mbéul an trírsi, ann sin do hadhnadh a fhearg.
6Agus do fhreagair Elihú mhac Barrachel an Busíteach, agus a dubhairt, Atáimsi óg, agus sibhse ro shean; uime sin do bhí mé ro eaglach, agus níor léig a neagla dhamh mo bharamhuil dfoillsiughadh dhaóibh.
7A dubhairt mé, Go laibheoraídís láethe, agus go múinfidís iomad bliadhan eagna.
8Acht atá spiorad san duine: agus do bheir ánal a Nuilechumhachtuigh tuigse dhóibh.
9Ní bhíd na daóine móra a gcomhnuidhe críonna: ní mo thuigid na seanóirigh breitheamhnus.
10Uimesin a dubhairt mé, Eistigh riomsa; taisbéanfuidh mé mínntinn féin.
11Féuchaidh, dfan mé ré bhur mbriathruibhse; thug mé clúas da bhur réasúnaibh, an feadh do spíonabhair cred adéaradh sibh.
12Do fheith mé fós oruibh, agus féuch, ní raibh áon agaibh do chlaói Iób, ná thug freagra air a bhríathraibh:
13Deagla go naibeoradh sibh, Fuaramairne amach eagna, Día theilgios síos é, ní duine.
14Anois níor dhírigh sé a bhríathra am aghaidhsi: ní mo fhreigéorus misi é lé bhur mbríathraibhsi.
15Do bhádar ar criothnughadh, níor fhreagradar ní sa mhó: do sguireadar do labhairt.
16A nuáir do fheith mé, (óir níor labhradarsan, agus do thosadar, agus níor fhreagradar ni sa mhó;)
17 A dubhairt misi, Freagoruidh mé fós mo chuid féin, taisbeanfa mé mo bharamhuil mar an gcéadna.
18Oír atáim lán do bhríathruibh, coimhéignigh an spiorad atá a stigh ionnam mé.
19Féuch, atá mo bholg amhuíl fíon ag nach bi gáothaire; atá se réidh chum briste amhuil buideala núadha.
20Laibhéora mé, iondus go bhfuighe mé fionnfhuaradh: foisgéola mé mo bhéul agus freagora mé.
21Ná ghabhuim chugam, íarruim dathchuinge ort, pearsa áonduine, narab mó bhéarus mé gairm spleadhach do dhuine.
22Oír ní fheidir mé tioduil spleadhacha do thabhairt uáim; dá ndéanuinn sin is géarr do bhiadh mo chruthaightheóir dom bhreith ás.
Currently Selected:
Job 32: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)