Job 33
33
Caibidil XXXIII.
Tagra Elihú ré Iób arson a rodhóchais. 14 Agus a dfhurail se air, aithreachus do dhénamh.
1Uime sin, a Iób, íarruim dathchuinge ort, éist rem chomhráidhtesi, agus cluin mo bhríathra uile.
2Féuch, anois dfoscuil mé mo bhéul, do labhair mo theanga ann mo charbad.
3Laibheoruid mo bhríathra mintinn dhíreach: agus mo bhéul éolus go glan.
4Spiorad Dé do rinne mé, agus anál a Nuilechumhachduigh thug anum ionnam.
5Mas éidir leachd mo fhreagra, cuir do bhríathra a nórdugh as mo choinne, seas súas.
6Féuch, atáim do réir híarratais a náit Dé: atáim fós ar mo chumadh amach as an criáidh.
7Féuch, ní dhéana múathbhas thusa eaglach, ní mó bhías mo lámh trom ort.
8Go deimhin do labhair tú ann méisteachd, agus do chuala mé guth do bhriathar, gha rádh,
9Atáim glan gan choir, atáim nemhchiontach; ní mó atá éaicceart ionnam.
10Féuch, do gheibh seision cúisionna am aghaidh, do mheas sé mar a námhuid mé.
11Cuiridh sé mo chosa annsa cheap, comharthuigh sé mo chasain uile.
12Féuch, annso ní bhfuil tú ceart: freigéora misi thú, gur mó Día ná duine.
13Cred as a seasann tusa na aghaidh? óir ní thugann sé cunntus a náonchúis dá chúisibh.
14Oír labhruidh Día aonuáir, fós fá dhó, achd ní thabhair duine dá aire é.
15A naisling, a bhfis na hoidhche, a nuáir thuitios codhladh trom ar dhaóinibh, a néullfartuigh air an leabuidh;
16Ann sin foscluidh sé clúasa na ndaóine, agus séaluidh sé a tteagasg,
17Chor go ttairreonguidh sé duine ó na thríall, agus go bhfoileochadh sé úabhar ar dhuine.
18Congmhaidh sé a anum ar ais ón pholl, agus a bheatha ó thuitim leis an ccloidheamh.
19Smachduighthear fos lé péin air a leabuidh é, agus iomad a chnámh le péin láidir:
20Iondus go bhfúathuighionn a bheatha arán, agus a anum bíadh deaghbhlasta.
21Cnaóitear a fheóil de, nach bí sí re faicsin; agus a chnámha nach bhfacus seasuid amach.
22Tairringidh a anum a bhfogus do nuáigh, agus a bheatha do na millteoiribh.
23Má bhíonn teachdaire na fhochair, fear friotuil, áon a measc míle, do thaisbeanadh a cheart do dhuine:
24Annsin tá sé grásamhuil dó, agus a deir sé, Sáor é ar dhul síos annsa pholl: fuáir misi fúasgladh as.
25Biáidh a fheoil ní is úire na feóil leinibh: fillfidh sé ar láethibh a ógántachda:
26Guidhfidh sé Día, agus bía fadhbhrach dhó: agus dó chífidh sé a ghnúis maille re gáirdeachus: óir cúiteochuidh sé ris an nduine a ionnracus.
27Féuchuidh sé ar na daóinibh, agus má deir áonduine, Do pheacuidh mé, agus do chuir mé an ceart ar ccúl, agus ní dhéarna tarbha dhamh;
28Sáorfuidh sé a anum ar dhul annsa pholl, agus do chífidh a anum an solus.
29Féuch, oibrighidh Día na neithesi uile go minic ris an nduine,
30Do thabhairt a anma ar ais ón pholl, do thabhairt soluis dó lé soillse na mbéo.
31Tabhair aire go maith, ó a Iób, éist riomsa: bí ad thochd, agus laibhéora misi.
32Má atá éainní agad ré a rádh, freagair misi: labhair, óir is mían liom do ghlanadh.
33Mun a bhfuil, éist riomsa; bí ad thochd, agus múinfidh misi eagna dhuit.
Currently Selected:
Job 33: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)