Job 31
31
Caibidil XXXI.
Iób, direach cogcuasach a niomdha dleasdanas.
1Do rinne mé eachd rem shúilibh; uimesin cred fá smuáinteochuinn ar mhaighdin?
2Oír cred an roinn ó Dhía atá ó a núas? agus cred a noighreachd don Nuile chumhachdach ón náit áird?
3Nach bhfuil scrios a ndán don drochdhuine? agus pionús iongantach do lucht oibrighthe a néigceirt?
4Nach bhfaiceann seision mo shlighthesi, agus nach áirmhionn mo choiscéime uile?
5Má shiubhail mé lé díomhaóineas, nó má dheifrigh mo chos chum ceilge;
6Toimhseadh sé mé a meadhaibh comhthrom, as go naithnigh Día mo chóir.
7Má dfill mo choiscéim as an tslighe, agus gur ghluáis mo chroidhe lem shúilibh, agus má lean cáidhe ar bith dom lámhuibh;
8 Ann sin déanuimsi cur, agus itheadh neach oile é; tocholtar fós mo shliochd as a bhfréimh.
9Má mealladh mo chroidhe le mnaói, nó má chuir mé luidheachán a ndorus mo chomharsan;
10 Annsin meiliodh mo bhean do neach oile, agus cromaidís daóine oile síos uirre.
11Oír is coir ghránna so, fós, is éaigceart é re smachdughádh do na breitheamhnuibh.
12Oír is teine sin loisgios chum scriosta, agus dó thochladh amach mo bhiseach uile.
13Má tharcuisnigh mé cúis móglaich nó mo bhanóglaich, a núair do chrionchanadar riom;
14Cred oile do dhéanuinn a nuáir déireochadh Día súas? agus a núair dféuchfadh sé, cred fhreagoruinn dó?
15Nach é an té do rinne misi annsa mbroínn do rinne eision? agus nach áon do chum sinn annsa mbroinn?
16Ma chonnuimh mé na boicht ó na toil, nó má thug mé ar shúil na baintreabhuigh failligh;
17Nó má dith mé mo ghreim liom féin am áonar, agus nár ithiodar na dílleachduigh dhe;
18(Oír óm óige do bhí sé gha thabhairt suas am fhochair, amhuil agá athair, agus do thréoruigh mé ise ó bhroinn mo mhathar;)
19Dá bhfaicinn áonduine ag dul a mugha do dhíth éaduigh, nó bochd ar bith gan fholach;
20Mun ar bheannuigheadar a leasrach mé, agus mun ar téigheadh é lé lomradh mo cháorach;
21Má thóg mé mo lámh súas a naghaidh an dilleachda, a nuáir do chonnairc mé mo chungnamh annsa gheata:
22 Annsin tuiteadh mo rígh ó chlar mo ghúalann, agus bristear mo lámh as a cnáimh.
23Oír dob uáthbhás damhsa dioghaltas ó Dhía, agus do bhrígh a áirde níor fhéud mé a fhulang.
24Má chuir mé mo dhóigh a nór, nó má dubhairt mé ris a nór fhíneulta, Is tú mo dhóthchus;
25Má lúathgháir mé do bhrígh gur mhór mo shaidhbhrios, agus do bhrígh go bhfuáir mo lámh mórán;
26Má dféuch mé air an ngréin a nuáir do dhéalruigh sí, nó air an ugealaidh ag glúasachd a soillse;
27Agus gur bhrostuigheadh mo chroidhe ós ísiol, nó gur phóg mo bhéul mo lámh:
28 Dob éigceart so mar an gcéadna ré dhioghailt don bhreithiomh: óir do shéanfuinn an Día atá shúas.
29Má gháirdigh mé ar son millte an té ler bhfúath mé, nó má thóg mé me féin súas a nuáir tháinic olc chuige:
30(Ní mó do léig dom bhéul peacughadh ag órdughadh mallacht da anum.)
31Muna ndubhradar muinntir mo thighe, Uch gan aguinne dá fheóil! ní fhéadmaoid bheith sáitheach.
32Níor luigh an coimhightheach annsa tsráid: nar fhosguil misi mo dhoirse do noidhe.
33Má dfoluigh mé mo sháruighthe mar Adhamh, ag ceilt mo pheacuidh ann mo bhrollach:
34An raibh eagla orum roimhe iomad mór daoine, nó nar úamhnuigh tarcuisne muinntear mé, as a ráibh mé am thochd, agus nach deachuidh mé amach as an dorus?
35Uch nach bhfreagrann áon mé! féuch, sí mo thoil, go bhfreagradh an Tuilechumhachtach mé, agus go scríobhadh meascara leabhar.
36Go deimhin do ghlacfuinn ar mo ghúaluinn é, agus do cheingeoluinn díom é mar choróin.
37Dfoillseochuinn dó uibhir mo choiscéime; mar phrionnsa do rachuinn a ngarr dhó.
38Má chomhaircionn mo dhúithche am aghaidh, nó fós go nguilfid a hetrighe;
39Má dith mé a toradh sin gan airgiod, nó má thug mé ar a sealbhuidhibh a mbeatha do chaill:
40Fásadh fóghbhannáin a náít chruithneachdá, agus cogal a náit éorna. Do críochnuigheadh bríathra Iób.
Currently Selected:
Job 31: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)