YouVersion Logo
Search Icon

Job 30

30
Caibidil XXX.
Iób a ninmhe uirisle.
1Acht anois an drong is óige ná misi atáid ag magadh orum, noch ar tharcuisneach leam a naithre do shuighiughadh a bhfochair madradha mo thréuda.
2Cred cheana, dá bhfoigheanadh neart a lámh dhamh, noch iona ndeachuidh a naóis fhoirfe a mugha?
3Tre riachdanus agus ghorta do bhádar uáigneach; ag teithiomh fan bhfásach sa naimsir do chuáidh thort uáigneach fásamhuil.
4Noch do ghearradh a níos milmheacáin láimh ris na cráobhnibh, agus fréumha iuniper mar bhíadh.
5Do díbreadh amach íad ó bheith a measc daoine, (do éigheadar na ndiáigh amhuil a ndiáigh gaduigh;)
6Chum áitreabhadh a scealpuibh na ngleann, a núamhuibh talmhan, agus annsa cairgibh.
7A measc na ndosán do sgréachadar; fá na neanntóguibh do chruinnigheadar a bhfochair a chéile.
8 Do bhádar na ccloinn amadán, fós, na ccloinn daoine gan ainm ar bith: do budh measa íad ná an chriáidh.
9Agus a nois is misi is abhrán dóibh, is mé a bhfocal magaidh.
10Dfuathuigheadar mé, teithid síad a bhfad uáim, ní choiglid gabháil do sheilighibh am éudan.
11Do bhrígh gur scaóil sé mo shlabhradh, agus gur bhuáidhir sé mé, do léigeadar fós an srían scaóilte romham.
12Eirghid na hógánuigh dom láimh dheis; sraóilid síad mo chosa uáim, agus tógbhuid súas am aghaidh slighthe a naidhmhillte féin.
13Millid síad mo chasán, cuirid síad maíndeise air a haghaidh, gan cuidightheach ar bith aca.
14Tangadar orum amhuil briseadh a steach foirleathan: annsa dólás thangadar ar muin a chéile orum.
15Do hiompóigheadh úathbhás orum: do níd tóruigheachd air manum mar an ngaóith: agus imthighidh mo shólás uáim mar néull.
16Agus a nois atá manam ar na dhórtadh amach orum; do ghlacadar láethe a namhghair greim dhíom.
17Atáid mo chnámha ar na ttolladh ionuam a naimsir na hoidhche: agus ni ghlacuid mféitheach suáimhneas.
18Le méid chumhachd measláinte atá méadach ar na áthrughadh: ceangluidh sé timchioll mé mar choiléur mo chóta.
19Do theilg sé mé san laithigh, ionnus gur cosmhuil mé re púdar agus re luáith.
20Eighim chugadsa, agus ní chluin tú mé: seasuim súas, agus ní bhíon beann agad orum.
21Tháinic tú go fíochmbar chugam: led láimh láidir chuireas tú thú féin am aghaidh.
22Tógbhuidh tú súas mé chum na gaóithe; do bheir tú orum marcuigheachd do dhéanamh uirre, agus scaólidh tú ó chéile mo shubstaint.
23Oir atá a fhios agam go mbéura tú chum báis mé, gus ann tteach do cinneadh do nuile bhéo.
24Acht cheana ní shínfidh sé a lámh amach chum na huáighe, matá go ccomhaircfid síad iona léirscrios.
25A neadh nach ar chaóin misi ar son an té do bhí a mbuáidhreadh? nach raibh manum doilghiosach ar son an bhoicht?
26A nuáir do bhí súil agam re maith, is ann tháinic olc chugam: agus a nuáir do bhí mé ag féithiomh re solus, is ansin tháinic dorchadas.
27Do fhiuchadar minnighe, agus níor shuáimhnigheadar: thangadar láethe mamhgair romham.
28Dimthigh mé ag gearán gan an ghrían: do sheas mé súas, agus do éigh mé annsa noireachdus.
29Is dearbhrathair do dhragúnuibh mé, agus compánach do ullchabhchánuibh.
30Atá mo chroiceann dubh orum, agus do loisgeadh mo chnámha lé teas.
31 Do hiompoígheadh mo chlairseach mar an gcéadna a ndóbhrón, agus morgán a nguth na druinge ghuilios.

Currently Selected:

Job 30: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in