Job 29
29
Caibidil XXIX.
Iób a ninmhe oirdheirc.
1Tuilleamh fós do lean Iób air a shamhlughadh, agus a dubhairt,
2Uch gan mé mar do bhádhus ansna míosuibh do chuáidh thorum, amhuil na láethe ar dhídin Día mé;
3A nuair do dhéalruidh a choinneal ar mo cheann, agus a nuáir do shiubhail mé thríd an dorchadas le na sholus;
4Mar do bhí mé a láethibh móige, a nuáir do bhí secréid Dé ar mo pháilliún;
5A nuáir do bhí an Tuilechumhachdach fós maille riom, a nuáir do bhádar mo chlann am thimchioll;
6A nuáir do nigh mé mo choiscéime le him, agus do dhóirt an charrac amach srotha ola dhamh;
7A nuáir do chuáidh mé amach chum an gheata thríd an ccathruigh, a nuáir do ghléusuinn mo shuidheachan annsa tsráid!
8Do chídís na daóine óga mé, agus dfolchaidis íad féin: agus do éirgheadh an társuidh, agus do sheasadh súas.
9Do chuirdís na prionnsadha srían re na ccaint, agus do chuirdís a lámh ar a mbéul.
10Do éisdidís na huáisle, agus do bhíodh a tteanga ceangailte ann a ccarbad.
11A nuáir do chluineadh an chlúas mé, annsin do beannuigheadh sí mé; agus a nuair do chífiodh an tsúil mé, do chuireadh sí fiadhnuisi liom:
12Do bhrígh go sáoruinn an bocht do éigheadh, agus an dílleachda, agus an té nach biodh áon aige do thárthochadh é.
13Do thigeadh beannachd an té do bhí réidh chum báis orum: agus do thógbhuinn croidhe na baintreabhuigh chum abhrán do gabháil lé lúathgháir.
14Do chuir mé ionnracus orum, agus déuduigh sé mé: do bhí mo bhreitheamhnus amhail róba agus diadem.
15Do bhí mé am shúilibh ag an ndall, agus do budh cosa don bhacach mé.
16 Do bhí mé am athair ag an mbochd: agus do spíonuinn amach an chúis nach bíodh a fhios agam.
17Agus do bhrisinn gíall an drochdhuine, agus do tharruinginn a néadáil as a fhíacluibh.
18Annsin a dubhairt mé, Do gheabha mé bás ann mo nead, agus méideóchuidh mé mo láethe amhuil gaineamh.
19 Do leathnuigheadh mo fhréamh amach láimh ris na huisceadhuibh, agus do luidh an drúcht air feadh na hoidhche air mo bheangán.
20 Do bhí mo ghlóir úr ionnam, agus do hathnuáigheadh mo bhogha ann mo láimh.
21Do bheirdís daóine éisteacht damh, agus do fheithedis orum, agus do nídís rún air mo chomhairle.
22Tar éis mo bhriathar ní labhraidís a rís; agus do shileadh mo ghlor orra.
23Do bhídís ag súil riom mar do bheidís air fhearthuinn, agus dfosclaidís a mbéul go fairsing amhail a ccoinne na fearthanna deighionuigh.
24 Dá mbéin ag gáiridhe fútha, ní chreidfidís mé; agus níor theilgeadar síos solus mo ghnúise.
25Do thogh mé amach a slighe, agus do shuigh mé mar cheannfort, agus do comhnuigh mé mar rígh annsa tslúagh, mar áon chobhruighios na dóbrónuigh.
Currently Selected:
Job 29: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)