Job 28
28
Caibidil XXVIII.
Gur iomlan tuigse Dé a neithibh nádurdha.
1Is deimhin go bhfuil míanach ag a nairgiod, agus áit ag a nór mar a leaghaid síad é.
2Beantar íarann as an ttalamh, agus leaghthar prás as an chloich.
3Cinnidh duine críoch don dorchadus, agus spíonuidh amach a nuile iomláine: clocha an dorchadais, agus scáile an bháis.
4Brisidh an tuile amach ó náitreabhach; eadhon na huisceadha dearmuidthear ón chois: do tiormuigheadh súas íad, do imthigheadar ó na daóinibh.
5 Ar son na talmhan, is as thig an tarán: agus faói sin iompoighthear súas mar do bhíath teine.
6 Isíad a chlocha áit na Saphir: agus bí luáithreadh óir ann.
7 Atá casán nach bhfuil a fhios ag áon ar bith, agus nach bhfacuidh súil a nfiáich:
8Níor shaltradar coiléin an leomhaín air, nior ghabh an leomhan borb láimh ris.
9Cuirigh sé a lámh amach air an ccarruic; iompoighidh bun ós cionn na sléibhte as a bhfréumhuibh.
10Gearruidh sé aibhne amach a measc na ccarrac; agus do chí a shúil gach éinní mórluáigh.
11Ceangluidh sé na haibhne gan tuiliughadh thairis; agus an ni bhíos a bhfolach do bheir sé amach é chum soluis.
12Acht cáit a bhfaghthar críonnachd? agus cáit a bhfuil ionad na tuigsiona?
13Ní bhfuil fios a luáigh sin ag duine; agus ní módogheibhthear a ccrích na mbéo í.
14A deir an taigéan, Ní bhfuil sí ionnamsa: agus a deir a nfairge, Ní bhfuil sí am fhochairsi.
15Ní héidir a fagháil ar ór, ní mó thoimheostar aírgiod ar son a luácha.
16Ní héidir a meas lé hór Ophir, leis an óinics mórluáigh, nó leis an saphir.
17Ní fhéadan an tór nó an críostal a comhmóradh: agus ní bhía a malairt ar shéuduibh dór fhínealta.
18Ní tiucfuighthear thar críobhél, nó thar phéarluibh: óir atá lúach na crionnachda ós cionn na ccloch mbúadha.
19Ní coimhmeas ré Topas na Hetiope í, ní mó comhthromar í le hór fíorghlan.
20Cáit maiseadh as a ttig an chríonnacht? agus cáit a bhfuil ionad na tuigsiona?
21O thárla a bhfolach í ar shúilibh a nuile béo, agus ar na congmháil a bhfolach ó eunuibh a naiéir.
22A deir an taidhmilleadh agus an bás, Do chúalamar a túarusgbháil sin lé ar gclúasuibh.
23Tuigidh Día a slighe sin, agus atá fios a háite aige.
24Oír féuchuidh sé go hímlibh an domhuin, agus do chí sé fáoi neamh go hiomlán;
25Do dhéanamh an chomhthruim do na gáothaibh; agus comhthromuigh sé na huisceadha le miosúr
26A nuáir do rinne sé órdughadh do nfearthuinn, agus slighe do theinntigh na tóirnighe:
27Ann sin do chonnairc sé í, agus dfoillsigh sé í; dullmhuigh sé í, do spíon sé fós amach í.
28Agus a dubhairt sé ris an nduine, Amhairc, eagla an TIGHEARNA, sí sin an chríonnacht; agus olc do sheachna is tuigsi sin.
Currently Selected:
Job 28: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)