YouVersion Logo
Search Icon

Job 27

27
Caibidil XXVII.
Ní ionann mar éirgheas do na saoithibh agus do na daoíthibh fa dheóigh.
1Tuilleamh oile, do bhúanaigh Iób iona eisiomláir, agus a dubhairt,
2 Mar mhairios Día, noch rug leis mo bhreitheamhnus; agus an Tuilechumhachdach, noch do bhuáidhir manum;
3An feadh bhías manál ionnamsa, agus bhías spiorad Dé ann mo pholláiribh;
4Ní laibheoruidh mo bhéul urchóid, ní mó chanfas mo theanga mealltóireachd.
5Nár léigidh Día go ndéanuinn sibhsi ceart: no go néugim ní áthrochuidh mé miomláine uáim.
6Congmhuim mionnracus go daingion, agus ní léigfiod uáim é: ní mhaisleochuidh mo chroidhe an fad bhías mé béo.
7Bíódh mo námhuid mar an drochdhuine, agus an té éirghios súas am aghaidh mar an cciontach.
8Oír cred é dóthchus a nfúarchráibhthigh, matá gur tharbhaidh sé ní, a nuáir bheirios Día a anum leis?
9A néistfidh Día a chomhairc an tan thiucfas buaidhreadh air?
10An ccuirfe sé a dhúil ann sa Nuilechumhchdach? an ngoirfidh sé a ccomhnuighe air Dhía?
11Múinfidh misi sibh maille re láimh Dé: an ní atá ag a Nuilechumhachtach, ní cheiliomsa é?
12Féuchuidh, do chonncabhair féin uile é; maiseadh cred as a bhfuiltí marso díomhaoin go huilidhe?
13 Así so cuid ronna an drochdhuine ag Día, agus oighreachd luchd a nfoiréigin, noch do gheabhuid síad ó Nuilechumhachdach.
14Má bhíonn an chlann ar líonadh, is fa choinne an chloidhimh: agus ní sháiseochthar a shiolradh le harán.
15An drong mhairfios úadha adhlaicthar annsa bhás íad: agus ní ghuilfid a bhaintreabhacha.
16Bíodh go gcrúachfadh sé súas airgiod mar an luáithreadh, agus go ngléusfadh sé éadach mar an lathuigh;
17Is féidir go ngléasfadh seision é, acht sé an tionnruic chuirfios uime é, agus an nemhchiontach roinnfios an tairgiod.
18Cuiridh sé a thigh súas mar mhíol chríonn, agus mar an mboith do ní an táodhaire.
19Luigfidh an duine saibhhir síos, acht ní chruinneochthair é: foscluidh sé a shúile, agus ní bhfuil sé ann.
20Glacaidh critheagal greim air amhuil uisceadha, gadaidh stoirim as é annsa noidhche.
21Beiridh án gháoth a noir lé é, agus imthighidh sé: agus amhuil anfa tiománuigh as a áit é.
22Oír caithfidh Día air, agus ní choigeoluidh sé é: budh mían leis teítheamh as a láimh.
23Buáilfid daóine a mbasa fa chéile uime, agus sgigfid amach as a áit é.

Currently Selected:

Job 27: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in