YouVersion Logo
Search Icon

Job 23

23
Caibidil XXIII.
Is rogha lé Iob a chúis do chur a lathair De, no abfiadhnaise daoine.
1Annsin do fhreagair Iób agus a dubhairt,
2A niugh cheana is searbh mo ghearán: is truime mo bhuille ná mosnagh.
3Uch gan a fhios agam cáit a bhfuighinn eision! chor go bhféadfuinn teacht go nuige a chathaóir!
4Do chuirfinn síos mo chúis dá lathair, agus do líonfuinn mo bhéul lé haighnios.
5Do bheith fios na mbriathar agam do fhregeoradh sé dhamh, agus do thuigfinn cred a déaradh sé riom.
6An ttaigeóruidh sé am aghaidh lé na chumhachd mór? Ní headh; acht do chuirfeadh sé neart ionnam.
7Annsin do fhéadfadh an firéun aighnios ris; marsin do bhéinnsi sáor go bráth óm bhreithiomh.
8Féuch, teighim ar maghaidh, acht ní bhfuil seision ann; agus ar mo chúl, achd ní mhothuighim é:
9Ar an láimh chlé, mar a noibrighionn sé, acht ní fhéaduim a fhaicsin: folchuidh sé é féin air an láimh dheis, iondus nach bhfaicim é:
10Acht atá fios na sligheadh a ngabhuim aige: a nuáir dheirbheochus sé mé, tiucfaidh mé amach amhail ór.
11Do chonnuimh mo chos a choiscéime, do chonnuimh mé a shlighe, agus níor chláon mé.
12Ní mó do chorruigh mé ó aitheantuibh a bhéil; do budh mór mo mheas ar bhríathuibh a bhéil ní is mó ná mo ríachdanus bídh.
13Acht atá seision déain inntinn, agus cía fhéudas a fhilleadh? agus gídh bé ar bith is toil le na anam, sé siu féin do ní sé.
14Oír coimhlíonuidh seision an ní do hórduigheadh dhamhsa: agus átáid mórán do na neithibhsin aigesion.
15Ar a nadhbharsin atáimsi ar mo bhuáidhreadh na fhiadhnuisi: a nuáir mheasuim, bím eaglach roimhe.
16Oír do ní Día mo chroidhe bog, agus buáidhrigh an Tuilechumhachdach mé.
17Do bhrígh nar gearradh amach mé roimhe an dorchadas, ní mó do fholuigh sé an dórchadas óm ghnúis.

Currently Selected:

Job 23: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in