YouVersion Logo
Search Icon

Job 24

24
Caibidil XXIV.
Gu bhfúilid súile De aireach ar slighe luchd an uilc.
1Cred uime, ó nach bhfuilid na haimseara air ceilt ó a Nuilechumhachdach, nach bhfaicid an drong darab aithnid é a láethe?
2Athruighid dream comharthadha a nfearuinn; beirid tréuda ar éigin léo, agus ithid cuid díobh.
3Tiománuid rompa asal na ndilleachdadh, glacaid damh na baintreabhuigh mar gheall.
4Iompoighid an ríachdanach as a tslighe: folchuid boichd na talmhan íad féin a bhfochair a chéile.
5Féuch, mar assaluibh fiadhta annsa díothramh, téid síad amach chum a noibre; ag éirghe go moch chum creiche: do bheir an fasach beatha dhóibh féin agus dá ccloinn.
6Beanuidh gach aon aca a arbhar annsa mhachaire: agus cruinnighid fíneamhuin an drochdhuine.
7Do bheirid ar an tárnochd luighe gan éadach, go nach folach aca annsa bhfúachd.
8Bíd fliuch ó cheathaibh na slíabh, agus glacuid chuca an charraic duireasbhuidh fascuigh.
9Tairngid síad an dílleachda ón chích, agus beirid geall ón bhocht.
10Do bheirid air imtheacht lomnachd gan éadughadh, agus beirid ann phunnann ón nocrach;
11 Noch do ní ola táobh a stigh dá mballadhuibh, agus bhruidhios a bhfíneamhuin, agus fhuilingios tart.
12Bíd daóine ag osnadhuigh táobh amuich don chathruigh, agus éighidh anum an chréuchtuigh ós aird: thairís sin ní chuirionn Día leimhe na leith.
13Atáid so don druing chathuighios a naghaidh an tsoluis; ní bhfuil fios a sligheadh aca, ní fhanuid ann a chasánuibh.
14An fealltach ag éirghe leis an tsolus marbhuidh sé an bocht agus an tí air a mbíonn riachdanus, agus ann sa noidhche bídh mar ghaduidh.
15Bí súil a nadhaltrannuigh mar an gcéadna ag feithiomh ris an maidin, ghá rádh, Ní fhaicfidh áonsúil me: agus folchuigh sé a ghnúis.
16Annsa dorchadus tochluid síad tré thighthibh, noch do chomharthuigheadar dhóibh féin san ló: ni aithnighid an solus.
17Oír an mhaidion dóibhsion amhail scáile an bháis: má aithnighionn áonduine íad, bíd a ccreathuibh scáile an bháis.
18Lúath é mar na huisceadhuibh; is malluigh a chuid ronna ar an ttalamh: ní amhairceann sé slighthe na bhfíneamhnach.
19Fúaduighidh tiormach agus teas na huisceadha sneachda: mar sin do ní a nuáigh ris an ndroing do pheacuigheas.
20Dearmodfuigh an bhru é; beathochuidh an phéist go milis air; ní cuimhneochthar ní sa mhó é; agus stíallfuighthear an tolc mar chrann.
21Bí sé go holc ris an díosc nach beirionn: agus ní dhéanann maith don bhaintreabhuigh.
22Táirngidh sé mar an gcéadna an cumhachdach le na neart: éirghidh sé súas, agus ní bhía aóinneach daingionn as a mharthuinn.
23 Bíodh gur tugadh dhó bheith a ndaingean, ar a mbí a shuáimhneas; thairis sin bíd a shúile ar a slighthibhsion.
24Tógthar súas íad ar feadh tamuill, acht ní bhuilid ann agus beirthior síos íad; beirthior as a tslighe íad mar a nuile dhuine oile, agus géarrthar amach íad mar cheannuibh déus arbha.
25Agus mun budh mairsin atá anois, cía dhéanas misi bréagach, agus dhéanas mo ghlór beagluáich.

Currently Selected:

Job 24: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in