Job 22
22
Caibidil XXII.
Nach bhfuil ionnracas an duine, tarbhach do Dhía.
1Ann sin do fhreagair Eliphas an Temanniteach, agus a dubhairt,
2An bhféadann duine bheith tarbhach do Dhía, martá an té atá críonna do fhéadfadh bheith críonna dhó féin?
3An bhfuil sólás ar bith do Nuile chumhachtach, thusa do bheith ionnruic? nó an tarbha dhó, thusa do dhéanamh do shlightheach iomlán?
4An ttiubhra sé aithbhior dhuit mar eagla romhad? an rachuidh sé a mbreitheamhnus riot?
5A neadh nach mór héaicceart? agus nach bhfuilid do choirthe dóichríochnuighthe?
6Oír do ghlac tú geall ód dhearbhrathair gan adhbhar, agus do tharruing tú a néaduighe don tárrnocht.
7Ní thug tú uisge re ól don duine churtha, agus do connuimh tú arán ó nocrach.
8Acht ar son an duine chumhachduigh, do bhí an talumh aige; agus do áitreabh an duine onórach ann.
9Do chuir tú baintreabhacha uáit folamh, agus do bhádar rightheacha na ndílleacht briste.
10Uimesin atáid paintéir fá ccuáirt ad thimchioll, agus eagla obann ag cur bhuaidheartha ort;
11Nó dorchadas, nach fhéidir leachd dfaicsin; agus iomad uisge ad fholach.
12Nach bhfuil Día an uáchdar fhlaitheamhnuis? agus feuch áirde na réultann, cred é áirde atáid síad!
13Agus a deir tusa, Cionus atá a fhios ag Día? an bhféadann sé breathnughadh thríd an néull dhorcha?
14Néulla tiugha as folach dhó, chor nach bhfaicionn sé; agus siubhluigh sé timchioll fhlaitheamhnuis.
15Nar comharthuigh tusa an tseintslighe noch do shaltradar na drochdhaóine?
16Noch do gearradh síos roimhe am, ar báitheadh a mbunáit lé tuile:
17Noch a dubhairt ré Día, Dealuigh rinn: agus cred fhéadas an Tuilechumhachdach do dhéanamh ar a son súd?
18Gidheadh do líon sé a ttighthe do neithibh maithe: achd is fada comhairle na ndrochdhaóine uáimse.
19Do chídh na firéin sin, agus atáid lúathgháireach: agus do ní an nemhchiontach gáire tarcuisneach fútha.
20A náit nach ar ghearradh ar maóinne síos, acht loisgidh an teine a bhfuighiollsan.
21Cuir thú féin a numhuil dósan anois, agus bí síodhchánta: leis sin tiucfuidh maith chugad.
22Glac, íarruim mar athchuinge ort, an dligheadh as a bhéul, agus cuir a bhríathra súas ann do chroidhe.
23Má fhilleann tú chúm a Nuilechumhachdaigh, cuirfighthear súas thú, cuirfidh tú éaigceart a bhfad ó do thighthibh.
24Ann sin cuirfidh tú ór ar muin a chéile mar luáithreadh, agus ór Ophir mar chlochuibh na nabhann.
25Biáidh fós, an Tuilechumhachdach na dhaingion agad, agus do gheabha tú iomad airgid.
26Oír annsin biáidh do dhúil annsa Nuilechumhachdach, agus tóigfe tú do ghnúis súas chum Dé.
27Do dhéana tú do ghuidhe chuige, agus éistfidh sé riot, agus díolfuidh tú do mhóide.
28Cuirfidh tú fós ní romhad, agus daingneochthar dhuit é: loinnearfuidh an solus ar do shlighthibh.
29A nuáir theilgfighthear daóine síos, annsin a déara túsa, Atá tógbháil suás ann; agus sábháluidh Día an duine umhal.
30Sáorfuidh sé oilean an neimhchiontuigh: agus atá sin ar na sháoradh le gloine do lámhsa.
Currently Selected:
Job 22: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)