YouVersion Logo
Search Icon

Job 21

21
Caibidil XXI.
Gu bfuil fós, cuid ronna na ndrochdhaoine paillt ar an tsaoghalsa gu minic.
1Acht do fhreagaír Iób, agus a dubhairt,
2Eístigh go dúthrachdach rem bríathra, agus bíodh so bhur núrgháirdighthe.
3Fuilingidh dhamhsa go labhruinn; agus tar éis mé do labhairt, déanuidh magadh fós.
4Ar mo shonsa, an ré duine atáim ag gearán? achd dá mbeith sin marsin, cred as a mbíath mo spiorad buáidheartha?
5Féuchuidh orumsa, agus bíodh iongnadh oruibh, agus leagaidh bhur lámh air bhur mbéul.
6Eadhon a nuáir chuimhnighim atáim eaglach, agus glacaidh critheagal greim dom fheóil.
7Créd é an tadhbhar as a mairidh an drochdhuine, as a seanuid, a mbíd fós, neartmhar a ccumhachtaibh?
8Daingnighthear a síol iona radhare maille ríu, agus a sliochd as coinne a súl.
9 Atáid a ttighthe daingean ó eagla, ní mó bhíos slat Dé orra.
10Ginidh a ttarbh, agus ní fhaillighionn sé; beiridh a mbó láogh, agus ní theilgionn sí a gamhuin.
11Cuirid síad a ndaóine beaga úatha amach amhuil tréud, agus do níd a cclann damhsa.
12Glacuid an tiompán agus an chláirseach, agus gáirdighid ré guth a norgáin.
13Caithid a láethe a saidhbhrios, agus a móiment téid síad san nuáigh.
14Uimesin a deirid re Día, Dealuigh rinn; óir ní bhfuil fonn aguinn a néolus do shlightheach.
15Cred é an Tuilechumhachdach, ás a ndéanamaóisne serbhís dó? agus cred í an tarbha do gheabhamáois, dá nguidhmís chuige?
16Féuch, ní bhfuil a maith féin ann a láimh: is fada comhairle na ndrochdháoine uáimse.
17Ca mhionca cuirthear coinneal na ndrochdhaoine as? agus cá mhionca thig a naidhmhilleadh orra? roinnidh Día dólás ióna fheirg.
18Atáid mar chonnlach ar aghaidh na gaóithe, agus mar lóchán bheirios an stoirim lé.
19Taisgidh Día a éaicceart súas a ccoinne a chloinne: do bheir sé luáigheachd dó, agus aitheonuidh sé é.
20Do chífid a shúile a aidhmhilleadh, agus ibhthigh sé dfeirg a Nuilechumhachdaigh.
21Oír cred é an sólás atá aige iona thigh na dhiaigh, a núair ghearrthar amach uibhir a mhíos ann a lár?
22An múinfidh duine ar bith éolus do Dhía? ó ní se breitheamhnus ar an ndroing bhíos árd.
23Téid áon déag a niomláine a neirt, ar mbeith dhó go hiomlán a socamhal agus a suáimhneas.
24Atáid a chíocha lán do bhainne, agus atáid a chnámha ar na máothughadh ó smior.
25Agus éugaidh duine oile a searbhus a anma, agus ní ithionn choidhche maille re sólás.
26Luighfid síad araon ionann annsa chriáidh, agus foileachuid na péiste íad.
27Féuch, atá fios bhur smúainidh agamsa, agus na ttionnsganta smuáineas sibh lé héagcóir am aghaidh.
28Oír a dearthaói, Cáit a bhfuil teagh an phrionnsa? agus cáit a bhfuilid áite comhnuighthe na ndrochdhaóine?
29Nach ar fhiafruigheabhair don luchd ghabhus an tslighe thoruibh? agus nach tuicthí a ccomharthuighe,
30Go ccoigeoltar an droch dhuine a ccoinne láe a naidhmhillte? béarthar amach íad chum laói an díoghaltais.
31Cía innéosas a shlighe as coinne a aighthe? agus cía chúiteochus ris gacha ndéarna sé?
32Gidheadh béarthar chum na huáighe é, agus fanfuidh sé annsa túama.
33Budh milis leis fóide an ghleanna, agus tairreonguidh gach áonduine na dhiaigh, mar atá ro iomad roimhe.
34Maiseadh cred as a ccobharthaóise misi go díomhaóin, ó thárla nemhfhírinne ann bhur bhfreagarthuibh?

Currently Selected:

Job 21: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in