YouVersion Logo
Search Icon

Job 20

20
Caibidil XX.
Ata Sophar ag foillsiughadh staid agus deireadh an drochdhuine.
1Ann sin do fhreagair Sophar an Naamatíteach, agus a dubhairt,
2Ar a nadhbharsin do bheirid mo smuáintighe orum freagra, agus ar a shonso do ním deithnios.
3Do chúala mé armáir mo scannla, agus do bheir spiorad mo thuigsiona orum freagra.
4Nach bhfuil a fhios so agadsa ríamh, ó suigheadh an duine air an ttalamh.
5Gur géarr caithréim an drochdhuine, agus gáirdeachus an fhúarchráibhthigh nach bhfuil acht móiment ann?
6Matá go néirghionn a oirdhearchus súas gus na neamhuibh, agus go roithchionn a cheann na néulla;
7 Thairíssin rachuidh sé amúgha go bráth mar a shalchar féin: déaruid an drong do chonnairc é: Cáit a bhfuil sé?
8Eitillfidh sé ar siubhal amhuil aisling, agus ní fhuighthear é: agus teithigh sé amhuil brionnglóid na hoidhche.
9Mar an gcéadna an tsúil do chonnairc é ní fhaicfidh sí ní sa mhó é; ní mó amhaircfios a áit féin é ní sa mhó.
10Iárrfuid a chlann na boichd do ríar, agus aiseogaid a lámha a maóin.
11Atáid a chnámha lán do pheacadhuibh a óige, noch luighfios leis síos annsa chriáidh.
12Bíodh gur milis leis olc iona bhéul, bíodh go bhfolchann sé fá na theangaidh é;
13Bíodh go ccoiglionn sé é, agus nach tréigionn é; acht a choimhéud choidhche a lár a charbaid:
14 Gidheadh iompoighidh a bhíadh iona innighibh, isé domblas na naithreach nimhe ann é.
15Do shluig sé saidhbhrios síos, agus sceithfidh sé a nios íad a ris: teilgfidh Día amach as a bholg íad.
16Súighfidh sé nimh na naithreach: muirfidh teanga a naithir nimhe é.
17Ni fhaicfidh sé na haibhne, na srotha, na srutháin mheala agus ime.
18An ní air son ar shaothruigh sé aiseoguidh sé é, agus ní shluigfidh sé síos é: do réir a mhaóine bhías an taiseag, agus ní dhéana sé gáirdeachus ann.
19Do bhrígh go ndéarna sé sárughadh agus gur thréig sé na boicht; do bhrígh gur bhean sé amach ar éigean teagh nach é féin do thóg;
20Go deimhin ní mhoitheochuidh sé suáimhneas iona bholg, ní thárthochuidh sé don ní agá raibh dúil aige ann.
21Ni fúigfighthear éinni dá bhíadh; uimesin nach biáidh súil ag áonduine ré na mhaóin.
22A niomláine a thábhachta biáidh sé a gcumhgach: tiucfaidh lámh gach uile dhrochdhuine air.
23 A núair bhías sé ar tí a bholg do líonadh, teilgfidh Día fráoch a fheirge air, agus fearfuidh air é an feadh bhías ag ithe.
24Teithfidh sé roimhe a narm íaruinn, agus buáilfidh an bodha cruáidhe thríd é.
25Atá sé tairrngthe, agus thig sé amach as an ccorp; thig an cloidheamh loinneardha amach as a dhomblas: atáid úathbhais air.
26 Biáidh a nuile dhorchadas ar na fholach iona áitibh secréideacha: loisgfidh teine gan séideadh é; is olc rachus don té fhúigfighthear ann a thigh.
27Foillseochuidh neamh a éigceart; agus éireochuidh an talamh súas na aghaidh.
28Deileochuidh biseach a thighe ris, agus imeochuidh a mhaóin seachad a ló a fheirg.
29 Así so cuid ronna an drochdhuine ó Dhía, agus a noighreacht do chinneadh ó Dhía dhó.

Currently Selected:

Job 20: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in