YouVersion Logo
Search Icon

Job 19

19
Caibidil XIX.
Atá Iób, ag gabháil sólas dó féin as an eiseirighe ó mharbhuibh.
1Annsin do fhreagaír Iób agus a dubhaírt,
2Ca fad bheithí ag buáidhreadh manma, agus dom bhriseadh a ccotchaibh lé bríathruibh?
3Na deich núairesi do mhasluigheabhair mé: ní bhfuil náire oruibh go ndeárnabhair sibh féin coimhidhtheach dhamh.
4Agus go deimhin a ccás go ndéarna mé seachrán, fanaidh mo sheachrán agam féin.
5Mas deimhin go móruighthi sibh féin am aghaidh, agus go ttaigeorthaói am aghaidh mo mhasla:
6Bíodh a fhios aguibh anois gur bé Día do chlaóidh mé, agus do thimchill mé le na líon.
7Féach, goirim na comhairc ar a néagcóir, achd ní cluintear mé: éighim go hárd, ácht ní déantar breitheamhnus ar bith.
8Do dhruid sé súas mo shlighe nach bhféaduim imtheachd, agus do chuir sé dorchachd am chasánuibh.
9Do nochd sé as mó ghlóir mé, agus rug sé an choróin dom cheann.
10Do mhill sé mé da gach áon taóibh, agus dimthigh mé: agus do áthruigh sé mo dhóthchus amhuil crann.
11Do adhain sé mar an gcéadna a dhioghaltas am aghaidh, agus measuidh sé mé dhó féin mar aén da naimhde.
12Tigíd a bhuidhne a ccionn a chéile, agus tógbhuid súas a slighe am aghaidh, agus suighid timchioll fa gcuáirt mo thighe.
13Do chuir sé mo dhearbhráithre a bhfad uáim, agus atáid mo luchd aitheanta thríd amach coimhightheach.
14Do fháilligheadar mo luchd gaóil, agus do dhearmadar mo cháirde muinnteardha mé.
15Measuid an drong áitreabhus ann mo thigh, agus mo chailinigh, mar choimhidhtheach mé: is oidhe mé ann a radharc.
16Do ghoir mé aír mo sheirbhíseach, agus níor fhreagair sé mé; do athchuingidh mé é lé mo bhéul.
17Atá manál coimhidhtheach dom mhnaói, má tá gur íarr mé a nonóir chloinne mo chuirp féin.
18Fós, do tharcuisnigheadar leinibh óga mé; déirigh mé, agus do labhradar am aghaidh.
19Do fhúathuigheadar mo cháirde dísle uile mé: agus an drong do ghrádhuighios, dfilleadar am aghaidh.
20Do cheangail mo chnámha dom chroiceann agus dom fheoil, agus atáim ar ndul as maille re croicionn mfíacal.
21Bíodh truáighe agaibh dhamh, bíodh truáighe agaibh dhamh, ó mo cháirde; óir do bhain lámh Dé riom.
22Cred as a bhfuiltíse dom inghreim mar do ní Día, agus nach lór libh mfeóil?
23Uch nach bhfuilid mo bhríathra anois scríobhtha! uch gan íad a ccló a leabhar!
24Go mbeidís greanta lé peann íaruinn agus lúaighe a ccarruic go bráth!
25Oír atá a fhios agum go mairionn mfúascaltóir, agus go seasfuidh sé an déighionach air an ttalamh:
26Agus má tá go ccrinnfidh péist an corpsa tair éis mo chroicinn, thairis sin do chífe mé Día ann mfeóil:
27Noch do chífeas ar mo shon féin, agus ni neach oile, agus do chífid mo shúile é; matá gur leaghadar mo dhubháin a stighe ionnam.
28Acht dob ionráidh dhíbhse, Cred as a bhfuilmidne dhá inghreim, mar chitear go bhfuighthear bun na cuise annam?
29Bíthi eaglach roimhe an gcloidheamh: óir do bheir an téaigceart pionús an chloidhimh leis, chor go mbía a fhios agáibh go bhfuíl breitheambnus ann.

Currently Selected:

Job 19: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in