YouVersion Logo
Search Icon

Job 18

18
Caibidil XVIII.
Ata Bildad ag cur úabhar a leith Iób. 5 Agus ag teacht tar anacra an drochdhuine.
1Annsin do fhreagair Bildad an Suhititeach, agus a dúbhairt,
2Cá fad bhías suil chuirfios tusa críoch air bhríathruibh? comharthuigh, agus na dhiaigh sin laibheoruimne.
3Cred fá meastar sinne mar ainmhintidh, agus measta truáilthe ann de radharcsa?
4Stíalluidh sé é féin iona fheirg: an ttréigfighthear an talamh ar do shonsa? agus an náthrochthar an charrac as a háit?
5Aseadh, cuirfidhthear solus an droch dhuine as, agus ní dhéalrochuidh drithse a thineadh.
6Biáidh an solus na dhorchadas iona thigh, agus cuirfighthear a choinneal as maille ris féin.
7Dhéanfuighear coiscéime a neirt cumhang, agus téilgfidh a chomhairle féin síos é.
8Oir atá sé teilgthe a líon le na chosuibh féin, agus atá sé ag siubhal air paintér.
9Glacfuidh an paintér é air sháil, agus béaruidh an sladmhóir air.
10 Atá an paintér léigthe fá na chomhair annsa talamh, gáisde na choinne annsa tslighe.
11Cuirfid criothnuighthe eagla air ar gach aontaóibh, agus cuirfid a muinighin a chos é.
12Biáidh a neart ocrach, agus biáidh scrios réidh agá tháobh.
13Cnaóifidh sin neart a chroicinn: eadhon cnaóifidh céaidghin a bháis a neart.
14Tochaltfar a dhóthchus amach as a thigh, agus béaruigh sin go rígh na núathbhás é.
15Aítreabhuigh sé iona thigh, do bhrígh nach leis féin é: croithfighear ruibh ar a áitreabh.
16Tiormochthar a fhréumha shíos, agus gearrfuighthear shúas a bheangáin amach.
17Scriosfuighthear a chuimhne as an ttalamh, agus ní bhfuighe sé ainm ar bith annsa tsráid.
18Díbeorthar ó sholus go dorchadas é, agus taifneochthar é as a tsáoghal.
19Ní bhiáidh mac nó mac mic aige a measc a dhaóine, nó duine béo iona áitibh.
20An drong thiucfas na dhiáigh béid lán dúathbhás fa na lá, mar do bhí an drong do chuáidh roimhe imeaglach.
21Go deimhin isé so áitreabhadh an drochdhuine, agus isé so áit an té dá nach aithnidh Día.

Currently Selected:

Job 18: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in