YouVersion Logo
Search Icon

Job 17

17
Caibidil XVII.
Gur neart do nfhirein Día, neach do chuirios crioch ar a thriobloid.
1Ata manál truáillidhe, do caitheadh mo laethe, atáid na huáighe réidh romham.
2Nach bhfuilid luchd magaidh am fhochair? agus nach bhfuil mo shúil do ghnáth iona mbrostughadh?
3Léig síos anois, cuir misi a ndaingion ad fhochair; cía hé an té bhuáilfios lámha riom?
4Oír dfoluigh tusa a ccroidhe ó thuicsin: uimesin nach áirdeochuidh tú íad.
5An té labhrus spleadhachus re na cháirdibh, is dearbh go bhfailleochuid súile a chloinne.
6Do rinne sé dhíomsa mar an gcéadna focal magaidh an phobail; agus do bhí mé am thiompan rompa.
7Atá fós mo shúil céodhach tre dhoilgheas, agus atáid mo bhoill uile amhuil scáile.
8Biáid daoine ionnraca critheaglach uimeso, agus corrochuidh an neimhchiontach é féin súas a naghaidh a nfúarchráibhthigh.
9Congmhaidh fós an firein a shlighe féin, agus fear na nlamha glan neartochai é nís mó.
10Acht air bhur sonsa uile, fillidh, agus tigidh anois: óir ní fhéaduimsi áonduine glic dfagháil eadruibh.
11Do chúadar mo láethe thoram, do briseadh amach mo thionnscanta, eadhon smuáintighe mo chroidhe.
12Athruighid síad a noidhche ann a lá: atá an solus a bhfogus do bhrígh an dorchadais.
13Má fhuirighim, sí a nuáigh mo thigh: do rinne mé mó leabuighe a ndorchadas.
14A dubhairt mé ris an morgadh, Is tú mathair: ris an bpéist, Is tú mo mháthair, agus mo dheirbhshíur.
15Agus cáit a bhfuil anoís mo dhóthchus? ar son mo dhóthchuis, cía chífeas é?
16Rachuid síad síos go barradhuibh an luig, a nuáir bhías ar ccomhnuighe lé chéile annsa chriáidh.

Currently Selected:

Job 17: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in