YouVersion Logo
Search Icon

Job 16

16
Caibidil XVI.
Gearán Iób. 7 Fáth a dhoilghios, 17 agus fós a mheisneach.
1Annsin do fhreagair Iób agus a dubhairt,
2Do chúala mé mórán dá leithéidibh sin do neithibh: is buáidheartha na cobharthacha sibh uile.
3An mbiáidh deireadh ar bhríathruibh díomhaóine? nó créd ní thusa dána as a bhfreagrann tú?
4Dféadfuinnsi féin labhairt mar an gcéadna mar do níthíse: dá mbeith bhur nanum a náit manmasa, dféadfuinn bríathra do chrúachadh súas ann bhur naghaidh, agus mo cheann do chrothadh oruibh.
5Do neirteochuinn sibh lé mo bhéul, agus do laighdeochadh corrughadh mo phuisíneadh bhur ndoilghios.
6Matá go labhruimsi, ní laghduighthear mo dhoilghios: agus má tá go ccoisgiom, créd é an fúaradh atá agum?
7Acht a nois do rinne sé currtha mé: do rinne tusa mo chuideachda uile uáigneach.
8Agus do líon tú do chnaguibh me, mar fhiaghnuise am aghaidh; agus mo thrúadhus ag eirghe súas ionnum do ní sé fiadhnuise a cclár méadain.
9Stíalluidh sé mé iona fheirg, an té fhuaithighios mé: do ní sé gíoscán le na fhiaclaibh orum; géuruigh mo námhuid a shúile orum.
10Do chraososcladar orum le na mbéul; do bhuáileadar mé air an ngruáidh go scannlach; do chruinnigheadar íad féin a cceann a chéile am aghaidh.
11Do sheachuid Día don duine neimhdhíadha mé, agus diómpoigh sé úadh me a lámhuibh na ndrochdhaóine.
12Do bhí mé a súaimhneas, acht do bhrís sé ó chéile mé: do ghlac fós ar mhuineal , agus do chroith a mbloghuibh mé, agus do chuir súas mar chomhartha dhó féin mé.
13Do thimchiolladar a shaigheadóirigh mé fa gcuáirt, brisidh sé mo dhubháin ó chéile, agus ní choigleann sé; dóirtigh sé mo dhomblas amach air an ttalamh.
14Brisidh sé mé lé briseadh ar bhriseadh, riothuidh sé orum amhuíl aitheach.
15Dfuáigh mé saicéadach ar mo chroicionn, agus do shaluigh mé madharc annsa lathuigh.
16Atá mo ghnúis gránna ó ghul, agus atá scáile an bháis ar fhordhubhuibh mo shúl;
17Ní air son éainégceirt ann mo láimhsi: mar an gcéadna as glan murnaighe.
18O a úir, na foluighse mhfuil, agus ná faghadh méighiomh ionad ar bith.
19Mar an gcéadna anois, feuch, atá mfíadhnuise ar neamh, agus atá mo chuimhniughadh os árd.
20Is tarcuisneach lem cháirdibh mé: acht atáid mo shúile ág dórtadh déur chum Dé.
21Uch nach éidir lé neach tagra ar son duine re Dia, amhuil thagras duine ar son a chomharsan!
22A nuáir thiucfaid beagán blíadhan, annsin rachuidh mé san tslighe as nach bhfillfidh mé.

Currently Selected:

Job 16: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in