Job 15
15
Caibidil XV.
Do spreag Eliphas Iób mar dhuine do chur eagla Dé far ccúl.
1An sin do fhreagair Eliphas an Temaníteach, agus a dubhairt,
2Ar chóir do dhuine críonna éolus díomháoin do labhairt, agus a bholg do líonadh leis an ngaoith a noir?
3Ag tagra le glór míotharbhach? nó le bríathruibh le nach bhféadann sé maith ar bith do dhéanamh?
4Aseadh, do theilg tusa eagla dhíot, agus do thoirmisg tú urnaighthe a bhfiadhnuise Dé.
5Oír labhruidh do bhéul hégceart, agus beiridh tú teanga an chealgaire do roghain.
6Damnuighidh do bhéul féin thú, agus ní misi: aseadh, isíad do phuisíne féin fhiaghnuighios a taghaidh.
7 An tusa an céadduine do rugadh? nó a ndéarnadh thú roimhe na cnocuibh?
8An gcúala tú secréid Dé? agus an leithrigheann tú an gliocus duit féin?
9Cred é an fios atá agadsa, nach bhfuil aguinne? cred thuigios tú, nach bhfuil ionnuinne?
10 Atáid aguinne araon an duine ceinnlíath agus an duine rofhoirfe, is ro shine ná hathair.
11 An bhfuilid furtachda Dé beag agadsa? an bhfuil éainní secréideach agad?
12Cred as a mbeirionn do chroidhe leis thú? agus cred air a sméidid do shúile,
13As a niompoighionn tú do spiorad a naghaidh Dé, agus a léigionn tú na bríathrasa do dhul amach as do bhéul?
14Cred é an duine, as a mbíath sé glan? agus an té rugadh ó mhnaói, as a mbíath sé fíréunta?
15Féuch, ní chuireann sé ionntaoibh iona náomhuibh; ní bhfuilid fós, na neamha glan na fhiádhnuise.
16Ca mhéid nios adhfhuathmhaire, agus níos shailche na sin atá an duine, noch ibhios éigceart amhuil uisge?
17Taisbeanfuidh misi dhuit, éist riom; agus an ní do chonnairc mé foillseochuidh mé é;
18Noch do innisiodar dáoine glioca ó na naithribh, agus níor cheiliodar é:
19Dár tugadh amháin an talamh, agus níor imthigh coimhidhtheach ar bith na measc.
20Siubhluigh an drochdhuine a bpéin ar feadh a sháoghail, agus ceiltior úibhir a bhlíadhan don bhrúidhteach.
21Bí tormán úamhnach iona chlúasuibh: tiucfuidh an millteóir air iona mhacnus.
22Ní chreidionn sé go bhfillfidh sé amach as dorchadas, agus atá an clóidheamh ag fuireach ris.
23Bí sé air sírshiubhal ag íarruidh aráin, gá radh, Cáit a bhfuil sé? atá a fhios aige go bhfuil lá an dorchadais aige air ball.
24Do dhéana buaidhreadh agus goimh eaglach é; béaruid síad buáidh na aghaidh, amhuil rígh ullamh chum catha.
25Oír sínidh sé a lámh amach a naghaidh Dé, agus neartuighidh sé é féin a naghaidh a Nuilechumhachduigh.
26Riothaidh sé air, air a mhuineal, ar chnaipibh tiugha a scíathadh:
27Do bhrígh go bhfolchann sé a ghnúis lé na mhéathus, agus do ní cológa méathuis air a bhléunuibh.
28Agus áitreabhuigh sé a ccaithreachaibh uáigneacha, a ttighthibh ann nach ccomhnuighionn éanduine, noch atá ullamh chum bheith na ccárnánuibh.
29Ní biáidh sé saidhbhir, ní mó bhuáineochus a shubstaint, ní fhaideochuidh sé a iomláinesin air an ttalamh.
30Ní dheileochuidh sé amach ar dorchadas; tiormochuidh an lasair súas a bheangáin, agus lé hanáil a bhéil rachuidh sé as.
31Ná cuireadh an té atá meallta a dhóigh a ndíomhaóineas: óir budh díomhaóineas a luaigheacht.
32Coimhlíonfuighthear é roimhe a am, ni bhiáidh a bheangán glas.
33Croithfidh sé dhe a cháor anabuidh mar an fhineamhuin, agus caimhfidh dhe a bhlath mar an ccrann ola.
34Oír biáidh comhchruinniughadh na bhfuarchráibhtheach áonránach, agus loisgfidh teine dún na ccumhthach.
35Toirrchear ó urchóid íad, agus beirid síad olc, agus ullmhuigh a mbolg mealltóireacht.
Currently Selected:
Job 15: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)