Job 14
14
Caibidil XIV.
Foillsiughadh ar dhiómhaineas na beathasa.
1Duine beirthior ó mhnaói bí sé gearrsháoghlach, agus lán damhgar.
2Fásuidh sé do nós blátha, agus gearrthar síos é; teithidh sé fós mar scáile, agus ní fhanann sé go búan.
3Agus an bhfosclann tusa do shúile air a leithéid sin, agus an ttugann tú misi chum breitheamhnuis chugad?
4Cía fhéadas ní glan do bhuain as ní neamhghlan? ní fhéadann éanduine.
5O chítear gur cinneadh a láethe, atá uibhir a mhíos agadsa, dórduigh tú a thóronna nach bhféadann sé dul thársa;
6Fill úadh, chor go bhféadfadh suaimhníughadh, nó go ccoimlíonuidh sé, a lá, amhail formáluigh.
7Oír bí dóigh as crann, má ghéarrthar síos é, go ngabhlochuidh a rís, agus nach sguirfidh a bhuinnéan máoth.
8Má tá go mbiáidh a fhréamh foirfe annsa talamh, agus go rachuidh a bhun déug annsa chriáidh;
9 Thairis sin tré chongnamh a nuisge fásfuid a bheangáin, agus do bhéara amach cráobha amhuil plannda.
10Acht éuguidh an duine, agus imthighidh sé as: agus, an tan thoirbhireas an duine a spiorad súas, cáit a bhfuil sé?
11 Mar fhaillighid na huisgeadha ó nfairge, agus thráighios an tuile agus thiormuighios súas:
12Marsin luighios an duine síos, agus ní éirghionn, nó go rabhuid na neamha gan a bheith ann ní sa mhó, ní mhúisceoluid síad, agus ní dhúiseochar as a ccodladh íad.
13Uch, nach bhfolchann tusa misi ansa nuáigh, nach congmhann tú a núaignios mé, go ndeachuidh thfearg thorum, nach cuirionn tú aimsir chinnte síos damh, agus mo chuimhniughadh!
14Má gheibh duine bás, an mbiáidh sé béo a rís? fuireochuidh mé lé huile láethibh maimsire cinnte, nó go ttí mo mhalairt.
15Goirfidh tusa, agus freagoruidh misi thú: biáidh dúil agadsa a nobair do lámh.
16Oír anois áirmhigh tú mo choiscéimigh: nach bhfuil tú ag faire ós cionn mo pheacuigh?
17 Atá mo shárughadh ar na shéuladh súas a mála, agus fuaighidh tú súas méaicceart.
18Agus go deimhin an slíabh bhíos ar ttuitim, téid sé as: agus áthruighthior an charruig as a háit.
19Cathaid na huisceadha na clocha: cuiridh tusa ar neimhní na neithe fhásas as criáidh na talmhan, díobháighidh tú dóthchus an duine.
20Búadhuigh tú go bráth na aghaidh, agus imthighidh seision: áthruighidh tú a chruth, agus cuiridh tú ar siubhal é.
21Tigid a mhic chum onóra, agus ní bhí a fhios sin aigesion; agus cuirthear síos íad, acht ní bheir seision aire orra:
22Acht do gheabha a fheóil na thímchioll pían, agus guilfidh a anam a stigh ann.
Currently Selected:
Job 14: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)