YouVersion Logo
Search Icon

Job 13

13
Caibidil XIII.
Atá fonn ar Iób a pheacadh daithniughadh, 21 noch bá cionfáth dá thriobloid.
1Feuch, do chonnairc mo shúil se uile, do chúala mo chlúas agus do thuig sí é.
2An ní is fios dáoibhse, atá fios an neithe céadna agumsa: ní bhfuilim ní is ísle ná sibh.
3Go deimhin budh mían liom labhairt ris a nuile chumhachdach, agus atá fonn orum aighnios do dhéanamh ré Día.
4Acht go deimhin is luchd cumtha bréag sibhsi, is leagha nach fíu éinni sibh uile.
5Uch nach éistí uile; agus budh é sin bhur ccríonnachd.
6Eístigh a nois rem aighnios, agus tugaidh aire do dhíospóireacht mo bhéil.
7An laibheorthaói go cláon ar son Dé? agus a ndéantáoi caint go mealltach ar a shon?
8An ngéubhthaói a phearsa chugaibh? a ndéantaói imreasain ar son Dé?
9An maith go spíonfadh sé amach sibh? no mar fhochmhuideas duine ar óile, an marsin budh áill libhsi magadh do dhéanamh airsion?
10Go deimhin aithfeoruidh sé oruibh, má ghlacthaói pearsanna go secréideach.
11Nach déana a oirdhearcussan eaglach sibh? agus nach ttuitfidh a úamhan oruibh?
12 Atá bhur ccuimhne cosmhuil ré luáith? bhur ccuirp re corpuibh críadh.
13Bíthi bhur ttochd díomsa, léigidh dhamh, go labhra mé, agus tigeadh orum an ní is áill.
14Cred fá nglacuim mfeóil á mfíacluibh, agus fá ccuirim mo bheatha ann mo láimh?
15Dá mbeadh go muirfeadh sé mé, thairis sin cuirfe mé mo dhóigh ann: acht coiséona mé mo shlighthe féin dá lathair.
16 Budh eision fós mo shlánughadh: óir ní thiucfaidh fúarchráibhtheach dá lathair.
17Eistigh go dúthrachdach rem ghlór, agus rem fhoillsiughadh le bhur cclúasaibh:
18Féuchuidh anois, do chuir mé mo chúis a nórdughadh; atá a fhios agum go cceirteochthar mé.
19Cía hé féin thaigeorus riom? óir anois, má bhím am thochd, faóidhfidh mo spiorad asum.
20Amháin ná déana dhá riom: annsin ní fhoileochuidh mé mé féin uáit.
21Tarruing do lámh a bhfad uáim: agus ná cuireadh húamhan eagla orum.
22Annsin goirse, agus freagoruidh mé: nó léig dhamh labhairt, agus tabhairsi freagra orum.
23Cred é uibhir méigceart agus mo pheacadh? tabhair orum mo shárughadh, agus mo pheacadh daithniughadh.
24Cred fá bhfolchann tú haghaidh, agus fá measann tú misi am námhuid dhuit?
25An mbrisfidh tú duilléog teilgthe anonn sa nall? agus an ngérleanfa tú an connlach tirim?
26Oír scríobha tú neithe searbha am aghaidh, agus do bheir tú orum sealbhughadh a néigceart móige.
27Cuiridh tú mo chosa mar an ccéadna annsa cheap, agus féachuidh tú go cáol ann mo chasánuibh uile; cuiridh tú cló ar sháluibh mo chos.
28Agus eision, imthighidh sé as, mar ní lobhtha, amhail éadach ithid léamhuinn.

Currently Selected:

Job 13: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in