Job 12
12
Caibidil XII.
Gu bfuil áit ag Día tré na chumhacht ós gach ní, aindeis do chur fós ar dhuine ceart.
1Agus do fhreagair Iób, agus a dubhairt,
2Ni bhfuil amharus gur sibhsi na daóine, agus rachuidh an gliocus déug a néinfheachd ribh.
3Acht atá tuigse agamsa comhmaith ribhsi; ní bhfuilim ní ís ísle ná sibh; fós, cía ag nach bhfuil fios a leithéid so do neithibh?
4Atáimsi mar áon ar na fhochmhuideadh ó ná chomharsain, noch ghoireas ar Dhía, agus a bhfreagrann sé é: do nithear magadh tarcuisueach ar án nduine cheart dhireach.
5An té bhíos a ngar do sciorradh le na chosuibh, atá sé mar lampa tharchuisneach a smúaineadh an tí bhíos air a shocarachd.
6Atáid tabernacuil na sladmhóireadh siochanta, agus atáid an drong fhearguidhios Día daingion; dá ttabhair Día go hiomarcach iona láimh.
7Acht fíafruigh anois do na hainmbithibh, agus múinfid duit; agus déanlaithibh a naíeir, ngus inneosuid duit:
8Nó labhair ris an ttalamh, agus múinfidh sé dhuit: agus foillseochuid eisc na fairge dhuit.
9Cía ag nach bhfuil a fhios díobhso uile gur bí lámh an TIGHEARNA do rinne so?
10A lámh a bhfuil anum gach uile neithe bhí, agus anál án chinidh dáonna uile.
11Nach dearbhann an chlúas bríathra? agus nach mblaisionn an bhéul a bhiadh?
12Ag na sinnsearuibh atá an gliocus; agus tuigsi a bhfad na láetheadh.
13Acht aigesion atá gliocus agus neart, atá comhairle agus tuigse aige.
14Féuch, brisigh sé síos, agus ní héidir a chur súas a rís; iadhuidh sé duine súas, agus ní héidir oscladh dhó.
15Féuch, congmhaidh se na huisgeadha, agus tiormuighidh súas, agus cuiridh sé amach mar an ccéadna íad, agus iompoighid síad an talamh bun ós cionn.
16Agus aigesion atá an neart agus an gliocus: is leis an té mealltar agus an té mheallas.
17Beiridh sé comhairligh leis ar na milleadh, agus do ní sé óinmhide do na breitheamhnuibh.
18Sgaóilidh sé cuibhreach na ríogh, agus criosluighídh sé a ccaoil le crios.
19Beiridh sé prionnsadha leis millte, agus claóidhigh an cumhachtach.
20Athruighidh sé glór a nfíréin, agus tógbhuidh leis tuigse an tseanóra.
21Dóirtigh sé tarcuisne ar phrionnsadhuibh, agus laghaduigh sé ceart na ccumhachdach.
22Foillsighidh sé neithe domhne as an dorchadas, agus do bheir sé amach chum soluis scáile an bháis.
23Méuduighidh sé na cineadhacha, agus scriosuidh sé íad; fairsingidh sé na críocha, agus cumhangaidh sé íad a rís.
24Tógbhuidh sé leis croidhthe na druinge is oirdhearca ar dhaóinibh na talmhan, agus do bheir orra bheith ar seachrán a bhfásach mar nach bí slighe ar bith.
25Bíd ag sméarthachd annsa dorchadas a néagmhuis soluis, agus do bheir sé orra tuitim anonn sa nall mar fhear meisge.
Currently Selected:
Job 12: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)