Job 11
11
Caibidil XI.
Do chronuigh Sophar Iób arson peacadh égin foluightheach.
1An sin do fhreagair Sophar an Naamatíteach, agus a dúbhairt,
2Nach ar chóir iomad na mbriathar do fhreagra? agus an cóir fear iomaid cainte do sháoradh?
3An ttiubhraidis do bhréuga ar dhaóinibh bheith na ttochd? agus a nuáir do ní tú magadh, a ndéana éanduine náireach thú?
4Oir a dubhairt tú, Atá mo theagasg glan, agus atáim féin glan ad radharcsa.
5Acht oh nach labhrann Día, agus a bhéul doscladh ad haghuidhsi;
6Agus go bhfoillseochadh sé dhuit secréide an ghliocuis, go bhfuilid síad dúbalta dhe sin noch atá! Tuig uimesin gur lugha íarrus Día ort ná mar do thuill do mhíghníomh.
7An bhféadann tusa le spíonadh Día dfagháil amach? an bhfuighe tú amach an Tuilechumhachdach chum iomláine?
8 Atá sin comhárd ré neamh; cred fhéadus tusa do dheanamh? nios dóimhne no iffrionn; cred fheadas tusa do thuicsin?
9 Is faide a thomhus ná an talamh, agus is leithne é ná a nfairge.
10Má ní sé malairt, má íadhann sé súas, nó má chruinnighéann a cceann a chéile, annsin cía fhéadas a thoirmiosg?
11Oír aithnighidh sé daóine díomhaóine: do chí sé fós an tolc; nach measfuidh sé annsin é?
12Oír budh mían leis a nduine ndíomhaóin bheith glic, bíodh go rugadh an duine amhuil bromach assail fhíadháin.
13Má ullmhuighionn tú do chroidhe, agus do lámha do shíneadh amach chuige;
14Má bhíonn éaicceart an do láimh, cuir a bhfad uáit é, agus ná fuluing olc do chomhnuidhe ann do thabernacluibh.
15Oír annsin tóigfe tú do cheann súas gan toibhéim; bíaidh tú fós, daingion, agus ní bhiáidh eagla ort:
16Do bhrigh go ndearmadfa tú hanacra, agus go ccuimhneochuidh tú í mar a nuisce imthighios roimhe:
17Agus biáidh haóis ní is gloine ná an meadhón laói; déalrochuidh tú amach, biáidh tú mar an maidin.
18Agus biáidh tú suáimhneach, do bhrígh go bhfuil dóthchus agad; iseadh, tochaluidh tú ad thimchioll, agus glacfuidh tú do shuáimhnios a ndaingion.
19Luidhfidh tú síos mar an ccéadna, agus ní chuirfe áonduine eagla ort; do dhéanuid fós mórán athchuinge chugad.
20Acht failleochuid súile na cciontach, agus ní rachuid as, agus biáidh a ndóthchus amhuil séideadh anála.
Currently Selected:
Job 11: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)