YouVersion Logo
Search Icon

Job 10

10
Caibidil X.
Caói Iób, fa bhuáidhreadh throm, do theacht ar dhuine león.
1Ata manum curtha dom bheatha; fuigfidh mé mo ghearán orum féin; laibheoruidh mé a searbhus manma.
2Déara mé ré Día. Ná damain mé, foillsigh dhamh cred fá cceannairgeann tú riom.
3 An maith dhuit féin go mbrúighfeá, go ttarcuisnighféa sáothar do lámh, agus déalrughadh ar chomhairle na ccionntach?
4An súile colluidhe atá agad? nó an mar do chí duine do chí tú?
5An bhfuilid do láethe mar láethibh an duine? an bhfuilid do bhlíadhna mar láethibh an duine,
6As a bhfuil tú ag loirgaireacht a ndiáigh mo pheachuidhesi, agus ag spíonadh a ndiáigh mo chionnta?
7Atá a fhios agad nach bhfuilim go holc; agus nach bhfuil áon fhéadas tártháil as do láimhsi.
8Asiad do lámha do rinne me agus do chum mé a cceann a chéile timchioll fá gcuairt; gidheadh atá tu dom sgrios.
9Cuimhnigh, íarruim dathchuinge ort, go ndéarna tú mé mar an ccriáidh; agus an mbéara tú chum an luáithrigh a ris mé?
10Nach ar dhóirt tú amach mé amhuil bainne, agus do théucht tú mé amhuil cáise?
11Déaduigh tú mé le croicionn agus le feóil, agus do dhaingnidh tú mé lé cnámhuibh agus lé féithibh.
12Do dhéonuigh tú beatha agus fabhar dhamh, agus do choimhéad do chuairt mo spiorad.
13Agus dfoluigh tú na neithesi ann do chroidhe: atá a fhios agumsa go bhfuil so agad.
14Má pheacuighim, annsin comharthuigh tú mé, agus ní sáorfuidh tú mé óm éicceart.
15Ma bhím cionntach, a mhairg dhamh; agus bhím fíréunta, mar sin féin ní thóigfe mé mo cheann súas. Atáim lán daindeise; uimesin faicsi mo bhuaidhreadh;
16Oír atá sé ag méadughadh. Atá tusa dom fhíadhach amhuil leomhan dísgir: agus a rís taisbeanuidh tú thú féin iongantach orum.
17Athnúaidhigh tú thfiadhuin am aghaidh, agus méuduighidh tú thfearg orum; atáid malarta agus cegadh am aghaidh.
18Uime sin cred as a ttug tú amach as an mbroinn mé? Uch nach bhfagham bás, agus gan súil ar bigh dom fhaicsin!
19Do bhéinn amhuil nach béinn ann; do hiomchórthaoi ón bhroinn gus a nuáigh mé.
20Nach bhfuilid mo láethe tearc? scuir maiseagh, agus léig dhamh féin, go madh héidir liom socamhal beag dfagháil,
21Suil rachus mé mar nach bhféadfuidh mé filleadh, go crích an dorchaduis agus go scáile an bháis;
22Dúithche dhorchaduis, mar an ndorchadus fein; agus scáile an bháis, gan órdughadh ar bith, agus áit a bhfuil an solus mar an ndorchadus.

Currently Selected:

Job 10: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in