Job 9
9
Caibidil IX.
Gu bfuil Día eart. 12 Nach cóir cur na aghaidh. 22 Agus go bfédan sé an neimhchiontach do smachdughadh.
1Ansin do freagair Iób agus a dubhairt,
2Atá a fhios agum gur marsin atá go fírinneach: acht ciondus do bhíath duine ceart a bhfiadhnuise Dé?
3Má ní sé imreasain ris, ní fhéadann é a fhreagra aon as an mhíle.
4 Is glic é a ccroidhe, agus is cumhachtach a neart: cía chrúadhuidh é féin na aghaidh, agus rug buáidh?
5An té noch athruighios na sléibhte, agus nach bía a fhios aca: noch iompoigheas bun ós cionn íad iona fheirg.
6An té noch chroitheas an talamh as a áit, agus go ccriothnuighid a uáithnighe.
7An té noch fhúagras don ghréin, agus ní éirghionn sí, agus shéaluigheas súas na réulta.
8An té amháin leathnuighios amach na neamha, agus shaltras ar thonnuibh na fairge.
9Noch do ní Arctúrus, Oríon, agus Pleiades, agus seomradha an taóibhe ó dheas.
10Noch do ní neithe móra nach féidir dfagháil amach; agus fós ionganta gan áireamh.
11Féuch, gabhuidh sé thorum, agus ní fhaicim é: imthighidh roimhe mar an gcéadna, agus ní mhothuighim é.
12Féuch, béiridh sé leis, cía fheadas a thoirmiosc? cía a déara ris, Cred ní tú?
13Muna bhfilligh Día a fhearg, cromfuid luchd cuidigh a núabhair faói.
14Nach ro lúgha ná sin fhéaduimsi freagra do thabhairt dho, agus mo bhríathra do thogha amach daighnios ris?
15Dá, nach tiubhruinn freagra, dá mbeith go mbeinn íonnruic, acht do dhéanainn gearán chum mo bhreithimh.
16Dá ngoirinn, agus go bhfreagóradh seision me; thairis sin ní chreidfinn go néistfeadh rem ghuth.
17Oír brisigh se mé le stoirim, agus méuduighidh sé mo chneadha gan adhbhar.
18Ní fhuileonguidh sé dhamh manál do tharruing, acht líonuigh sé mé le searbhus.
19Má labhruim ar neart, féuch, atá seision neartmhar: agus má ar bhréitheamhnus, cía chuirfios ainm aighniosa síos damh?
20Má ním mé féin ceart, daimneochuidh mo bhéul féin mé: má deirim, Atáim iomlán, áiteochuidh sin mar an céadna éaiccneasta mé.
21 Dá mbeith go mbéinn iomlán, thairis sin ní aitheonuinn manum: do dhéanuinn tarcuisne dom bheatha.
22 Agso éainní amháin, uime sin a dubhairt mé, Scriosuidh sé an firéun agus an cionntach.
23Má mharbhann an sciúrsa go hobann, do dhéana seision gáire um dhearbhadh an neimhchiontuigh.
24Tugadh an talamh a láimh na ndrochdhaoine: folchaidh sé aighthe a bhretheamhansan; muna ndéarnadh, cáit, agus cía eision?
25Anois is luaithe mo láethe ná posta: teithid as, ní fhaicid maith air bith.
26Atáid a nimtheachd as amhuil longa lúatha: do nós a niolair dheithfrigheas chum a fhíadhuigh.
27Má deirim, Dearmodfa mé mo ghearán, léigfe mé mo thuirse dhíom, agus coibhreochuidh mé mé féin
28Atáim eaglach fam uile dhoilghiosuibh, atá a fhios agum nach measfa tusa neimhchiontach mé.
29 Má táim go holc, marsin cred fá sáothruighim go díomhaóin?
30Má nighim mé féin le huisge sneachda, agus mo lámha do dhéanamh comhghlan nach rabhadar a ríamh;
31Thaíris sin, múchfuidh tusa annsa díg mé, agus do bhéara méadach féin fúath orum.
32Oír ní duine eision, mar misi, as a ttiubhruinn freagra air, agus as a ttiucfaimís a ccionn a chéile a mbreitheamhnas.
33Ni mó atá fear smachduighthe eadruinn, do leagfadh a lámh oruinn ar aon.
34Beireadh seision a shlat uáimsi, agus ná criothnuigheadh a eagla mé:
35 Annsin do laibheoruinn, agus ní bhiadh eagla orum roimhe; acht ní mar sin atá sé agam.
Currently Selected:
Job 9: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)