Genesis 50
50
Caibidil L.
Adhlacadh Iacob. 15 Tug Ioseph solás da bhráithribh uirislighthe. 25 A iartas ma chnámhaíbh. 26 Agus a bhás.
1Agus do luigh Ióseph ar aghuidh a athar, agus do ghuil air, agus do phóg é. 2Agus do aíththin Ioseph dá shearbhfoghantuibh na leagha, a athar do bhalmnughadh: agus do bhalmnuigheadur na leagha Israel. 3Agus do coimhlíonadh ceathrachad lá dhó: (óir is mar sin coimhlíontar laéthe na druinge do níthear a bhalmnughadh) agus do rinneadur na Hégiptigh doilghios ar a shoin, trí fichid agus deich lá.
4¶ Agus a nuáir do chúadar laéthe a ndóbróin thárrsa, do labhair Ióseph ré tígh Phárao, ag rádh, A nois ma fuáir mé grása ann bhur radharc, guidhim sibh, labhruidh a gclúasuibh Phárao ag rádh, 5Do bhean máthair mionna dhíom ag rádh, Féuch, atáim ag fagháil bháis: ann muaighe do thochuil mé dhamh fein a ttír Chánaain, ann sin adhlócus tú mé. Annois íarruim dathchuinge ort, léig dhamh dul súas, agus máthair dadhlacadh, agus tiocfa mé a rís. 6Agus a dubhairt Phárao, Imthigh súas, agus adhluic hathair, mar do thug mionna ort.
7¶ Agus do chuaidh Ióseph súas dadhlacadh a athar: agus do chuadar serbhísigh Pharao uile suas leis, seanóirigh a thighe, agus seanóirigh chríche na Hegipte uile, 8Agus tigh Ióseph uile, agus a dhearbhraithre, agus tigh a athar: achd amháin a miondaóine, agus a ttréada, agus a nealbhadha do fhágbhadur a bhfearann Gosen. 9Agus do chuáidh suas leis, carbuid fós agus marcshluágh: agus bá romhór an chuideachda íad. 10Agus tangadur gó hurlúr bhuáilte Atad, noch ata táobh thall do Iórdan agus ann sin do rinneadur cumha maille ré caóineadh adhbhalmhor: agus do rínne dóbhrón ann sin ar a athar seachd lá. 11Agus a nuáir do choncadur áitreabhuigh na háite, na Canaanítígh, an chumha a nurlár Atad, a dubhradur, Is doilghiosach an chumhaso ar na Hégiptibh; uime sin do ghoireadh Abel Misraim dainm dhe, noch atá táobh thall do Iordan. 12Agus do rinneadur a chlann mhac ris mar do aithin sé dhíobh. 13Oír do rugadur a chlann leó é go tIr Chánaain, agus do Mhachpeláh, noch do cheannuigh Abraham, maille ris an machaire mar sheilbh chum áite adhluicthe, ó Ephron an Hititeach as coinne Mhamre.
14¶ Agus do fhill Ioseph do Négipt, é féin agus a dhearbhraithre, agus a ndeachuidh leis súas uile dadhlacadh a athar.
15¶ Agus a nuáir do choncadur dearbhraíthre Ioseph go bhfuáir a nathair bas, a dúbhradur, Do bféidir go mbiadh fúath ag Ioseph dhúinne, agus go gcúiteomhadh rinn gó deimhin a ndearnamar dolc air. 16Agus do chuireadur teachda a gcionn Ioseph, dha radh, Do aithin hathair roimh a bhás, dá rádh, 17Marso a déarthaói ré Ioseph, Guidhim thú annois, maith cionta do dhearbhráithreach agus a bpeacadh: óir do rinneadur olc ort: agus a nois íarmuid dathchuingé ort, maith cionta shérbiseach Dé hathar: Agus do ghuil Ioseph a nuáir do labhradur ris. 18Agus do chuadur a dhearbhraithre mar an gceadna, agus do luigheadur síos a bhfiagnuisi a aghaidhe, agus a dubhradur, Feuch, is sinne do sherbhísigh. 19Agus a dubhairt Ioseph ríu, Ná bíodh eagla oruibh: óir an bhfuilimsí an áit Dé? 20Achd ar bhur sonsa do smuaineabhair olc am aghaidhsi; ach do aígneithe Día chum maitheasa é, dá thabhairt a ccrích mar atá a niugh, do chongmháil móráin daóine beó. 21Annois uime sin ná biodh eagla oruibh: oilfidh misi sibh, agus bhur náos óg; agus do chomhfhurtaigh íad, agus do labhair go cinealta ríu.
22¶ Agus do áitreibh Ióseph sa Négipt, é féin agus tigh a athar: agus do mhair Ióseph céad agus deich mbliadhna. 23Agus do chonnairc Ióseph clann Ephraim don treas geínealach; clann Machir mar an ccéadna mac Mhanasseh. Do tógbhadh súas iad ar ghlúinibh Ióseph.
24¶ Agus do ráidh Ióseph ré na dhearbhráithribh, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruibhsi go déimhin, agus béura sé as an ttírsi sibh, gus an ttír do mhionnuigh sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob. 25Agus tug Ióseph mionna ar chloinn Israel, ag rádh, Féachfuidh Día oribh go deimhin, agus beurthaói mo chnámhasa súas as so. 26¶ Mar sin do éug Ióseph, ar mbeith dhó céad agus deich mbliadhna daóis: agus do bhalmuigheadúr é, agus do cuireadh a ccomhra sa Négipt é.
Currently Selected:
Genesis 50: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)