Genesis 49
49
Caibidil XLIX.
Tiomna agus faígheadóireachd Iácob, 19 Ordúghadh attimcheal a adhluice.
1Agus do ghoir Iacob ar a mhacaibh, agus a dubhairt, Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a chéile, nó go ninneosa mé dháoibh cread theigeamhus daóibh sna láethibh deighionacha. 2Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a cheile, agus éisdigh, a mhaca Iácob; agus tugaidh aire do Israel bhur nathair.
3¶ A Reuben, is tú mo chéidhghin, mo chumas, agus tosach mo neirt, ordhearcus Inbhe, agus oirdhearcus chumhachda. 4Neamhsheasamhach mar uisge, ní sharuighe tu; do bhrigh go ndeacha tú súas a leabuidh hathar: ann sin do thruaillíghe tú í, do chuáidh sé suas am chúd
5¶ Simeon agus Lébhi deatbhraithre íad, ionstruimentigh fuilteachda ann a náitreabhuigh. 6O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir na bí a naontuigh ré na gcruinniughadh; óir do mharbhadur duine ann a bhfeirg, agus ann a nantoil féin do thochladur síos balla. 7Go madh malluighe a bhfearg, óir do bhí sí nimhneach; agus a ndíbhfeirg, óir dó bhí sí fiochmhar: roinnfidh me íad an Iácob, agus scaóilfead ó chéile íad an Israel.
8¶ A Iúdah, as tusa an té noch mholfuid do dhearbhraithre; biaidh do lámh a muinéul do námhad; cláonfuidh clann hathar síos ad lathair. 9Is coilén leomhain Iúdah: ón chreich do chúaidh tú súas, a mhic: do chrom sé síos, do luigh sé mar leomhan, agus mar sheanleómhan; agus cía dhúiseochus súas é? 10Ní dheileochuidh an tslat rogha ré Iudah, nó dlighthabhairthoir ó bheith eidir a chosuibh, nó go ttiucfa Síloh; agus is chuigesion bhías cruinniughadh na ndaóine. 11Ag ceangal a shearruigh do nfineamhuin, agus bromúigh a assail don rogha fíneamhna; do nigh sé a éudach a bhfion, agus a chuluidheacha a bhfuil grápuighe. 12Béid a shuile dearg ó fhíon, agus a fhíacla geal ó bhainne.
13¶ Aítreochuidh Sebulun á gcúan na fairge; agus biáidh sé na chúan long, agus biáidh a imiol go nuige Sídon.
14¶ Isachar ís assal láidir é, ag crumadh síos idír dha úalach. 15Agus do chonnairc sé gur mhaith an ní suaímhneas, agus an duthaigh gur taitneamhach é; agus do chláon a ghuala diomchur úaluigh, agus táinig na sherbhiseach do áirdchios.
16¶ Do dhéana Dan breitheamhnus ar a dhaoinibh, mar aon do threabhuibh Israel. 17Biaidh Dan na nathair ar a tslighe, na nathair nimhe ar an mbealach, noch ghearras sála na neach, ionnus go ttuitfidh an marcach a ndiaigh a chúil. 18Do bhi mé ag fuireach réad shlánughadh, a THIGHEARNA.
19¶ Gad, cláoifidh slúagh é; ach béuruidh sesion buáidh fá dheireadh.
20¶ Amach as Aser biáidh a arán ramhar, agus do bhéara uadh sógh riógha.
21¶ Naphtali, is eilid ar na scáoileadh amach é do bheir bríathra maithe úadh.
22¶ Ióseph, is cráobh thoruidh é, cráobh thoruidh dhá riribh láimh ré tobar; noch a leathnuighionn a gheuga amach tar anmballa. 23Do ghoilleadur na saighdeóirigh áir go géur, agus do chaitheadur air, agus do fhuathuigheadar é. 24Ach do mhair a bhógha láidir, agus do rinneadh rightheach a lámh láidir le lámhuidh Dé chumhachduigh Iácob; Is as sin an táodhaire, cloch Israel: 25Lé Día hathar dá ríribh, noch chuidéochas leachd, agus leis a nuilechumhachdach, noch beinneóchus tú le beannughadh nimhé shuas, beannughadh a naigéin atá a níochdar shíos, beannughadh na gcíoch, agus na mbronn: 26Rugadar beánnachda hathar buaidh ós cionn beannachd mo shinnsiorsa go nuige an téórann as faide amach do na cnócuibh siorruidhe: béid síad ar cheann Ioseph, agus ar choróin chinn an tí do dealuigheadh re na dheárbhráithribh.
27¶ Biáidh Beniamin fuaduigheach mar mhadra alla: ar maidín sluicfidh sé a fhiadhach, agus ann sa noidhche rannfuidh sé an chreach. 28Asíad so uile dhá threabh dhéag Israel; agus a sé so an ní do labhair a nathair ríu, agus do bheannuigh íad; gach áon fa leith do réir a bheannachda do bheannuigh iad.
29¶ Agus do chuir cúram orra, agus a dubhairt ríu, Atáimsi a nam mo chruinnighthe chum mo dhaóine, adhlaicidh mé a bhfochair maithreach, ann sa nuamhuigh atá a magh Ephron an Hititeách, 30Ann sa nuamhuigh atá a magh Mhachpelah, noch atá as coinne Mhamre a ttír Chánaain, noch do cheannuigh Abraham maille re magh Ephron an Hititeach mar sheilbh áite adhluicthe. 31Ann sin do adhluiceadar Abraham, agus Sárah a bhean; is ann sin do adhluiceadar Isaac, agus Rebecah a bhean, agus is ann do adhluic misi Léah. 32Ceannuigheachd an mhachaire agus na húamha atá ann, is ó chloinn Héth do fríth í. 33Agus a nuáir do chríochnuigh Iácob aitheanta do thabhairt dá chloinn, do chruinnigh súas a chosa san leabuigh, agus do fháeidh a spiorad súas, agus do chruinniughadh chum a dhaoine féin é.
Currently Selected:
Genesis 49: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)