YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 1

1
Caibidil I.
Chionn lionmhuirieachd fhine Israel. 16 Do orduigh Pharao a cclann mhac do bhásughadh.
1Anois ís íadso anmana chloinne Israel, noch tháinic do Négipt; do tháinic gach duine gon a mhuintir lé Iácob.
2Reuben, Simeon, Lébhi, agus Iudah,
3Ishachar, Sebulun, agus Beniamin,
4Dan, agus Napthali, Gad, agus Aser.
5Agus anuíle anam dá ttaínic ó fhordhronnuibh Iácob bá seachdmhodhad anam íad: oir do bhí Ióseph sá Négipt cheana.
6Agus fuáir Ióseph bás, agus a dhearbhráithre uile, agus an díne sin go hiomlán.
7Agus do bhádur clann Israel tóirrtheach, agus do fhásadur go hiomarcach, agus do fhásadur roneartmhur, agus do liónadh an talamh leo.
8A nois do éirigh súas rígh núa ós cionn na Hégipte, ag nach raibh eólus ar Ióseph,
9Agus a dubhairt sé re ná dháóinibh, Féuchuidh, is mó agus is cumhachduighe clann Israel na sinne.
10Tigidh uáibh, déanam ríu go crionna, deagla go líonfaidís, agus go ttiucfadh chum criche, an tan theigeomhadh cogadh ann, go tteannfaidis mar an gcéadna lear náimhdibh, agus go ttroidfidís ar naghuidh, agus go rachfaidís mar sin amach as a tír.
11Uime sin do chuireadur luchd daoirmheasda ós a ccionn, dá bpíanadh le na núaluighibh. Agus do thógbhadar caithreacha do Phárao chum ionnmhuis, Pitom, agus Raamses.
12Ach da mhéid do phíanadur iad, as móide do líonadur agus do fhásadur é. Agus do bhí doilghios orra tré chloinn Israel.
13Agus tugadur na Hégiptigh ar chloinn Israel serbhís do dhéanamh le díbhfeirg.
14Agus do rinneadur a mbeatha searbh lé daoirsi chruaidh, a moirtéul, agus a mbríce, agus ann a nuile shórt serbhíse annsa machaire: a nuile sherbhís, ann a ttugadar orra foghnamh, do bhí si maille ré díbhfeirg.
15Agus do labhair rígh na Hégipte ré mnáibh tuismighe na Neabhruidheach (bean aca dar bhamm Siphrah, agus ainm an dara mná Puah.)
16Agus a dubhairt sé, A nuáir do bheithí ag deanamh oifige mná tuismighe do na mnáibh Eabhruidheach, agus do chifí íar ttuismeadh íad; más mac bhías ann, marbhuidh é; ach mas inghean bhías ann, biáidh sí beó.
17Ach do bhí eagla Dé ar na mnáibh tuismighe, agus ní dhearnadur mar a dubhairt rí na Hégipte ríu, agus do chumhduigheadur an clann mhac beó.
18Agus do ghoir rí na Hégipte ar na mnáibh tuismighe, agus a dubhairt ríu, Cred fá ndearnabhair an nísi, agus ar chumhduigheabhair an chlann mhac beó.
19Agus a dubhradur na mná tuismighe le Phárao, Do chionn nach bhfuilid na mná Eabhruidheacha mar na mnáibh Eigipteacha; óir atáidsion beódha, agus beirid suil thigid na mná tuismighe a steach chuca.
20Uime sin do rinne Día go maith ris na mnáibh tuismighe: agus do líonadur na daóine, agus do fhásadur ro láidir.
21Agus tárla, do chionn go raibh eagla Dé ar na mnáibh tuismighe, go ndearna sé tighthe dhóibh.
22Agus do fhúagair Phárao dá mhuinntir uile, ag rádh, Gach uile mhac da mbéurthar teilgidh é sa nabhuinn, agus gach uile inghean cuimhdeochthaoi beó í.

Currently Selected:

Exodus 1: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in