YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 48

48
Caibidil XLVIII.
Ghabh tinneas Iácob. 5 Rinn uchdohlainne do dhías mhac Ióseph. 9 Agus bheannuigh iad.
1Agus tárla a ndaigh na neitheannso, gur innis duine do Ióseph, Féuch, atá hathair tinn; agus rug sé leis a dhías mac, Mannasseh agus Ephraim, 2Agus do innis neach do Iácob, agus a dubhairt, Féuch, atá do mhac Ióseph ag teachd chugad: agus do nearthuigh Israel é féin, agus do shuigh ar a leabuidh.
3¶ Agus a dubhairt Iácob ré Ióseph, Do fhoillsigh Día uile chumhachdach é féin damh a Lus a ttír Chánaain, agus do bheannuigh mé. 4Agus a dubhairt sé rium, Féuch, do dhéana mé tóirtheach thú, agus méideóchuidh mé thú, agus do dhéana mé dhíotiomad dáoine, agud do bhéura mé an duthaidhsi dod shíol ad dhiáigh mar sheilbh shíorruidhe. 5Agus a nois do dhías mac, Ephráim agus Manasseh do rugadh dhuit a gcrich na Hégipte suil tháinig misi chugad do Négipt, is liomsa iad; mar Reuben agus Simeon is fa liomsa íad. 6Agus do chlann, noch béurthar dhuit, na ndíaigh, budh leachd féin iad sin, agus goirfighear íad do réir anma a ndearbhráithreach ann a noighreachd. 7Agus ar mo shonsa, a nuáir tháinig mé ó Phádan, fúair Ráchel bás agum a ttír Chánaain ann sa tslighe, a núair nach raibh ach beagán sligheadh re teachd go Héphrat; agus do adhluic mé ann sin í, ar slighe Ephrath; agus sé sin féin Betelem.
8¶ Agus do chonnairc Israel mic Ióseph, agus a dubhairt, Cía híad so? 9Agus a dubhairt Ióseph ré ná athair, Mo mhicsé iadsó, noch tug Dia dhamh annsa náitsi: agus a dubhairt seision, Tabhair chugam iad, iarruim ort, agus beinneochuidh mé íad. 10(Annois do bhádur súile Israel trom ó aóis, ionnus nach ráibh radharc aige). Agus tug sé a ngar dhó íad agus do phóg sé íad; agus do theann ris íad. 11Agus a dubhairt Israel ré Ióseph, Níor sháoil misi go bhfaicfinn do ghnúis agus féuch tug Día dhamh radharch fós air do shíol. 12Agus tug Ióseph amach ó idir a dhá ghlún iad, agus do chláon é féin gon a ághuidh chum na talmhan. 13Agus do ghlac Ióseph íad aráon, Ephráim an a láimh dheis leath ré láimh chlí Israel, agus Manasseh ann a láimh chlé leath ré láimh dheis Israel, agus tug sé a bhfogus dó íad. 14Agus do shín Israel a lámh dheas amach, agus do chuir ar cheann Ephraim í, eadhon an mac budh óige, agus a lámh chlé ar cheann Mhanasseh, ag treórughadh a lámh go géurchúiseach; óir dob é Manasseh do rugadh ar ttús. 15Agus do bheannuigh sé Ióseph, agus a dubhairt, Día, ós cuinne ar shiobhail mo aithreacha Abraham agus Isaac, an Día do bheathuigh mé ar feádh mo shaoghuil gus a niugh. 16An taingiol do fhúasguil mé ó nuile olc, go mbeannuighe sé na leinimh; agus goirthear mainmsi orra, agus ainm maithreach Abraham agus Isaac; agus fásáidis na niomadamhlachd a meadhon na talmhan. 17Agus a nuáir do chonnairc Ióseph gur chuir á athair a lámh dheas ar cheann Ephraim, do ghoill sé air: agus do chonnuimh súas lámh a athar da háthrughadh ó chionn Ephraim ar chionn Mhanasseh. 18Agus a dubhairt Ióseph ré na athair, Ní mar sin, a athar, óir isé so an cheidghin, cuir do lámh dheas ar a cheann. 19Agus do dhíult a athair, agus a dubhaírt, Atá a fhios agam a mhic, atá a fhios agam, agus biaidh sé fós mór, ach go deimhin budh mó a dhearbhráthair is óige ná é, agus fásfuidh a shíol na niomad cineadhach. 20Agus do bheannuigh sé íad an lá sin ag radh, Ionnadsa bheinneochus Israel, ag rádh, Go ndeárna Día thusa mar Ephraim, agus mar Mhanasseh: agus do chuir sé Ephraim roimhe Mhanasseh.
21¶ Agus a dubhairt Israel ré Ióseph, Féuch, atáimsi ag fagháil bháis; ach biaidh Día maille ríbhsi, agus do bhéura sé a rís sibh go dúthuigh bhur naithreach. 22Tuilleadh eile, tug me dhuitsi cuid ronna ós cionn do dhearbhráithreach, noch do bhean mé amach as láimh a Namoritigh leam chloidheamh, agus léam bhogha.

Currently Selected:

Genesis 48: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in