YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 47

47
Caibidil XLVII.
Tug Ioseph a bhraithre. 7 Agus a athair a lathair Pharao. 11 Tug ionad dhóibh. 13 Fuair an Egipt do nri. 22 Taobh amuigh do fhearann na nsagart.
1Ann sin táinic Ioseph, agus do innis do Phárao, agus a dubhairt, Tángadur máthair agús mo dhearbhraithre, agus a tréada, agus a nealbhadha, agus a bhfuil aca as tir Chánaain; agus, féuch, atáid siád a bhfearann Gosen. 2Agus rug leis cuid dá dhearbhraithribh, eadhon cúigior dhíobh, agus do thaisbein do Phárao íad. 3Agus a dubhairt Phárao ré na dhearbhráithribh, Créad as ceird dhaoibh? Agus a dubhradursan ré Phárao, Aodhairighe cáorach do sherbhísigh, sinn féin aráon, Agus ar naithre mar an gcéadna. 4A dubhradursan fós re Phárao, Is do chomhnuidhe san bhfearann do thangamar; óir ní bhfuil féur ag ad sherbhíseachuibh dhá náirnéis, óír atá an ghorta go trom a ttír Chanaaín; a nois dá bhrigh sin, iarrmaoid dathchuinge ort, tabhair áitreabh dot sherbhiseachuibh a bhfearann Gosen. 5Agus do labhair Phárao ré Ióseph, ag radh, Tangadur hathair agus do dhearbhraithre chugad. 6Atá críoch na Hégipte as do choinne; ann sa chuid is féarr don tír cuir hathair agus do dhearbhraithre na gcomhnuighe; áitreabhaidis a bhfearann Gosen: agus más aithne dhuit aonduine cumusach na measg, ann sin deana uachdarán díobh os cionn máirnéisi. 7Agus tug Ioseph Iacob a athair a steach, agus do shuighidh é as choinne Phárao; agus do bheannuigh Iacob Phárao. 8Agus a dubhairt Phárao ré Iácob, Cá haóis tú? 9Agus a dubhairt Iacob ré Phárao, Bliadhna laéthe moilithre is céad agus tríochad bliadhan íad: fá tearc agus fá holc láethe bliadhna mo bheatha, agus ni rainic mé laethe bliadhna bheatha maithreach, a laethibh a noilithresion. 10Agus do bheannuigh Iacob Pharao, agus do chuaidh amach as fiaghnuise Phárao. 11Agus do áitigh Ioseph a athair agus a dhearbhráithré, agus tug sealbh dhóibh a ccrích na Hégipte, san chuid do bhféarr don dúthaigh, a bfearann Rameses, mar do aithin Phárao dhe. 12Agus do oil Ioseph a athair agus a dhearbhráithre, agus muinntir thighe a athar, uile lé harán, do réir a muinntir. 13Agus ní raibh arán ar bith san tír uile; óir do bhí an ghorta ro throm, ionnus gur hanbhfainneach críoch na Hégipte, agus tír Chánaain uile do bhrígh na gorta. 14Agus do chruinnígh Ioseph súas a nuile airgead fríth a ccrích na Hégipte agus a ttír Chánaain ar son a narbha do cheannchadur, agus tug Ioseph an tairgead a steach go tigh Phárao. 15Agus an tan do thraoth an tairgead a ccrích na Hégipte, agus a ttír Chánaain, tangadur na Hégiptigh uile chum Ióseph, agus a dubhradur, Tabhair dhuinn arán; óir cread fa bhfuighemis bás ad fhiaghnuise? óir do imthigh an tairgead úainn. 16Agus a dubhairt Ioseph, Tugaidh bhur náirnéis uáibh agus do bhéura misi dhíbh ar son bhur náirnéisi, má dfaillidh an tairgead oruibh. 17Agus tugadur a náirnéis go Ióseph: agus tug Ioseph árán dóibh ar a neachuibh, agus ar a ttréaduibh, agus ar áirnéis a néalbhann, agus ar a nassaluibh: agus do bheathaidh sé íad le harán ar son a náirnéisi uile ar feadh na blíadhna sin. 18A nuair do críochnuígheadh an bhlíadhuin sin, tangadur chuige an dara blíadhuin, agus a dubhradur ris, Ní cheilfiom ar mo thighearna, gur caitheadh ar gcuid airgid, fuáir ar ttighearna mar an gceadna ar ttréada áirnéise; níor fágbhadh éinni aguinn a lathair ar ttighearna an achd ar gcuirp agus ar bhfearann. 19Uime sin cread fá bhfuighemis bás a bhfiaghnuisi do shúl, sinn féin aráon agus ar bhfearann? ceannuigh sinn féin agus ar bhfearann ar arán, agus bíam féin agus ar bhfearann ar serbhíseachuibh ag Phárao: agus tabhair síol dúinn, ar chor go maiream, agus nach bhfuigheam bas, agus nach bía an fearann na fhásach. 20Agus do cheannuigh Ioseph fearann na Hégipte uile do Phárao; óir do reacadar no Hégiptigh gach éanduine dhióbh a fhearann, do chionn go rug an ghorta buáidh orra: mar sin tháinic an fearann chum Phárao. 21Agus ar son na ndáoine, do áthruigh sé íad do na caithreachuibh ó cheann bhruáich na Hégipte, go nuige an ceann eile dhi. 22Amháín fearann na sagart níor cheannuigh sé é, óir do fúaradar na sagairt comhroinn ó Phárao, agus a dúadur a ccomhroinn noch tug Pháraó dhóibh; uime sin níor reacadur a bhfearann. 23Ann sin a dubhairt Ióseph ris an bpobal, Féuchuigh, do cheannuigh mé a niugh sibh féin agus bhur bhfearann do Phárao; féuchuidh, ag sin síol aguibh, agus cuirfídhe an fearann. 24Agús tiucfaidh a ccrích ann sa mbiseach, go ttiubhartháoi an cúigeadh cuid do Phárao, agus biaidh cheithre chuid aguibh féin, chum síl a nfearainn, agus chum bhur mbeatha, agus do mhuinntir bhur ttighe, agus mar bheatha dá bhur leanbuibh. 25Agus a dubhradarsan, Do shábháil tú ar mbeatha: fághmaoid grása a radharc mo thighearna, agus biamáoid ar serbhíseachaibh ag Phárao. 26Agus do rinne Ióseph sin na dhligheadh ar feadh chríche na Hégipte gus a niugh, go bhfuighe Phárao an cúigeadh cuid; achd amháin fearann na sagart, noch nach ráinic chum Phárao. 27Agus do bhí Israel na chomhnuighe a gcrích na Hégipte, a bhfearann Gosen; agus do bhádur shealbha dúthaigh aca ann sin, agus do fhásadur, agus do lionadur go hiomadamhuil. 28Agus do mhair Iácob a gcrích na Hégipte seachd mbliadhna déug: mar sin gur bhí áois iomlán Iácob, céad agus dá fhichead agus seachd mbliadhna. 29Agus do dhruid aimsir bháis Israel a ngar: agus do ghoir sé a mhac Ióseph, agus a dubhairt sé ris, Má fuair mé anois grása ad radharc, íarruim mar athchuinghe ort, cuir do lámh fáoim ladhairg, agus déana do cinealta fírinneach riom; iárruim dathchuinghe ort, ná hadhlaic mé sa Négipt; 30Ach luidfidh me a bhfochair mo aithreach, agus béura tusa leachd mé as a Négipt, agus adhluic mé a náit a nadhlaicthesion. Agus a dubhairt seision, Do dhéana mé mar a dubhairt tú. 31Agus a dubhairt seision, Tabhair do mhionna dhamh. Agus tug sé a mhionna dhó. Agus do chláon Israel é féin ar cheannadhairt na leaptha.

Currently Selected:

Genesis 47: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in