YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 46

46
Caibidil XLVI.
Tainic Iacob do Négipt, agus a shliocht. 28 Choinnigh Ioseph é. 33 Agus chomhairligh a bhraithre.
1Agus do ghluáis Israel maille ris a nuile ní dá raibh aige, agus táinic go Beerséba, agus do rinne iodhbuirt do Dhía a athar Isaac. 2Agus do labhair Día re Hisrael a ttaibhse na hoidhche, agus do ráidh, A Iácob, a Iacob. Agus a dubhairt seision, Atáim annso. 3Agus a dubhairt sé, As misi Día, Día hathar: ná bíodh eagla ort dul síos do Négipt; óir do dheana misi ann sin díot cineadh mór. 4Racha mé leachd síos do Négipt; agus do bhéura mé go deimhin mar an gcéadna a nsíos a rís thú: agus cuirfidh Ióseph a lámh ar do shúilibh. 5Agus do éirigh Iacob súas ó Bhéerséba; agus do iomchradar mic Israel a nathair Iacob, agus a náos óg, agus a mná, ann sna carbuduibh chuir Phárao dhá iomchur. 6Agus rugadur leó a narnéis, agus a maitheas, noch fuaradur a ttír Chánaain, agus tangadur do Négipt, Iacob, agus a shlíochd uile leis: 7A mhic, agus mic a mhac maille ris, agus a ingheana, agus ingheana a mhac, agus a sliochd uile tug sé leis do Négipt íad. 8Agus a síad so anmanna chloinne Israel noch do tháinic do Négipt, Iacob agus a mhic: Reuben cédghin Iacob. 9Agus mic Reuben; Hanoch, agus Phallu, agus Hesron, agus Carmi. 10Agus mic Shimeon; Iemuel, agus Iamin, agus Ohad, agus Iachim, agus Sohar, agus Saul mac mná Canaanítigh. 11Agus mic Lébhi; Gerson, agus Cohat, agus Merári. 12Agus mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Sélah, agus Pháres, agus Srah: ach fuair Er, agus Onan bás a ttír Chánaain. Agus mic Pháres dob íad Hesron, agus Hámul. 13Agus mic Isachar; Tóla, agus Phúbah, agus Iób, agus Simron. 14Agus mic Sebulun; Séred, agus Elon, agus Iahleel. 15Agus dob íad so mic Leah, noch rug sí do Iácob a Bpadan-Aram, maille re na hinghin Dínah: anmann a mhac agus a inghean uile bá tríur ar thriochad íad. 16Agus mic Ghad; Siphion, agus Haggái, Súni, agus Esbon, Eri, agus Aródi, agus Aréli. 17Agus mic Aser; Iimnah, agus Isuah, agus Isui, agus Bériah, agus Sérah a ndeirbhshiur: agus mic Bhériah; Héber, agus Malchiel, 18A síad so mic Silpah, noch tug Lában da inghin Léah, agus rug sí íad so do Iácob, eadhon sé hanmanna déug. 19Mic Rachel, bean Iácob; Ioseph, agus Beniamin. 20Agus do rugadh a gcrích na Hégipte do Ióseph, Manasseh, agus Ephraim, noch rug Asenat inghean Photipherah sagart On dó. 21Agus mic Bheniamin, Bélah, agus Bécher, agus Asbel, Géra, agus Náaman, Ehi, agus Ros, Muppim, agus Huppim, agus Ard. 22A súíd so mic Ráchel, noch rugadh do Iácob; na hanmanna uile bá a ceathair déug íad. 23Agus mic Dan; Hussim. 24Agus mic Naphtali; Iasehel, agus Guni, agus Iéser, agus Sillem. 25Asíadso mic Bhilhah, noch tug Lában dá inghin Ráchel, agus rug sí íad so do Iacob: na hanmanna uile bá móirsheisior íad. 26Na hanmanna uile noch tháinic lé Iacob do Négipt, noch tháiníc amach as a fhordhronnuibh, táobh amuigh do mhnáibh mhac Iacob, bá trí fichid íad agus a sé. 27Agus mic Ióseph, rugadh dhó sa Négipt, bá dhá anum íad: a nuíle anum do thigh Iácob, noch tháinic do Négipt, bá trí fichid, agus a deich íad. 28Agus do chuir sé Iudah roimhe go Ioseph, do sheóludh a aighthe go díreach go Gosen; agus tangadur go tír Ghosen. 29Agus do rinne Ióseph a charbad réigh, agus do chuaidh súas do theagmháil ar Israel a athair, go Gosen, agus do thais béin é féin do; agus do laigh ar a mhuinéul, agus do ghuil ar a mhuinéul tamall maith. 30Agus a dubhairt Israel ré Ióseph, Annois faghaim bás ó chonnuirc mé do ghnúis, do chionn go bhfuil tú beó fós. 31Agus a dubhairt Ióseph ré na dearbhráithríbh agus ré tigh a athar, Racha mísi súas, agus foillseochad do Pharao, agus a déara mé ris, Tangadur mo dhearbhráithre agus tigh mathar noch do bhí a ttir Chanaain, chugamsa: 32Agus is aodhaireadha cáorach íad, óir isé bá ceird doíbh airneis do bheathughadh; agus tugadur a ttréada agus a sealbha leo, agus a nuile ní dá bhfuíl aca. 33Agus teigeómhuígh a nuáir ghoirfeas Phárao sibhsi, agus a déara sé, cred as ceird dhaóibh? 34A bruidhsi do bí ceird do sherbhíseach bheith timchioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naithre, ionnus go náitreochthaoi a bhféarann Gosen: óir is gráineamhlachd a nuile thréaduighe cáorach ag na Hégiptibh.

Currently Selected:

Genesis 46: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in