Genesis 44
44
Caibidil XLIV.
Inntleacht Ioseph do chonbhail moille ar a Bhráithribh. 14 Athchoinnidh uirisle Iudah.
1Agus do aithin sé do fheadhmanach a thighe, ag radh, Lion saic na muinntire sin darbhar, oiread is fhéadfuid do bhreith leó, agus cuir airgead gach éanduine aca a mbéul a shaic féin. 2Agus cuir mo chupansa, an cupán airgid, a mbeul shaic an tí as óige, agus airgead a arbha. Agus do rinne sé do réir a nfocail a dubhairt Ióseph ris. 3Agus comhlúath as déirghe an lá, do cuireadh na dáoine ar siúbhal, íad féin agus a nassail. 4Agus a nuáir do chúadar amach as an gcathruigh, agus nach deachadur a bhfad fós, a dúbhairt Ióseph re na fheadhmanach, Eirigh suás, lean a ndiaigh na muinntire úd; agus a nuáir bhéurus tú orra, abair ríu, Cread fá ndearnabhair olc a naghúidh maitheasa? 5Nach é so é as a nibhionn mo thighearna, agus go deimhin lé ndéanann sé tairrgire? Is olc do rinneabhair sin a dhéanamh. 6Agus do rug sé orra, agus do labhair sé ríu na bríathra céadna. 7Agus a dubhradursan ris, Cread fá nabair mo thighearna na briathrasa? nar leigidh Día go ndéindís do sherbhísigh do réir an neithesi: 8Féuch, an tairgead, fúaramar a mbéuluibh ar sac, tugamar chugadsa a nsuas a rís as tír Chanaain e: cíonnus mar sin do ghoidfemís as tigh do thighearnasa ór nó airgead? 9Gidh bé air bith dod sherbhíseachuibh aga bhfuighthear é, cuirthear eision chum báis, agus bimídne mar an gcéadna ar sclábhuidhibh ag mo thighearna. 10Agus a dubhairt seision, A nois uimesin bíodh sé réir do bhríatharsa: gídh bé gá bhfuighthear é, biaidh na sherbhíseach agamsa; agus beithíse neimhchiontach. 11Ann sin do leagadur a nsúas gach éanfhear aca á shac féin go luath go talamh, agus do oscuil gach éanduine a shac. 12Agus do spíon seision, agus do thosuigh ris an tí fá shine, agus do chríochnuigh ag an tí dob óige: agus do fríth an cupán a sac Bheniamin. 13Ann sin do reabadur á néadach, agus do chuir gach éanduine a shac súas ar a asal, agus do fhilleadur don cháthruigh. 14Agus táinig Iúdah, agus a dhearbhráithre chum thigh Ioseph; oír do bhí sé annsin fós; agus do léigeadur iad fein ar a ttalamh na fhiadhnuidhsi. 15Agus a dubhairt Ioseph rin, Cread an gníomhso do rinneabhair? nach bhfuil a fhios aguibh go bhféadann duine mar misi fáidheadoireachd do dhéanamh? 16Agus a dubhairt Iudah, Créad a déaram réam thighearna? créad láibheóram? nó cionnus ghlanfam sinn féin? do fhoillsigh Día éacceart do sherbhiseach: féuch, is serbhísigh dhar ttighearna sinne araon, agus an té ag ar fríth an cupán. 17Agus a dubhairt seision, Nár léige Día go ndeanuinnsi sin: achd an té ag ar fríth an cupán na láimh biaidh sé na sheirbhíseach agam; agus ar bhur sonsa, éirgidh romhuibh súas go síothchanta a cceann bhur nathar. 18Ann sin táinic Iudah a bhfogus dósan, agus a dubhairt sé, Oh a thighearna, guidhim thú léig dot sherbhiseachuibh focal do labhairt a néisdeachd mo thighearna, agus ná lasadh thfearg a naghuidh do sherbhísigh: oir is ionann tú agus Phárao. 19Do fhíafruigh mo thighearna dá sherbhiseachuibh, ag rádh, An bfhuil athair, nó dearbhrathair aguibh? 20Agus a dubhramairne rem thighearna, Atá athair aguinn, seanduine, agus leanamh rugadh dhó na aois fhoirfe, leanamh beag; agus fuair a dhearbhrathair bás, agus do fágbhadh é, féin na áonar óna mhathair, agus atá grádh agá athair air. 21Agus a dubhairt tusa réd sherbiseachaibh, Tugaidh chugamsa a nsúas é, ar chor go bhfaicfidh mé é dom shúilibh. 22Agus a dubhramairne rem thighearna, Ni fhéadann an leanamh a athair dfagbháil: óir dá bhfagbhadh sé a athair, do gheabha a athair bás. 23Agus a dubhairt tusa réd sherbhiseachaibh, Muna ttí bhur ndearbhrathair bhus óige libh a nsuas, ní fhaicfidhe mo ghnúis níos mó. 24Agus tárla a nuáir do chúamairne súas a gcionn ar nathar, do sheirbhiseách, gur inniseamar briathra mo thighearna dhó. 25Agus a dubhairt ar nathair, Eirgidh a rís, agus ceannchuigh dhuinn beagán lóinn. 26Agus a dubhramairne, ní fhéadmaoidne dul síos; má thig ar ndearbhrathair is óige linn ann sín rachum síos; óir ni fheadmaoid aghuidh a nóglaoich dfaicsin, muna raibh ar ndearbhrathair is óige linn. 27Agus a dubhairt do sherbhisech máthair rinn, Atá a fhios aguibh go rug mo bhean días mac dhamh: 28Agus do chuáidh duine aca amach uáim, agus a dubhairt mé, Is deimhin go ndéarnadh greamanna dhe; agus ní fhaca mé ó sín é. 29Agus má bhearthaói so uáim, agus go nimeochuidh tubaisde air, do bearthaói mo ghrúag líath maille ré doilghios síos chum na huáighe. 30A nois uime sin a nuáir thiocfas misi mar a bhfuil do sherbhíseach mathair, agus nach bía an leanamh linn; ó atá a anamsan ceangaílte a nanam an leinimh; 31Tiocfaidh as sin, a nuáir do chife sé nach biaidh an leanamh linn, gó bhfuighe sé bás: agus do bhéuridh do sherbhísigh grúagliath, da sheirbhiseach ar nathar maille ré doilghios síos chum na huaighe. 32Oír do chuaidh dó sherbhiseach a nurrudhas air an leanamh dom athair, ag radh, Muna ttugadh mé chugad é, biáídh aithbhear go bráth ag mathair orumsa. 33Annois ar an adhbhar sin, guidhim thú, connuimh do sherbhíseach a náit an léinimh na sclábhuidhe ag mo thighearna; agus léigthear don leanamh dul súas lé na dhearbhráithribh. 34Oír cionnus rachus misi súas go nuige máthair, agus gan an leanamh liom? deagla go tteigeomhadh go bhfaicfinn an dochar do thiocfadh ar máthair.
Currently Selected:
Genesis 44: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)