YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 43

43
Caibidil XLIII.
Filleadh na mbrathar maille le Beniamin. 16 Noch da ttug Ióseph cuireadh ridhmheach.
1Agus do bhí an ghorta go ro mhór sa tir. 2Agus tárla, a nuáir a dúadar an tarbhar noch tugadar as a Négipt, go ndubhairt a nathair riu, Eirghidh fós, ceannchuidh dhuinn beagán bídh. 3Agus do labhair Iúdah ris, ag rádh, Do dhearbh an tóglach dhuinn ag radh, Ní fhaicfidhe mo ghnúis, muna ttucthaói bhur ndearbhrathair libh. 4Má chuirionn tusa ar ndearbhrathair linn, racham síos agus ceinneacham beatha dhuit: 5Achd muna ccuire tú linn é, ni racham síos: óir a dubhairt an tóglach rinn, Ní fhaicfidhe mo ghnúis, muna raibh bhur ndearbhrathair libh. 6Agus a dubhairt Israel, Cread as a ndearnabhair an tolc so oram, gur inniseabhair do nóglach go raibh dearbhráthair eile aguibh? 7Agus a dubhradursan, Do fhíafruigh an tóglach go cruádhógach dhínn, ar staid, agus ar gcinéul, ag rádh, An bhfuil bhur nathair beó fós? an bhfuil dearbhrathair eile aguibh? agus do innisimairne dhó reir bríghe na mbriatharsa: nar bhféidir dhuinn a dheirbhfhios do bheith aguinn, go naibéoradh sé, tuagidh bhur ndearbhrathair libh? 8Agús a dubhairt Iúdah re Hisrael, a athair, Cuir an leanamh liomsa, agus éireócham; ionnus go mbíam beó, agus nach éagfam, sinn féin, agus tusa, agus ar náos óg. 9Biaidh misi a nurradhas duit air; as mo láimhsi íarrfas tú é: muna ttuga mé chugad é, agus a chur as do choinne, ann sin bíodh aithbhear go bráth orum: 10Oír muna ndearnamaóis faddail, is dearbh go mbemís a nois air ar nais an dara huáir. 11Agus a dubhairt Israél a nathair ríu, Más éigion a bheith mar sin a nois, déanuigh so; beirigh libh na tórrtha is féarr sa tír ann bhur soithighibh, agus beiridh síos chum a nóglaoich tiodhlacadh, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne: 12Agus beirídh airgead dúbalta ann bhur láimh; agus an tairgead tugabhair libh a rís a mbéuluibh bhur sac, beiridh libh a rís ann bhur láimh é; do béidir gur mainneachdna é: 13Beiridh libh mar an gcéadna bhur ndearbhrathair, éirgidh, agus imthighidh a rís gus a nóglach: 14Agus Día uile chumhachdach do thabhairt grás díbh a lathair a nóglaoich, ionnus go ccuirfidh sé libh bhur ndearbhrathair eile, agus Beniamin, Ma chaillimsi mó chlann, do chaill me meféin. 15Agus do ghlacadur na fir na tiodhlaicthe, agus do ghlacadar airgead dúbulta na láimh, agus Beniamin; agus do éirgheadur súas, agus do chuadar síos do Négipt, agus tangadur a lathair Ióseph. 16Agus a nuáir do chonnairc Ióseph Beniamin maille riu, a dubhairt sé re feadhmannach a thighe, Tabhair na fir so dom thigh, agus marbh, agus uilmhuigh; óir is agamsa íosaid na daoine so san meadhon laói a niugh. 17Agus do rinne an tóglach mar a dubhairt Ióseph ris; agus tug an tóglach na daóine a steach go tigh Ióseph. 18Agus do bhí eagla ar na daóinibh, do chionn mar tugadh a steach go tigh Ióseph íad; agus a dubhradur, Is ar son a nairgid do filleadh ann ár sacuibh an chéad uáir; tugadh a steach sinn; go madh féidir ris cúis díarruigh ar naghuidh, agus luidhe oruinn, agus ar nglacadh mar dhaóinibh daora, agus ar nassail. 19Agus tangadur a bhfogus do fheadhmannach tighe Ioseph, agus do labhradur ris ag dorus an tighe, 20Agus dubhradur, A mhaighisdir, thangamar a nsúas go deimhin an chéad uáir do cheannach bídh: 21Agus tárla dhúinn, a nuáir thangamar don tigh ósta, gur osglamar ar saic, agus, féuch, go raibh airgead gach áonduine aguinn a mbéul a shaic, ar nairgead a ccomhthrom iomlán: agus tugamar linn a ris é nar láimh. 22Agus tugamar airgead eile linn nar láimh do cheannach bídh: ní feas dúinn cía chuir ar nairgead ann ar sacuibh. 23Agus a dubhairt seision, Siothcháin maille ribh: ná bíodh eagla oruibh; bhur Ndía, agus Día bhur nathar thug ionnmhus díbh ann bhur sacuibh: do bhí bhur nairgead agamsa. Agus tug sé Simeoin amach chugtha. 24Agus tug an tóglach na daóine a steach go tigh Ioseph, agus tug uisge dhóibh, agus do nigheadur a ccossa; agus tug bíadh da nassaluibh. 25Agus do rinneadur na tiodhlaicthe réidh a ccoinne Ioseph do théachd san mheadhon laói: óir do chúaladur go níosaidís arán ann sin. 26Agus a nuáir tháinig Ióseph dha thigh, tugadur chuige na tiodhlaicthe do bhí ann a láimh don tigh, agus do ohláonadur íad féin go talamh dhó. 27Agus do fhíafruigh sé dhíobh an rabhas go maith aca, agus a dubhairt sé, An bhfuil bhur nathair go maith? an seanduine air ar labhrabhair, an bhfuil sé béo fós? 28Agus do fhreagradarsan, Atá do sheirbhíseach ar nathairne a slainte mhaith, atá sé beó fós. Agus do chromadar síos a ccinn, agus do rinneadur nmhla. 29Agus do thóg seision a shúile, agus do chonnairc a dhearbhrathair Beniamin mac a mhathar, agus a dubhairt, A né so bhur ndearbhrathair as óige, air ar labhrabhair rium? Agus a dubhairt sé, Go raibh Día grásamhuil duit, a mhic. 30Agus do rinne Ióseph deithneas; óir do bhí a chroidhe ag lúth re na dhearbhrathair: agus do íarr áit a nguilfiodh; agus do chuáidh a steach dá sheómra, agus do ghuil ann sin. 31Agus do ionnuil a aghuidh, agus do chuáidh amach, agus do chonnuimh aír féin, agus a dubhairt, Cuír arán ann so. 32Agus do chuiredar ní rompa dhósan leis féin, agus dóibhsion leó féin, agus do na Hégiptibh, a duáigh na fhochair, leó féin: do chionn nar bhféidir do na Hégiptibh arán dithe leis na Heabhruighibh; óir is morghráin sin ag na Hégiptibh. 33Agus do shuigheadur as a choinne, an tí fá sine do réir a chéirt-beirthe, agus an té dob óige do reir a ógántachd: agus do bhí iongnadh ag na daoinibh ann a chéile. 34Agus do ghlac seision agus do chuir míasa bídh chuca ona bhord féin: gidheadh fá mó oircheasachd Bheniamin cuig uáire ná cuid áonduiné acasan. Agus doibheadar, agus do bhádur subhach aige.

Currently Selected:

Genesis 43: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in