YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 42

42
Caibidil XLII.
Teachd dhearbhraithre Ióseph don Egipt. 7 Le caíl eascaoin cheasdnuigh sé íad 24 Nochd arís a chaoin doíbh.
1A nuair do chonnairc Iácob go raibh arbhar sa Négipt, a dubhairt Iácob ré na chloinn: créud fa bhfuiltí ag féachuin ar a chéile? 2Agus a dubhairt seision, féuch, do chúala mé go bhfuil arbhar sa Négipt: éirgidh síos ann sin, agus ceannchaidh dhúinn; as sin ionnus go mairfeam, agús nach bhfugheam bás. 3Agus do chúadar deithneamhar dearbhráthar Ióseph síos do Négipt do cheannach arbha. 4Ach níór chuir Iácob Beniamin, dearbhráthair Jóseph, le na dhearbráithribh; óir a dubhairt sé, ar eagla go nimeochadh tubuiste air. 5Agus tangadur mic Israel do cheannach arbha a measc na ndaoine tháinic: óir dó bhí an ghorta a ttír Chánaain. 6Agus dob é Ióseph dob uachdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacadh ré daoinibh na tíre úile agus tangadar dearbhráithre Ióseph, agus do umhluighéadur íad féin sios dá lathair lé na naigthibh go talamh. 7Agus du chonnairc Ióseph a dhearbhráithre, agus do aithin íad, ach do chonnaimh é féin úatha, agus dó labhair go garbh ríu: agus a dubhairt ríu, cáit as a ttangabhairsi? Agus a dubhradarsan, as tir Chánaain, do cheannach bídh. 8Agus do aithin Ióseph a dhearbhráithre, agus nior aithnigheadursan eision. 9Agus do chuimhnigh Ióseph air a naisling do chonnairc sé na ttimchiollsán, agus do ráidh ríu, Is luchd bratha sibh tangabhair dféachuin éadaingneach na tíre. 10Agus a dubhradursan ris, Ní headh a thighearna, ach do cheannach bídh tangadar do sherbhísigh. 11Is clann éanathar sinn uile: is daóine fírinneacha sinn, ní luchd bratha do sherbhísigh. 12Agús a dubhairt seision riu, Ní headh, achd is dféachuin éadaingneach na tíre thangabhair. 13Agus a dubhradarsan, da dearbhrathair dheag atáid do sherbhisigh, mic éanduine amhain a ttír Chánaain; agus, féuch, atá an mac as óige a bhfochair ar nathár, agus áon nach bhfuil. 14Agus a dubhairt Ióseph ríu, Sé sin an ní do labhair mé ribh, da rádh, Is luchd bratha sibh. 15Is mar so dearbhochar sibh: dar anum Phárao ni reachtháoi amach as so, muna ttí bhur ndearbhrathair as óigé annso. 16Cuiridh duine aguibh ar siubhal, agus tugadh sé bhur ndearbhrathaír leis, agus coinneochthar sibhsi a bpríosún, nó go ndearbthar bhur mbríathra, an bhfuil fírinne ionnuibh: nó dar anum Phárao, go dearbhtha is luchd bratha sibh. 17Agus do chuir sé íad uile a bpríosún go ceann thrí lá. 18Agus a dubhairt Jóseph ríu an treas lá, Déanuigh mar so, agus mairidh: óir atá eagla Dé orum. 19Mas dáoine fírinneacha sibh, fágbhuidh áon da bhúr ndearbhráithribh a ttigh bhur bpriosúin: imhthighidhse, beiridh arbhar libh ar son gorta bhur ttighthe. 20Ach tuguidh bhur ndearbhrathair as óige chugamsa; mar sin fhíorfuighear bhur mbríathra, agus ní bhfuighthí bás. Agus do rinneadur amhluidh sin. 21Agus a dubhradur eatorra féin, Atámaoid go deimhin ciontach a ttaobh ar ndearbhrathar, do bhrigh go bhfacamar doilghios a anma a nuáir do ghuidh sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uime sin tháinig an mhairgse oruinn. 22Agus do fhreagair Reuben íad, dá radh, Nach ar labhair misi ribh, dá radh; Ná peacuighidh a naghaidh an leinimh; agus níor éisdeabhhair rium? ar a nadhbharsin, féuchuidh, mar an cceadna, atá a fhuil dá leanmhuin oruibh. 23Agus ní raibh a fhios aca gur thuig Ióseph íad; óir is lé fear edirmhínighthe da labhair sé ríu. 24Agus do iompoigh a chúl ríu, agus do ghuil sé; agus do fhill orra a ris, agus do bhí ag cómhrádh ríu, agus rug sé Símeon úatha, agus do cheanguil é as coinne a súl. 25Ann sin do aithin Ióseph a saic do lionadh, agus cuid airgid gach nduine aca do chur na shac féin, agus lónn do thabhairt dóibh chum na sligheadh: agus is marso do rinne sé ríu. 26Agus do ualuigheadur a nassail leis a narbhar, agus do imthigheadur as sin. 27Agus a nuáir do oscuil fear aca a shac do thabhairt próantair dá assal sa tigh ósda, do chonnairc sé a chuid airgid; óir féuch, do bhí sé a mbéul a tsaic. 28Agus a dubhairt sé re na dhearbhraithribh, Do haisigeadh mo chuid airgid; agus, féuch, atá sé ann mo shac: agus do laguidh sin a ccroidhthe, agus do bhí eagla orra, da rádh eaturra féin, Créad an ní si do rinne Día rinn? 29Agus tangadur go Iácob a nathair go tír Chánaain, agus do inniseadur dhó gach ní dá ttárla dhoibh; dá rádh, 30An té, is tighearna ar an tír, do labhair sé go garbh rinn, agus do ghlac sinn mar luchd bratha ar an dtír. 31Agus a dubhramairne ris, Is dáoine fírinneacha sinn; ní luchd bratha sinn: 32Atámáoid da dhéag, dhearbhrathair mic ar nathar; atá aon nach bhfuil, agus atá an mac is óige san ló a niugh a bhfochair ar nathar a ttí Chánaain. 33Agus an tóglach, tighearna na tíre, a dubhairt sé rinn. As mar so aitheónus mé gur dáoine fírinneacha sibh: fágbhuidh áon dá bhur ndearbhraithribh agamsa annso, agus beiridh beatha libh ar son gorta bhur tteaghlach, agus bithí ag imtheachd: 34Agus tugaidh bhur ndearbhráthair is óige chugamsa: annsin aitheónus mé nach luchd bratha sibh, ach gur dáoine fírineacha sibh: mar sin do bhéura mé bhur ndearbhrathair dhibh, agus do gheabhthaói ceannuigheachd ansa tír. 35Agus féuch tárla a nuáir do fholmhuigheadur a saic, go raibh ceanglachán airgid gach éanduine ann a shac féin: agus a núair do choncadar féin, agus a nathair na ceanglachain airgid, do bhi eagla orra. 36Agus a dubhairt Iacob a nathair ríu, Do bheanabhair mó chlann díom, ní bhfuil Ióseph ann, agus ni bhfuil Simeon, agus béurtháoi Beniamin uáim: ataid na neithesi uile am aghuidh. 37Agus dubhairt Reuben ré na athair, da rádh, Marbh mo dhías macsa, muna ttuga mé chugad é: tabhair am láimhsi é, agus do bhéura mé chugad a rís é. 38Agus a dubhairt seision, Ni racha mo mhacsa libh síos; óir déug a dhearbhrathair, agus do fágbhadh eision na áonar; mé bheanann tubuisde dhó sa tslighe ann a rachthaóisi, ann sín béurthaoi mo ghrúaglíathsa maille re dóbrón chum na huáighe.

Currently Selected:

Genesis 42: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in