Genesis 41
41
Caibidil XLI.
Aislingidh Pharao. 14 Ar na neidirmhíniughadh lé Ioseph. 38 Neach do dhearnadh na riaghlóir ar an Egipt.
1Agus tárla a gcionn dá bhlíadhan iomlán, go bhfaca Phárao aisling; agus, féuch, do bhí sé na sheasamh láimh ris a nabhainn. 2Agus, féuch, tháinic na diáigh as a nabhuinn seachd mbath sgíamhacha, agus íad ramhar a bhfeóil; agus do bhádur ag ingheilt ar mhóinfhéar. 3Agus, féuch, tháinic na ndiáigh as a nabhuinn seachd mbath eile, gránda agus trúagh a bhfeóil; agus do sheasadur a bfhochair na mbó eile, ar brúach na habhanna. 4Agus dúadar na bath gránda feóiltrúagha na seachd mbath bréaghdha reamhra. Agus ann sin do mhúsguil Phárao. 5Agus do choduil sé, agus do chonnairc sé aisling an dara huair: agus, féuch, tangadur seachd ndíasa arbha ar éanchoinnlín mhéath agus mhaith. 6Agus, féuch, tangadur seachd ndiásá tana cáola, ar na ccáochadh ón gháoith a nsoir, a níos na ndiáigh. 7Agus do shluigeadar na seachd ndíasa tana cáola na seachd ndíasa ramhra lána, agus do mhúsguil Phárao, agus, féuch, dob aisling é. 8Agus tárla air maidin go raibh a spiorad buaidheartha; agus do chuir fios, agus do ghoir ar dhráoithibh na Hégipte uile, agus ar a dhaóinibh críonna: agus do innis Phárao a aisling dhóibh; ach níor fríth áonduine do inneosadh a ccíall do Phárao. 9Ann sin do labhair an tárdbhuitléir ré Phárao, ag rádh, Cuimhnighim mo lochda a niugh: 10Do bhí Phárao feargach ré na sherbhíse chuibh, agus do chuir sé misi a bpríosún a ttigh chaiptín an ghárda, mé féin agus an tárdbháicéir: 11Agus do choncamair aisling a néunoidhche amháin, misi agus eision; do taidhbhreadh dá gach neach aguinn do réir eidirmhinighe a aislinge féin. 12Agus do bhí ionar bhfochair annsin óganach, Eabhruidheach, serbhíseach chaíptin an ghárda; agus do innisiomar dhó, agus do fhoillsigh cíall ar naislinghidh dhúinn, do gach áon aguinn do réir a aislinge deadarmhinighe se. 13Agus tárla, do réir mar do fhoillsigh sé dhúinn, gur mar sin do bhí: do fhill sé misi a rís chum moifige, agus do chroch sé eision. 14Ann sin do chuir Phárao fios, agus do ghoir ar Ióseph, agus tugadar léo é go deifreach amach as an bpríosún; agus do bhéarr seision é féin, agus do athruigh a chuluidh, agus táinic a steach go nuige Phárao. 15Agus a dubhairt Phárao re Ióseph, Do chonnairc mé aisling, agus ní bhfuil neach fhéadus a heidirmhíniughadh: agus do chúala me teachd ortsa, go ttuigeann tu aisling chum a heidirmhínighe. 16Agus do fhreagair Ióseph Phárao, dá rádh, Ní híonnamsa atá sin: do bhéura Día do Phárao freagra shíothchánta. 17Agus a dubhairt Phárao re Ióseph, Ann maisling, féuch, do sheas mé ar bhrúach na habhanna. 18Agus, féuch, tháinig a nsíos as a nabhuinn seachd mbath, ramhra feólmhara sgíamacha; agus do bhádur ag inghilt ar léana. 19Agus, féuch, tangadur seachd mbath eile amach na ndiáigh, trúagha gránna teircfheólach, a leithéid nach bhfaca mé ríamh ar feadh chríche na Hégipte ar olcas. 20Agus a dúadar na bath truágha ghránna súas na séáchd mbath ramhra sín. 21Agus a nuair a duadar súas íad, ní raibh a fhíos a ndúadar íad; ach do bhadur granna do ghnáth, mar do bhádar ó thús: ann sin do mhúsguil mé. 22Agus do chonnairc mé ann maisling, agus, féuch, tháinic as áonchoinnlín amhaín seachd ndíasa iomlán, agus maithe: 23Agus, féuch, tháinic súas na ndiáigh so, seachd ndíasa, críona, tana, agus ar na ccáochadh ón ngaoith a nsoir: 24Agus do shluigeadur na díasa tana na seachd ndíasa maithe; agus do innis mé so do na draóithibh; ach ní frith éunduine dfoillseochadh a mbrígh dhamh. 25Agus a dubhairt Ióseph re Phárao, Is ionann aisling Phárao: do fhoillsigh Día do Phárao an ni as mían leis do dhéunamh. 26Na seachd mbath maithe is seáchd mblíadhna iad; agus na seachd ndiasa maithe, is seachd mbliadhna íad; is ionann a naisling. 27Agus na seachd mbath tana gránna tháinic a nsíos na ndiáigh, seachd mblíadhna íad; agus na seachd ndíasa folmha, buáilte on ngáoith a nsoir, budh séachd mbliadhna gorta íad. 28As é so an ní dubhairt mé re Phárao: An ní is áil le Día do dhéanamh atá sé agá fhoillsiughadh do Pharao. 29Biódh a fhios agad go bhfuilid seachd mbliadhna mórthórrthacha ag teachd ar feadh chríche na Hégipte uile: 30Agus éiréochuid na ndiaigh sin seachd mbliadhna gorta; agus dearmadfuighear an fhairsinge uile a gcrich na Hegipte; agus millfidh an ghorta an talamh; 31Agus ní biá fios an líonmhuire sa tír, do bhrígh na gorta sin thig na dhiáigh; óir biáidh sé ro throm. 32Agus do chionn gur dúbluigheadh a naisling do Phárao fá dhó; is uime sin gur cinnteadh an chúis lé Diá, agus do bhéara a ccrich é go goirid. 33A nois uime sin, faghadh Phárao duine discréideach críonna, agus cuireadh é os cionn chríche na Hégipte. 34Déanadh Phárao mar so, agus orduigheadh sé oifigidh ós cionn na críche, agus tógbhadh an cúigeadh cuid do chrích na Hégipte, annsna seachd mbliadhnuibh tóirrtheacha. 35Agus cruinníghedís uile beatha na mbliadhan maith sin do thiocfas, agus cuiredís arbhar a dtaisge faói láimh Phárao, agus cumhduighedís beatha ann sna caithreachaibh. 36Agus biáidh an lónn sin na stór ag an talamh a noirchill sheachd mbliadhna gorta, noch bhias a ttalamh na Hégipte; ionnus nach aidmhillfidh an talamh tríd an ngórta sin. 37Agus do tháitin an ní sin ré Phárao: agus ré na sherbhíseachuibh uile. 38Agus a dubhairt Phárao re na mhuinntir, An féidir dhúinn duine ann a bhfuil spiórad Dé mar é so dfagháil? 39Agus a dubhairt Pharao ré Ióseph, Do chionn gur thaisbein Día so uile dhuitsi, ní bhfuil duine is discréidighe agus is críonna ná thú féin. 40Biáidh tú ós cionn mo thighe, agus is réir do bhréithre bhías riaghlúghadh mo dháoine uile: ann mo chatháoir ríogha amháin bhías mé ní is mó ná thú. 41Agus a dubhairt Pháraó ré Ióseph, Féuch, do chuir mé ós cionn críche na Hégipte uile thú. 42Agus do bheán Phárao a fháinne dá láimh, agus do chuir sé ar láimh Ióseph é, agus do chuir sé culaidh shíoda uime, agus do chuir slabhra óir fa na bhraghuid. 43Agus tug air dul air marcuigheachd san dara carbad do bhí áige: agus do fhúagradar roimhe, fillidh bhar nglún: agus do rinne sé úachdarán dhe ós cionn criche na Hégipte uile. 44Agus a dubhairt Phárao ré Ioseph, Is misi Phárao, agus gan tusa ní thoigeobhuidh éanduine a lámh na a chos súas a ttaalamh na Hégipte uile. 45Agus do ghoir Phárao mar ainm do Ióseph Saphnat-Phaaneah, agus tug sé mar mhnáoi dhó Asénat inghean Photipherah sagart On: agus do chuáidh Ióseph amach ar feadh chríche na Hégipte uile. 46Agus do bhí Ióseph triochad bliádhan dáois a nuáir do sheas se a lathair Phárao rígh na Hégipte: agus do chuáidh Ióseph amach as fiaghnuisi Phárao, agus do chuaidh ar feadh críche na Hégipte. 47Agus ann snaseachd mbliadhnuibh tóirrtheacha tug an talamh torádh úadh na dhornánuibh. 48Agus do chruinnigh seision súas beatha na seachd mbliadhan noch do bhí a ttalamh na Hégipte, agus do chuir an bbeatha a ttaisgidh ann sna caithreacuibh: toradh na bhfearann, do bhí gach éantáoibh fá gcuáirt gach éanchaithreach, do chuir sé a ttaisgidh innte féin é. 49Agus do chruinnigh Ióseph arbhar mar ghainimh na fairge, rómhórán, nó go ndeachuidh sé ó chomháireamh; óir níor bhféidir a áireamh. 50Agus rugadh dias mac do Ióseph suil thangadar blíadhna na gorta, noch rug Asénat ínghean Photiphera, sagart On, dó. 51Agus tug Ioseph Manasseh dainm ar an ccéidghin; óir do thug Día orúm, air sé, mo uile sháothar, agus tigh máthar uile do dhearmad. 52Agus tug sé Ephraim dainm ar an dara fear: óir do rinne Día síolmhar mé a ttalamh mo bhuaidhridh. 53Agus do críochnuighéadh na seachd mbliadhna tóirtheacha do bhí a ttalamh na Hégipte. 54Agus do thosuigheadar seachd mbliaghna na gorta teachd mar á dubhairt Ióseph; agus do bhí an ghorta ann gach uile thír; ach do bhí arán a ttalamh na Hégipte uile. 55Agus a nuáir do bhí gorta a gcrích na Hégipte, do éighmheadar na dáoine ar Phárao díarruigh aráin air: agus a dubhairt Phárao ris na Hégiptibh uile ímthighidh dionnsuighe Ióseph; déanuidh an ní a déara sé ribh. 56Agus do bhí an ghorta ar aghuidh na talmhan uile: agus do oscuil Ióseph tighthe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptibh: agus do fhás an ghorta go trom á gcrích na Hégipte. 57Agus táinig a nuile thír go Ióseph don Egipt do cheannach arbhar, do chionn go raibh an ghorta chomhthrom sin ann gách entír.
Currently Selected:
Genesis 41: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)