Genesis 40
40
Caibidil XL.
Aislinge dhías oifigeach Phárao eidirmhinighte le Ióseph. 14 Noch rinne íúl dá chomhfhuasgladh.
1Agus tárla a ndiáigh na neitheanso, gur chuir buitléir agus báicéir righ na Hégipte fearg ar a TTIGHEARNA righ na Hégipte. 2Agus do fearguidheadh Phárao a naghuidh deisi dá oifigeachuibh, a naghuidh an phriomhbhuitléir agus an phríomhbháicéir. 3Agus do chuir sé a láimh íad a ttigh Chaiptín an ghárda, don phriosúin, a náit a raibh Ióseph a láimh. 4Agus do chuír Caiptín an ghárda a gcúram ar Ióseph, agus do bhí ag foghnamh dhóibh, agus do bhádur seal a bpríusún, 5Agus do choncadur aráon aisling, gach áon aca a aisling féin a néanoidhche, gach neach aca do réir fhriotail a aislinge; buitleir agús báicér righ na Hégipte, noch do bhí ceanguilte san phríusún. 6Agus táinig Ióseph a steach chugtha ar maidin, agus do fhéuch orra, agus, féuch, do bhádar go dubhach. 7Agus do fhiafruigh sé doificeachuibh Phárao do bhí na fhochair a gcoimhéud tighe a thighearna, ag rádh, Créad fa bhfuiltísi comhdubhach sin aniugh. 8Agus a dubhradursan ris, Do choncamar aislinge, agus ní bhfuil fear a ccialluighe aguinn. Agus a dubhairt Jóseph riú, Nach ré Día bheanas ciallughadh? guidhim sibh, innisidh dhamhsa íad. 9Agus do innis an táirdbhuitléir a aisling do Ióseph, agus a dubhairt ris, Ann maislingse, feuch, do bhí fíneamhuin ar maghuidh; 10Agus annsa bhfíneamhuin do bhádur trí beangáin, agus (do bhí) amhail do bhiadh ag scinneadh amach, agus go raibh a bhláth ag teachd amach, agus go ttugadur a ttríopuill cáora apuighe uatha. 11Agus do bhí Cupán Phárao am láimhsi, agus do ghlac mé na grápuighe: agus dfáisg me a ccupán Phárao íad, agus tug mé an cupán a láimh Phárao. 12Agus a dubhairt Ióseph ris, A sé so a chíall sin: na trí beangáin is tri lá íad sin. 13Gidheadh fáoi chionn trí lá fós toigeóbhuidh Phárao do cheann súas, agus cuirfidh ad áit féin thú: agus so bhéura tú Cupán Phárao na láimh, do nós an chéd mhódha a nuáir do bhí tú ad bhuitléir aige. 14Ach cuimhnigh ormsa a nuáir beathar go maith agad, agus guidhim thú taisbéin cineal damh, agus cuimhnigh do Phárao, mé agus beir amach as a tighsi mé. 15Oir as dearbh gur ab é mo ghoid as crích na Neabhruidheach do rinneadh: ni dhearna mé éinní annso mar an gceadna as a ccuirfidis ann sa charcairsi mé. 16A nuáir do chonnuirc an tárdbháicéir gur mhaith brígh na haislinge, a dubhairt sé re Ioseph, Do bhí misi mar an gceadna am aisling, agus, féach, do bhí agam tri cléibhínigh bána ar mo chionn: 17Agus annsa chleibhin uachdarach do bhí a nuile shórt bídh bhácalta do Phárao; agus a dúadar na héunlaith iad dom chionn as na cléibhínibh. 18Agus do fhreagair Ióseph agus a dubhairt, Sé so a chíall sin: Na trí cleibhínigh, trí lá íad sin. 19Gidheadh fáoi chionn thrí lá fós toigeóbhuidn Phárao do cheann uáitsi, agus crochfuidh sé ar crann thú, agus iósuid na héunlaith thfeóil díot. 20Agus tárla an treas lá, noch ba lá beartha Phárao, go ndearna sé féusta dá sheirbhíseachuibh uile: agus gur thóg súas ceann a nárdbhuitleir agus a nardbháiceir ameasc a sherbhíseach. 21Agus do aisig sé an tárdbhuitléir chum a bhuitléireachda a ris: agus tug sé an Cupán a láimh Phárao: 22Ach do chroch sé an tárdbháicéir: mar do innis Ióseph dhóibh. 23Gidhéadh níor chuimhnigh an tárdbhuitléir air Ióseph, ach do dhearmuid se é.
Currently Selected:
Genesis 40: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)