YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 34

34
Caibidil XXXIV.
Dó Truailligheadh Dínah. 13 Caithfid mic Iácob le ceilg súd do dhíoghladh ar aitreoiridh Shéchem.
1Agus do chuáidh Dinah inghean Léah, noch rug sí do Iácob, amach dféachuin ingheana na tíre. 2Agus a nuáir do chonnairc Sechem mhac Hámor an Hibhiteach, prionnsa na críche í, do rug sé uirre, agus do luigh sé lé, agus do thruáilligh sé í. 3Agus do bhí a anam ceangailte do Dhínah inghean Iácob, agus do grádhuigh sé í, agus do labhair go cinealta ris an gcailín. 4Agus do labhair Sechem ré na athair Hámor, ag rádh, Fagh dhamhsa an cailínsi na mnaói. 5Agus do chualuidh Iácob gur thruailligh sé a inghean Dínah: a nois do bhádur a chlann san mhachaire ag a nairnéis: agus do thochd Iácob nó go ttáinic síad. 6Agus do chúáidh Hámor athair Shechem amach do chomhrádh ré Iácob. 7Agus tangadur mic Iácob ón mhach amuigh a nuáir do chualadur sin: agus do ghlac doilghios íad, agus do bhádur na fir ro fheargach, fa go ndéarna sé leimhe a naghaidh Israel tré luighe lé hinghin Iácob; ní nar dhlightheach do dheanamh. 8Agus do rinne Hámor comhrádh ríu, agus a dubhairt, Atá anam mo mhic Sechem lán dfonn hinghine: athchuinghim ort a tabhairt dó na mnaói. 9Agus déanuidhsi cleamhnuis rinne, agus tugaidh bhur ningheana dhúinn, agus glacuidh ar ningheana chuguibh. 10Agus áiteochtháoi nar bhfochair: agus biáidh an talamh ar bhar gcuinne: comhnuighidh agus malairtighidh ann, agus faghaidh sealbha dhíbh féin ann. 11Agus a dubhairt Sechem ré na hathair agus ré na dearbhráithribh, Faghuim grása an bhur radharc, agus gidh bé ní déartháoi riom do bhéar uáim é. 12Ni bhfuil dá mhéid crodh nó tiodhlaiceadh íarrfuidhe oram, nach ttiubhra me uáim do réir mar a déarthaoi riom: ach go ttugthaoi an cailín damh na mnaói. 13Agus do fhréagradur mic Iácob Sechem agus a athair Hámor go cealgach, ag radh, Do chionn gur thrúailligh sé a ndeirbhshiur Dínah: 14Agus a dubhradur ríu, Ní fhéadmáoidne an ní si a dhéanamh, ar nderbhshíur do thabhairt do neach nach bhfuil timchillghéarrtha; óir do budh masla dhúinn sin. 15Ach áontocham dhibh mar so: má bhithísi mar a támáoidne, gach énfhirionach aguibh do bheith timchillghéarrtha; 16Ann sin do bhéuram ar ningheana dháoibh, agus géubham bhur ningheana chuguinn, agus coimhneocham maille ribh, agus bíam ar néunphobal. 17Ach muna éistí rinn fa bheith timchillgheártha; ann sin béuram ar ninghean linn, agus imeocham romhuinn. 18Agus do thaitin a mbríathra le Hámor agus le Sechem, mac Hámor. 19Agus níor chuir an tóganach maill san ní do dhéunamh, do chionn go raibh dúil aige a ninghin Iácob; agus do budh ro onóruighe é ná tigh athar uile: 20Agus táinic Hámor agus Sechem a mhac go geata a ccaithreach, agus do labhradar re muinntir na caithreach, ag rádh, 21Atáid na dáoinesi síothchánta rinn; uimesin áitrighidís an talamh, agus déindís malairt ann; óir féachuidh, atá an fearann fairsiong go lór dhóibh; glacam a ningheana na mnáibh chuguinn, agus tugam ar ningheana na mnaibh dhóibhsion. 22Ach amhaín gurob mar so áontochuid na daoine linn, comhnuighe do dhéanamh ar bhfochair go mbemís ar néanphobal; gach áon fhirionnach aguinn do bheith timchillghéarrtha, mar a táidsion timchillghéarrthá. 23Nach budh linne a náirneís, a máoin, agus gach ainmhidhe da mbí aca? achd amháin tigiom léo, agus áitreochuid aguinn. 24Agus do áontuigh a ndeachuigh amach as geata a gcaithreach lé Hámor, agus lé Sechem: agus do tímchillghearradh gach éinfhear, an mhéid do chuáidh amách as geata a gcaithreach. 25Agus tárla an treas lá a núair do bhádur neimhneach, gur ghlacadar días mhac Iacob, Simeon agus Lébhi dearbhráithre Dhínah, gach áon aca a chloidheamh, agus tangadar ar an gcathruigh go dána, agus do mharbhadur na fir uile. 26Agus do mharbhadur Hámor, agus Sechem a mhac le fáobhar an chloidhimh, agus tugadar Dínah as tigh Shechem, agus do chúadur a mach. 27Tangadur clann Jácob ar a nár, agus do chreachadar an chathair, do chionn gur thruáilligheadur a ndeirbhshíur. 28Do thógbhadur a gcaóirigh, agus a ndaimh, agus a nassail, agus an mhéid do bhí sa ccathruigh, agus an mhéid do bhí ar an machaire léo, 29Agus a saidhbhrios uile agus a nóga uile, agus a mná rugadar léo a láimh, agus do airgeadur go léir a raibh annsa tigh. 30Agus a dubhairt Iácob ré Símeon, agus ré Lébhi, Do chuireabhair buáidhreadh orum, mo dhéanamh bréun a measg aitreabhadh na tíre, a measg na Ccanaaniteach, agus a measc na Bperisiteach: agus gan mé ach beagán a nuimhir, cruinneochuid íad féin uile am aghuidh, agus muirfid mé; agus sgriosfuigher mé féin agus mo thigh. 31Agus a dubhradur san, Nar chóir dhósan a dhéanamh ré ar ndeirbhshiairne mar do dhéanadh sé ré meirdrigh?

Currently Selected:

Genesis 34: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in