Genesis 35
35
Caibidil XXXV.
Táinic Jacob go Betel. 16 Fuair Ráchel bás ar an tslighe re breith Bheniamin. 28 Deúg agus dadhlaiceadh Isaac.
1Agus a dubhairt Día ré Iácob, Eirigh, imthigh súas go Bétel agus comhnuigh ann sin: agus déun altóir ann do Dhía noch do fhoillsigh é féin duit a nuáir do theith tú ó lathair do dhearbhrathar Esau. 2Ann sin a dubhairt Iacob ré na mhuinntir, agus ré a raibh na fhochair uile, Cuiridh uáibh na deé coimhightheacha atá eadruibh, agus bíghí glan, agus athruighidh bhur néudnighe: 3Agus éirgheam agus teannum súas go Bétel, agus do dhéana misi altóir ann do Dhía, noch do fhreagair mé a nam mo chrúadhóige, agus do bhi liom ann gach slighe ar ghabhus. 4Agus tugadur do Iácob a raibh do dhéeibh coimhightheacha ann a lámhuibh, agus a raibh dfainnibh-cluas na gcluasuibh; agus do fholuigh Iácob íad faói an daruigh noch do bhí laimh ré Sechem. 5Agus do ghluáiseadur; agus do bhí eagla Dé ar na caithreachuibh do bhí gacha táobh dhiobh, agus níor leanadar síad clann Iácob. 6Mar sin thainíc Iácob go Lus, noch atá a ttír Chánaan, eadhon Bétel, é féin agus a raibh aige uile. 7Agus do rinne altóir ann, agus do ghoir El-Bétel do náit: do chionn gurob ann do thaisbéin Día é féin dó, a nuair do theith sé ó lathair a dhearbhrathar. 8Ach fuáir Debora banaltra Rebecah bás, agus do hadhlaiceadh í táobh shíos do Bhétel faói dharuigh: agus do goireadh Allonbachut dainm dhe. 9Agus do thaisbéin Día a rís é féin do Iácob, a nuáir tháinic sé amach as Páda-Aram, agus do bheannuigh sé é. 10Agus a dubhairt Día ris, Iácob as ainm dhuitsi; ni goirfighear feasda Iácob dhíot, ach Israel bhus ainm dhuit: agus do ghoir sé Israel dainm dhe. 11Agus a dubhairt Día ris, Is misi Día uile chumhachdach: bí siolmhar agus foírlíon; tiocfuidh cineadh agus morán do chinidheachuibh uáid, agus tiocfaid ríghthe amach ód fhordhronnuibh; 12Agus an dúthaidh tug misi do Abraham, agus do Isaac, do bhéura mé dhuitsi í, agus dot shíol ad dhiáigh do bhéura mé an dúthaigh sin. 13Agus do chuáidh Día úadh súas sa náit a raibh ag caint ris. 14Agus do tóg Iácob piléir sa náit a raibh ag caint ris, eadhon pileir cloiche, agus do dhóirt ofrail dighe air, agus do dhóirt ola air. 15Agus tug Iácob Bétel dainm ar a náit a raibh Día ag caint ris. 16Agus do aistrigheadur ó Bhétel; agus ní raibh ach slighe ghearr ag teachd go Hephrat: agus do ghabh teinnios cloinne Ráchel, agus fuáir sí saothar docamhlach. 17Agus tárla a nuair do bhí sí ann a sáothar éigeantach, go ndubhairt an bhean chunganta ría, Ná bíodh eagla ort; biáidh an macsa agad mar an gcéadná. 18Agus tárla, a nuáir do bhí a hanam ag dul aiste, (óir fuáir sí bás) gur goir sí Benoni dainm dhe: ach tug a athair Beniamin dainm air. 19Agus fuáir Ráchel bás, agus do hadhluicedh í ar a tslighe a ngabhthaoi go Héphrat, noch re raidhtior Bétlehem. 20Agus do chuir Iácob Piléir ar a huáighe: sé sin Piléir uáighe Ráchel gus a niugh. 21Agus do aistrigh Israel, agus do leathnuigh a phubuil táobh thall do thor Edar. 22Agus tárla, a nuáir do bhí Israel ná chomhnuighe sa duthaigh sin, go ndeachuidh Reuben, agus gur luigh re Bilhah leannán athar: agus do chúaluidh Israel sin. A nois clann Iácob bá dhá fhear dhéag iad. 23Mic Léah Reuben céidghin Iácob, Símeon, agus Lébhi, agus Iúdah agus Issachar, agus Sebulun. 24Mic Ráchel; Ióseph, agus Beniamin. 25Mic Bhilhah, cumhal Ráchel; Dan agus Naphtali. 26Agus mic Silpah, cumhal Léah; Gad agus Assur. Asíad so mic Iácob, noch do rugadh dhó a Bpádan-Aram. 27Agus táinic Iácob go nuige a athair Isaac go Mamre go cathruigh Arbah, (eadhon Hébron) áit ar chomhnuidh Abraham agus Isaac. 28Agus dob íad láethe Isaac céud agus ceithre fichid blíadhan. 29Agus do thiomun Isáac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do cruinnigheadh chum a dhaóine é, ar mbeith foirfe lán dáois dó: agus do adhlaiceadur a chlann Esau agus Iácob é.
Currently Selected:
Genesis 35: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)